English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, an Chomh-Aireacht ar an eolas maidir le sonraí an Phlean Gníomhaíochta um Tháirgiúlacht agus Coigilteas do 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2025

Thug an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, meamram don Rialtas inniu, ina leagtar amach sonraí an Phlean Gníomhaíochta um Tháirgiúlacht agus Coigilteas do 2025.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta clár uaillmhianach, réalaíoch de spriocanna atá dírithe ar tháirgiúlacht a fheabhsú i seachadadh cúram sláinte, leibhéal den riosca airgeadais atá roimh an tseirbhís sláinte a íoslaghdú, chomh maith le réimsí tábhachtacha a shainaithint inar féidir coigilteas a dhéanamh i mbliana.

Maidir le 2025, leagtar amach i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS sprioc de €382 milliún breise i gcoigilteas, agus meastar go mbeidh coigilteas carnach iomlán de €633 milliún faoi dheireadh 2025. Beidh an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis ag díriú ar an méid coigiltis sin a bhaint amach, agus beidh an dul chun cinn, curtha i gcomparáid le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta seo, tuairiscithe don Aire Sláinte, agus trí nuashonruithe foilsithe i rith na bliana.

Ag labhairt di i ndiaidh na Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Tá dul chun cinn déanta le bliain anuas, agus tá coigilteas €251 milliún bainte amach ag FSS in 2024. Trí réimsí inar féidir coigilteas a dhéanamh a aimsiú, cinnteoidh sé gur féidir linn tacaíocht níos fearr a thabhairt dár bhfoireann túslíne agus do ghairmithe cúraim sláinte, rud a chinnteoidh torthaí níos fearr dár n-othair.

"Is é an sprioc atá againn ná seirbhís sláinte a chruthú atá, ní hamháin dírithe ar an othar, ach atá éifeachtach ó thaobh airgeadais de chun todhchaí níos sláintiúla a chinntiú do chách."

Bunaíodh an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis i mí Eanáir 2024, le Bernard Gloster, Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, ina gcomhchathaoirligh ar Chlár chun coigilteas agus feabhsuithe táirgiúlachta a chur chun cinn ar fud FSS.

Tá roinnt réimsí sonracha á moladh ag an Tascfhórsa le díriú orthu sa Phlean Gníomhaíochta 2025, bunaithe ar cheithre théama, mar atá sonraithe thíos:

  • Bearta Coigiltis agus Athchóiriú Airgeadais
  • Bearta Táirgiúlachta de Leibhéal Seirbhíse
  • Feabhsuithe don bhFórsa Saothair
  • Cúram Fíorúil agus Athchóirithe TFC

Díreoidh an Tascfhórsa freisin ar bhearta táirgiúlachta a chur chun cinn atá dírithe ar acmhainn a mhéadú agus cóir leighis a chur ar thuilleadh othar, go háirithe trí úsáid an Chonartha Comhairleach Poiblí Amháin a uasmhéadú agus feabhsuithe a thabhairt isteach ar uainchlárú agus méaduithe ar úsáid obrádlainne, chun gníomhaíocht um thráthnóna agus thar an deireadh seachtaine a mhéadú agus tuilleadh seirbhísí sláinte a sholáthar thar 7 lá.

I mí an Mhárta 2024, d'fhoilsigh an Tascfhórsa a chéad Phlean Gníomhaíochta, ina leagtar amach spriocanna tosaigh i réimsí tosaíochta. In 2024, chuir FSS coigilteas ar fáil nó laghdaigh sé caiteachas ar luach €251 milliún, a chuimsigh na nithe seo a leanas:

  • coigilteas maidir le cógais ar luach €54 milliún
  • coigilteas sainchomhairleoireachta bainistíochta de €34 milliún; agus
  • laghduithe eile ar chostais pá agus neamhphá ar fud an chórais de €163 milliún

Mar a tharla le blianta roimhe seo, beidh an Plean Gníomhaíochta ina dhoiciméad "beo", agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin na Roinne, agus cuirfear nuashonruithe ar bhearta breise leis le linn 2025.