Cuireann an Taoiseach agus an tAire Sláinte fáilte roimh sheoladh an Chiste Comhtháthaithe Sláintecare ar fiú €20m é, a úsáidfear chun samhlacha nua um chúram sláinte agus cúram sóisialta a fhorbairt
- Foilsithe: 22 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2021
Chuir an Taoiseach Leo Varadkar TD agus Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu (Dé hAoine) roimh sheoladh an Chiste Comhtháthaithe Sláintecare ar fiú €20m é agus thug siad cuireadh do sholáthraithe cúram sláinte agus cúraim shóisialta a gcuid smaointe a chur i láthair.
Taispeánfaidh na tionscadail rathúla soláthar seirbhíse go soiléir conas is féidir an cúram ceart a thairiscint do shaoránaigh san áit cheart ag an am ceart. Tairgfidh siad cineálacha nua cur chuige i leith tinneas a chosc, an t-ospidéal a sheachaint agus cúram a thabhairt sa phobal.
Úsáidfear an Ciste Comhtháthaithe chun tacú le tionscadail dea-chleachtais atá ann cheana agus atá nua araon a fhorbairt, ar tionscadail iad is féidir a leathnú ar bhonn náisiúnta agus:
• A chuireann chun cinn an ról atá ag saoránaigh in aire a thabhairt dá sláinte féin agus a chumhachtaíonn iad déanamh amhlaidh
• A leathnaíonn agus a chomhroinneann samplaí den dea-chleachtas agus próisis le haghaidh galar ainsealach a bhainistiú agus le haghaidh cúram a thabhairt do dhaoine scothaosta
• A spreagann nuálaíocht maidir le cúram a aistriú chuig an bpobal nó a sholáthraíonn bearta um sheachaint ospidéil
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar,
“Is é atá i Sláintecare ná an plean traspháirtí deich mbliana atá ar bun againn chun an tseirbhís sláinte a fheabhsú agus a nuachóiriú go suntasach.”
“Ní cheapaimid, áfach, gurb againne amháin atá na dea-smaointe uile agus ba mhaith linn cloisteáil go díreach ó sholáthraithe cúram sláinte agus cúraim shóisialta anois ar an dóigh ar féidir linn cúram a sholáthar ar bhealach níos fearr sa phobal.”
“Tríd an gCiste Comhtháthaithe €20m seo, is féidir linn dea-smaointe a chur i bhfeidhm agus an dea-chleachtas a chomhroinnt chun cabhrú le cúram a thabhairt do dhaoine níos gaire don bhaile agus chun iad a choinneáil as an ospidéal.”
Ag labhairt dó agus an ciste á sheoladh aige in Ionad Cúraim Phríomhúil Inse Chór, dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte:
“Déanfaidh an clár Sláintecare athchóiriú ar sheirbhís cúram sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann agus, dá bharr, cruthófar seirbhís fhreagrúil nua-aimseartha a thairgeann an cúram ceart san áit cheart ag an am ceart. Gné lárnach den obair sin is ea an sprioc atá againn an chuid is mó den chúram a aistriú ón timpeallacht géarmhíochaine chuig an bpobal ar mhaithe le cúram a thabhairt d’úsáideoirí seirbhíse níos gaire don bhaile.”
“Inniu, táimid ag iarraidh ar gach duine san earnáil cúram sláinte agus cúraim shóisialta i gcoitinne a gcuid smaointe a chur i láthair chun cabhrú leis an sprioc sin faoin gclár Sláintecare a bhaint amach. Má táimid chun aidhmeanna an chláir Sláintecare a bhaint amach, beidh sé riachtanach teacht ar bhealaí nua chun cúram a sholáthar agus tacú leis na bealaí sin agus iad a leathnú.”
“Tá an Ciste Comhtháthaithe ar lorg tionscnaimh a thacóidh ar bhealaí nuálacha le cúram comhtháite a sholáthar agus le cúram a aistriú chuig an bpobal agus, ar an mbealach sin, a chabhróidh le cuairteanna ar an ospidéal a laghdú agus a chosc. Tacóidh an méid sin linn an sprioc dheiridh atá againn a chomhlíonadh, is é sin, liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú.”
“Tá seoladh an Chiste Comhtháthaithe ina gharsprioc thábhachtach sa Phlean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 a bhaint amach, ar Plean é a d’fhoilsigh mé an tseachtain seo caite. Tá cistiú iomlán an Chiste Comhtháthaithe €20m le caitheamh sa bhliain 2019, an chéad bhliain iomlán de chur chun feidhme an chláir Sláintecare. Léiríonn sé sin a thiomanta atá an Rialtas dá chinntiú go mbeidh na hacmhainní agus na huirlisí i bhfeidhm chun fís Sláintecare a chomhlíonadh. Tá an ciste €20m seo i dteannta na ngealltanas cistiúcháin a tugadh mar chuid den phróiseas meastacháin don bhliain 2019 cheana féin ar mhaithe le tacú le Sláintecare a chur chun feidhme.”
Treoir d’Iarratasóirí
Tá an Ciste Comhtháthaithe Sláintecare ar lorg aighneachtaí atá dírithe ar chúram pobail agus ar chúram a chomhtháthú ar fud gach timpeallachta cúram sláinte agus cúraim shóisialta.
Is gá go mbeifear in ann na tionscadail a chuirfear isteach a chur chun feidhme sa bhliain 2019.
Cuirfear fáilte ar leith roimh thionscadail chomhchistithe a bheifear in ann a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta.
Is é Déardaoin an 18 Aibreán 2019 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Tá treoir maidir leis an bpróiseas iarratais ar fáil thíos.
Ní mór iarratais a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig PitchToSláintecare@health.gov.ie
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Maidir le Sláintecare
Is é atá sa chlár Sláintecare ná comhdhearcadh polaitiúil traspháirtí ar thodhchaí ár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Is rud uathúil i stair an Stáit é. Agus é bunaithe ar chomhdhearcadh, is clár deich mbliana é a bhfuil mar aidhm leis ár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta a bhunathrú. Thar an gcéad deich mbliana eile, déanfar na nithe seo a leanas mar chuid den chlár Sláintecare:
• Sláinte ár ndaonra a chur chun cinn ar mhaithe le tinneas a chosc
• An chuid is mó den chúram a thabhairt sa bhaile nó gar don bhaile
• Córas a chruthú ina dtugtar cúram ar bhonn riachtanais agus ní ar an gcumas chun íoc as
• Ár gcóras reatha, ina bhfuil amanna feithimh fada, a athrú ina chóras atá tráthúil – go háirithe dóibh sin a bhfuil an gá is mó acu leis
• Córas comhtháite cúraim a chruthú, áit a n-oibríonn gairmithe cúram sláinte go dlúth lena chéile
Faoin gClár do Rialtas Comhpháirtíochta, cuireadh Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí ar bun i mí an Mheithimh 2016 chun fís traspháirtí a chruthú dá bhfuil i ndán dár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Bhí an Coiste i mbun oibre ar feadh aon bhliana, beagnach, agus d’oibrigh sé le geallsealbhóirí ó gach cuid den chóras lena linn. D’fhoilsigh sé an Tuarascáil Sláintecare i mí na Bealtaine 2017 ansin.
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 na struchtúir bhainistíochta tionscadail agus an cur chuige rialachais a chuirfear i bhfeidhm do chur chun feidhme 10 mbliana Sláintecare agus na gníomhartha agus na garspriocanna don bhliain 2019. Tá an Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.