English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí fáilte roimh dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta drugaí sa bhliain 2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 14 Nollaig 2023

Tá béim leagtha ag an Aire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton TD, ar an dul chun cinn déanta maidir leis an bplean gníomhaíochta straitéiseach, Dochar a Laghdú, Tacú le Téarnamh, a chur i bhfeidhm don stráitéis náisiúnta drugaí.

Labhair sí fad is a bhí sí ag déanamh cathaoirleacht ar an gcruinniú deireanach don bhliain 2023 den Choiste Formhaoirseachta Náisiúnta a sholáthraíonn ceannasaíocht agus treoir maidir le cur i bhfeidhm na stráitéise.

San áireamh i mbuaicphointí 2023 tá:

  • Tús leis an samhail idirghníomhaireachta náisiúnta chun dul i ngleic le himeaglú agus gníomhú i leith foréigin bainteach le drugaí (DRIVE)
  • Tús leis an gclár náisiúnta um chosc agus oideachas drugaí
  • Soláthar méadaithe de sheirbhísí pobalbhunaithe ag baint le drugaí
  • Forleathnú ar an tástáil 'cúl an tí' ar dhrugaí ag féilte
  • Léarscáil idirghníomhach de sheirbhísí ag baint le drugaí i gceantair sláinte nua an FSS
  • Maoiniú náisiúnta chun feabhas a chur ar na seirbhísí ag baint le tacaíocht do theaghlaigh agus seirbhísí do leanaí buailte le húsáid drugaí agus alcóil a dtuismitheoirí
  • Forleathnú ar an gclár Tithíocht ar dTús chun tacú le téarnamh na ndaoine ón andúil agus ó easpa dídine

Dúirt an tAire Naughton:

"I mbliana tá dul chun cinn suntasach feicthe againn maidir leis an maoiniú agus an seachadadh de ghníomhaireachtaí tábhachtacha ceaptha chun an stráitéis náisiúnta drugaí a chur i bhfeidhm. Tá an obair seo cumasaithe trí na grúpaí um chur i bhfeidhm stráitéiseach agus a gcathaoirligh neamhspleácha, agus tá an obair tacaithe ag comhoibriú cuiditheach le páirtithe leasmhara faoi choimirce an Choiste Formhaoirseachta Náisiúnta.

"Tá na seirbhísí agus na tionscadail atá forbartha ag déanamh difríocht inbhraite do phobail, do theaghlaigh agus do dhaoine aonair atá buailte ag úsáid drúgaí. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil guth ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tascfhórsaí drugaí agus soláthróirí seirbhísí pobalbhunaithe maidir le beartas drugaí, agus go gcinntíonn baill éagsúil an CFN agus na grúpaí um chur i bhfeidhm stráitéiseach go gcloistear gach guth.

"Fad is atáimid ag feitheamh ar an tuarascáil deiridh ó Thionól na Saoránach maidir le húsáid drugaí, beidh an comhairle agus an tacaíocht ón gCFN thar a bheith tábhachtach chun na chéad chéimeanna eile ag baint le beartas drugaí a phleanáil agus a fhorbairt."


Nótaí

Bualann an Coiste Formhaoirseachta Náisiúnta ceithre uair in aghaidh na bliana chun ceannasaíocht agus treoir a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Drugaí.

Tá baill san áireamh ó earnáil reachtúla, pobail agus dheonach chomh maith le saineolas cliniciúil agus acadúil agus páirtithe leasmhara eile.

Bunaíodh na Grúpaí chur chun Feidhme Straitéiseacha (GCFSanna) i 2022 chun tacú le cur i bhfeidhm na 6 thosaíocht straitéiseacha nua a d’eascair as an athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Suíonn na grúpaí seo faoin gCoiste Formhaoirseachta Náisiúnta.

Neartaíonn na tosaíochtaí straitéiseacha an cur chuige sláinte-threoraithe, léiríonn siad gealltanais sa Chlár don Rialtas agus ailíníonn siad le straitéis agus plean gníomhaíochta an AE maidir le drugaí 2021-2025.

Maoiníonn an Roinn Sláinte an clár DRIVE (Imeaglú Bainteach le Drugaí agus um Ghníomhú i leith Foréigin), tionscnaíocht idirghníomhaireachta a thacaíonn le híospartacha d'imeaglú agus gníomhú i leith foréigin bainteach le drugaí agus a oibríonn chun inniúlacht na bpobal a mhéadú i dtaobh an dúshlán seo a shárú trí thraenáil, acmhainní agus treoir a thabhairt chuig sainseirbhísí tacaíochta.

Sa bhliain 2023, tá 45 tionscadal ag baint le handúil agus ionchuimsiú sóisialta tar éis a bheith san áireamh i maoiniú do sheirbhísí pobalbhunaithe do dhrugaí. Chomh maith leis sin, tá €240,000 faighte ag an FSS chun tacaíocht do theaghlaigh a sholáthar.

Sa bhliain 2023, soláthraíodh €1.5 milliún do chúig thionscnamh atá ann chun an cosc a neartú atá ar úsáid drugaí agus alcóil chomh maith leis na díobhálacha a ghabhann leo i measc leanaí agus daoine óga. Tá eolas sa bhreis ar fáil anseo

Faoi chlár Siamsaíocht Oíche Níos Sábháilte an FSS, rinneadh tástáil ar dhrugaí ar bhonn 'cúl an tí' ag ceithre fhéile i mbliana, le tástáil ar 220 substaint. Leathnófar an clár níos mó sa bhliain 2024.