Cuireann an tAire Sláinte riocht nua leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe
- Foilsithe: 26 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2023
Tá ceist curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun Seargadh Matánach Dromlaigh (SMD) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe. Is mar thoradh ar mholadh ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) atá sé seo ar siúl.
Cuireann an FSS an Clár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe (NBS) i bhfeidhm agus díríonn sé ar an aithint luath de riochtanna sláinte dáiríre i leanaí chomh maith le hidirghabhálacha oiriúnacha chun mortlaíocht agus/nó galracht a laghdú.
Nuair a chuirtear é i bhfeidhm, déanfaimid scagthástáil chun SMD a lorg mar chuid den tástáil ar a ghlaotar an 'tástáil sáilphrioctha' in Éirinn.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tosaíocht atá ann fós dom féin agus don rialtas gan amhras, scagthástáil na naíonán nuabheirthe a leathnú. Tá áthas orm an moladh faighte ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a cheadú chun Seargadh Matánach Dromlaigh a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe (NBS).
"Mar Aire, tuigim an tionchar atá ag na riochtanna neamhchoitianta ach tromchúiseacha seo ar leanaí agus ar a dteaghlaigh. Is céim amháin í scagthástáil atá in ann feabhas a chur ar na torthaí do leanaí agus is dá bhrí sin atáim tar éis tacaíocht leanúnach a thabhairt do leathnú an Chláir Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe ón am gur ceapadh mé.
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le baill an Choiste as machnamh a dhéanamh ar an bhfianaise a léiríodh i Measúnú Teicneolaíochta Sláinte cuimsitheach, déanta ag ÚCES. Mar chuid den mhachnamh seo, déileáladh go cothrom le réimse factóirí casta chun moladh a bhaint amach.
"Táim tar éis scríobh chuig an FSS, ag iarraidh go gcuirfidh siad tús le pleanáil a dhéanamh maidir le tús a chur le SMD a bheith mar chuid den chlár NBS. Chun é a dheimhniú go bhfuil an scagthástáil do SMD, nuair a chuirtear tús leis, buntacaithe le córais agus struchtúir a bhaineann le dearbhú cáilíochta, beidh gá le céimeanna tábhachtacha a thógáil a thógfaidh roinnt ama.
"Táim ag súil le dul chun cinn a bheith ann agus le tús a fheiceáil de SMD mar chuid den chlár NBS i 2024."
Is neamhord néaramhatánach é SMD atá neamhchoitianta ach tromchúiseach agus is féidir é a roinnt ina chúig fhochineál inaitheanta bunaithe ar an aois tipiciúil den ghalar ina thús, déine cliniciúil agus garspriocanna luaileacha bainte amach. Gan cóir leighis, bíonn réimse leathan déine ann i measc na bhfochineálacha SMD, ó ghalar atá marfach nó a bhíonn mar chúis le míchumas tromchúiseach buan le linn óige an duine, go comharthaí le déine níos ísle a thagann chun cinn níos déanaí sa saol. Is mó seans go mbeidh cásanna de SMD trom ná éadrom, le breis is 50% rangaithe mar fochineál 1. Tá leitheadúlacht measta de SMD diagnóisithe in Éirinn íseal, ar an meán tagann níos lú ná seachtar leanbh ar an saol leis an riocht in aghaidh na bliana.
Is léir ó fhianaise idirnáisiúnta go mbíonn torthaí cliniciúla níos fearr ann do leanaí mar thoradh ar SMD a aithint níos luaithe agus cóir leighis a thabhairt dóibh. In éagmais scagthástála, de ghnáth aithnítear leanaí le fochineál SMD 1 agus 2 nuair nach mbaineann siad garspriocanna luaileacha amach (ag suí/ag siúl). Ach, ag an bpointe seo, tá dochar buan déanta do néarón luadrach na leanaí. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag an scagthástáil de leanaí chun SMD a aithint i dtaobh díobháil mar sin a mhaolú.
Nótaí d'Eagarthóirí
Cuireann Clár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe FSS scagthástáil ar fáil do gach leanbh nuabheirthe nuair a bhíonn siad idir 3 agus 5 lá d'aois. Faoi láthair, déantar tástáil le haghaidh naoi riocht sláinte neamhchoitianta ach tromchúiseach.
Oibreoidh oifigigh sa Roinn Sláinte le comhghleacaithe san FSS chun tús a chur le pleanáil maidir leis an gcur i bhfeidhm de SMD a chur sa Chlár NBS ar feadh 2024 ar fad. Tugtar faoi deara go bhfuil an próiseas seo casta agus tá gá le go leor ama chun na struchtúir agus na córais riachtanacha a chur ar bun.
Nuair a chuirtear SMD i bhfeidhm, tabharfaidh sé seo go haon déag líon na riochtaí a ndéantar scagthástáil dóibh in Éirinn.
Seolfaidh an NSAC a thríú Glao Bliantúil roimh dheireadh 2023, ag tabhairt cuireadh do bhaill an phobail agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh ar chláir scagthástála in Éirinn. Beidh tuilleadh faisnéise faoi conas togra a chur isteach ar fáil ar a láithreán gréasáin go luath.
Tá an NSAC ag lorg léirithe spéise do chúig ról saineolaithe ar an gCoiste sna réimsí Eipidéimeolaíocht, Eitic, Guth an Phobail, Eacnamaíocht Sláinte agus Obstatraic. Is féidir tuilleadh fáisnéise maidir le hiarratas a dhéanamh ar na róil seo a fháil ar Stateboards.ie ar an nasc seo a leanas.