English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte tús leis an dlí chun cosc a chur ar dhíol táirgí tobac agus tháirgí ionanálaithe nicitín trí fhéinseirbhís, ar Lá Domhanda Gan Tobac

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD tús inniu le hailt den Acht Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) 2023, a thugann isteach cosc ar tháirgí tobac agus tháirgí ionanálaithe nicitín, ar nós toitíní leictreonacha, a dhíol trí fhéinseirbhís.

Tiocfaidh an cosc seo i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2025, rud a thabharfaidh am do gach gnólacht lena mbaineann ullmhú don athrú. Is é an beart is déanaí i sraith beart atá deartha chun an daonra a chosaint ó na díobhálacha sláinte a bhaineann le tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín.

De réir an dlí reatha maidir le táirgí tobac a dhíol trí mheaisíní díola, is gá go n-úsáidtear dioscaí nó cártaí ón bhfoireann, chomh maith le maoirseacht ón bhfoireann freisin. Mar sin féin, léiríonn fianaise ón tSeirbhís Náisiúnta Sláinte Comhshaoil, an t-údarás forfheidhmithe don dlí um rialú tobac, go bhfuil meaisíní díola féinseirbhíse níos inrochtana go seasta do mhionaoisigh ná mar atá thar an gcuntar díolacháin.

Is moladh de chuid bheartas náisiúnta na hÉireann um rialú tobac, Tobacco Free Ireland, é cosc a chur ar dhíol táirgí tobac ó mheaisíní díola féinseirbhíse agus tá sé ag teacht le tiomantas Chlár an Rialtais chun srian a chur ar na cineálacha miondíoltóirí a dhíolann na táirgí sin.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ar lá Domhanda Gan Tobac, táim ag cur gnéithe breise dár straitéis fhoriomlán rialaithe tobac i bhfeidhm. Táimid ag leanúint orainn ag cur isteach ar dhíol táirgí tobac chun a chur iúl nach bhfuil táirge, a mharaíonn duine as gach beirt dá úsáideoirí, cosúil le táirgí tomhaltóra eile. Táimid ag cur cosc freisin ar dhíol táirgí ionanálaithe nicitín trí fhéinseirbhís chun infhaighteacht agus fógraíocht na dtáirgí seo a shrianú tuilleadh."

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke:

“Cuirim fáilte roimh na bearta breise seo mar chuid dár straitéis fhoriomlán chun Éire saor ó thobac a bhaint amach. Tá fianaise ann go mbaineann dlús na n-ionad díola a dhíolann táirgí tobac le rátaí arda de chaitheamh tobac i measc na n-óg agus is fachtóir riosca é do dhaoine a d'éirigh as caitheann tobac . Mar sin, is céim thábhachtach í an dlús sin a laghdú chun ár ndaoine óga a chosaint agus chun cabhrú leo siúd a rinne an cinneadh tábhachtach éirí as."


Nótaí:

Ina theannta sin, éilíonn Airteagal 13 de Chreat-Choinbhinsiún WHO um Rialú Tobac, a bhfuil Éire ina Páirtí ann, cosc cuimsitheach ar gach fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac. Soiléirítear sa treoir maidir le cur chun feidhme Airteagal 13 gur modh fógraíochta nó poiblíochta iad meaisíní díola.

Tá cosc curtha cheana féin ag dhá thrian de na Páirtithe i gCoinbhinsiún WHO ar dhíol táirgí tobac ó mheaisíní díola. Thug Albain, Sasana, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann an cosc isteach breis is 10 mbliana ó shin.

I mí an Mhárta 2024, chuir an tAire Donnelly tús le hailt bhreise den Acht Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín), 2023 a neartaíonn cosaint leanaí ó tháirgí tobac agus ó tháirgí ionanálaithe nicitín. Cuirfidh na forálacha seo cosc ar dhíol na dtáirgí seo ag imeachtaí do pháistí agus cuirfidh siad cosc ar fhógraíocht le haghaidh táirgí ionanálaithe nicitín gar do scannáin phictiúrlainne do leanaí, ar fheithiclí seirbhíse poiblí agus ag stadanna nó stáisiúin agus laistigh de 200 méadar ó scoileanna.