Cuireann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí fáilte roimh fhoisliú sonraí cóireáil alcóil
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton, fáilte inniu roimh fhoilsiú sonraí an Chórais Thuairiscithe Náisiúnta ar Chóireáil Drugaí (CTNCD) ar Chóireáil Alcóil le haghaidh 2022.
Léiríonn an taighde, déanta ag an mBord Taighde Sláinte, gur tugadh cóireáil do 7,421 cás de chóireáil fadhb alcóil in 2022, agus b'ionann cásanna nua agus 44.2% den iomlán.
Léiríonn sé freisin méadú ar líon na gcásanna a thuairiscigh fadhb úsáide drugaí eile chomh maith le halcól, méadú ó 1,628 in 2021 go 1,796 in 2022. Sháraigh cócaon cannabas mar an druga breise is coitianta a tuairiscíodh.
Agus í ag cur fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Naughton:
"Léiríonn taighde ón CTNCD an tábhacht leanúnach a bhaineann le freagairt atá dírithe ar shláinte an phobail ar úsáid díobhálach alcóil agus ar mhí-úsáid substaintí.
“Tá na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid díobhálach alcóil agus úsáid drugaí go forleathan, rud a dhéanann damáiste gearrthéarmach agus fadtéarmach do theaghlaigh agus do phobail.
"Tá cúiseanna na faidhbe seo ilghnéitheach agus níl aon réiteach amháin ann, agus is é sin an fáth go bhfuil an Roinn seo ag infheistiú i seirbhísí comhtháite agus ag cur níos mó tacaíochtaí pobalbhunaithe ar fáil dóibh siúd atá buailte go díreach agus go hindíreach."
Léiríonn feasachán an CTNCD gurb é 42 bliain an aois airmheánach ag a ndeachaigh cásanna isteach ar chóireáil. Níor bhain ag 1% de na cásanna ar fad le daoine 17 bliain d'aois nó níos óige, laghdú 1.6% ó 2016. I measc tuismitheoirí le páistí 17 bliain d'aois nó níos óige, bhí ar a laghad páiste amháin ina gcónaí le hos cionn leath dóibh (51%) ag an am iontrála cóireála.
Cuireadh cóireáil ar fhormhór na gcásanna (60.2%) in áiseanna othar seachtrach, agus mhéadaigh líon na gcásanna othar seachtrach ó 4,183 in 2021 go 4,469 in 2022.
Lean an tAire Naughton ar aghaidh:
“Is le himní mór a thugaim faoi deara gur tuismitheoirí iad an-chuid de na daoine a bhí ag lorg cóireála d’úsáid alcóil in 2022, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh seirbhísí alcóil acmhainní pobalbhunaithe ar fáil chun téarnamh a chur chun cinn agus chun folláine a fheabhsú.
“Ar an ábhar seo, tá méadú ag teacht i gcónaí ar mhaoiniú chun freastal ar an riachtanas seo, le €4 milliún curtha ar fáil in 2023 chun seirbhísí andúile pobail agus cónaithe a mhéadú, i measc tionscnamh eile.
“Faoi Chlár Pobail Sláintiúla Slaintecare, tá Seirbhísí Alcóil comhtháite nua á gcur i bhfeidhm i suíomhanna pobail agus táim muiníneach go bhfeicfimid go tapa na buntáistí a bhaineann leis na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo.”
Tá dhá sheirbhís alcóil chomhtháite nua á mbunú faoi láthair in Eagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail 3 (An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann) agus 4 (Ciarraí agus Corcaigh).
Sna réimsí seo, cuirfidh foireann phobalbhunaithe idirghabhálacha comhairleoireachta agus síocoideachais ar fáil do dhaoine fásta a bhfuil fadhb úsáide alcóil acu, cuirfidh siad tacaíocht teaghlaigh ar fáil, agus forbróidh siad conairí comhtháite cóireála alcóil. Tá athbhreithniú fianaise coimisiúnaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar idirghabhálacha éifeachtacha agus tá sé á stiúradh ag an Ollamh Catherine Comiskey i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Áirítear leis an maoiniú a leithdháiltear in 2023 €750,000 chun tionchar drugaí agus alcóil ar leanaí, teaghlaigh agus pobail a mhaolú, €900,000 chun inbhuanaitheacht a chinntiú agus chun cumas seirbhísí cóireála cónaithe a mhéadú, €850,000 chun bealaí cúraim chomhtháite a fhorbairt d'úsáideoirí ardriosca drugaí agus alcól, lena n-áirítear seirbhísí inscne-shonracha agus €1m chun monatóireacht a neartú ar threochtaí drugaí atá ag teacht chun cinn agus chun seirbhísí pobalbhunaithe a fhorbairt.
Má tá imní ar aon duine faoina n-úsáid drugaí agus alcóil féin, nó úsáid duine muinteartha nó cara leo, ba cheart duit tacaíocht a fháil ó do dhochtúir ginearálta, seirbhísí áitiúla nó dul i dteagmháil leis an líne cabhradh d'alcól agus drugaí ar 1800 459 459 chun tacaíocht, eolas agus treoir a fháil. Is féidir breis eolais a fháil ag drugs.ie agus askaboutalcohol.ie.
Nótaí
Is é an CTNCD an córas faireachais náisiúnta a thaifeadann agus a thuairiscíonn ar chásanna cóireála drugaí agus alcóil in Éirinn. Léiríonn tuarascáil an Bhoird Taighde Sláinte sonraí NDTRS ar úsáid achrannach alcóil cóireáilte don bhliain 2022.
An tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018
Is é aidhm An tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 ná aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha an óil ar shláinte an phobail. Tá sraith beart ann atá deartha chun tomhaltas alcóil a laghdú agus an damáiste do shláinte, sochaí agus geilleagar an náisiúin a theorannú.
Is iad na príomhspriocanna polasaithe atá ag an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 ná:
- úsáid alcóil a laghdú go 9.1 lítear alcóil an duine in aghaidh na bliana.
- moill a chur ar cathain a thosaíonn páistí agus daoine óga ag ól alcóil.
- laghdú a dhéanamh ar na dochair a dhéanann mí-úsáid alcóil.
- soláthar agus praghas alcóil a rialáil agus a rialú chun an fhéidearthacht agus an mhinicíocht díobhála a bhaineann le halcól a íoslaghdú.
I measc na mbeart atá curtha i bhfeidhm go dtí seo tá deighilt struchtúrach, urraíocht spóirt a rialáil, srianta ar ghníomhaíochtaí cur chun cinn áirithe agus íosphraghsáil aonaid.
Le déanaí, síníodh rialacháin i mí na Bealtaine chun lipéadú cuimsitheach sláinte a thabhairt isteach ar tháirgí alcóil a dhíoltar in Éirinn. Forálann an dlí go gcuirfidh lipéid ar tháirgí alcóil méid calraí agus graim alcóil atá sa táirge in iúil. Tabharfaidh siad radhadh ar an mbaol a bhaineann le halcól a ól agus duine ag iompar clainne agus tabharfaidh siad rabhadh chomh maith ar bhaol galair ae agus ailsí marfacha a bhaineann le halcól a ól. Díreoidh na lipéid an tomhaltóir chuig suíomh Gréasáin FSS, www.askaboutalcohol.ie, le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá tréimhse tosaigh trí bliana mar chuid den dlí chun am suntasach a thabhairt do ghnóthaí ullmhú don athrú. Beidh an dlí seo i bhfeidhm ó 22 Bealtaine 2026.
Clár Alcól an FSS
Tá sé mar aidhm ag Clár Alcóil FSS Éire níos sláintiúla agus níos sábháilte a bhaint amach trí oibriú chun úsáid alcóil daoine aonair, úsáid alcóil an daonra agus neamhionannais sláinte a laghdú, agus leanaí, teaghlaigh agus pobail a chosaint ó ndochar a bhaineann le halcól. Is gné suntasach den chlár é an suíomh Gréasáin agus an feachtas Ask About Alcohol agus cuireann sé faisnéis fhíorasach ar fáil do dhaoine faoi na buntáistí a bhaineann le laghdú a dhéanamh ar ól alcóil dá sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.