Cuireann Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit, fáilte roimh an gcinneadh ón mBord Pleanála cead pleanála a dheonú le haghaidh saoráid insteallta faoi mhaoirseacht a bhunú i gcathair Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 24 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, fáilte inniu roimh an gcinneadh ón mBord Pleanála cead pleanála a dheonú le haghaidh saoráid insteallta faoi mhaoirseacht a bhunú ar Ché na gCeannaithe, cathair Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Harris:
“Is dea-scéala é seo agus sábhálfar beathaí mar thoradh ar an gcinneadh. Aithnítear réaltacht na handúile i saoráid insteallta faoi mhaoirseacht. Aithnítear inti freisin gur tinneas í an andúil agus go dteastaíonn cabhair ó aon duine atá thíos leis an tinneas sin.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Merchants Quay as ceannaireacht a thaispeáint ina leith seo. Táim ag tnúth leis an tsaoráid seo a bheith ag dul ar aghaidh anois agus déanfaidh an Rialtas agus mise ár seacht ndícheall cabhrú leis an obair sin.
“Tá cuid mhór le déanamh againne mar thír chun dul i ngleic leis an bplá agus leis an bpian a ghabhann leis an andúil. Is céim thábhachtach chun tosaigh é seo.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá an cinneadh seo ina chéim thábhachtach i dtreo freagairt sláinte poiblí a fhorbairt don ardlíon básanna atá bainteach le drugaí a tharlaíonn i lár na cathrach. A bhuí leis an tsaoráid insteallta faoi mhaoirseacht, sábhálfar beathaí agus laghdófar instealladh ar na sráideanna agus bruscar atá bainteach le drugaí sa limistéar áitiúil. Tá an tsaoráid ar cheann de na gealltanais is tábhachtaí a rinneadh faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí, ar straitéis atá faoi stiúir ag an tsláinte í.
“Ba mhaith liom Merchants Quay Ireland a mholadh ar an togra le haghaidh saoráid insteallta faoi mhaoirseacht a chur ar aghaidh. Aithním an rannchuidiú a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freisin.
“Aithním gur gá go nglacfadh an pobal leis an tsaoráid agus go rachfaí i dteagmháil leis freisin ar mhaithe le hoibriú rathúil na saoráide insteallta faoi mhaoirseacht. I mo thuairim, is dóigh go rachaidh an tsaoráid chun tairbhe don phobal áitiúil toisc nach mbeidh an oiread céanna daoine ag instealladh drugaí in áiteanna poiblí agus nach bhfágfar an oiread céanna bruscair atá bainteach le drugaí ar na sráideanna.
“Tá sé ar intinn agam iarraidh ar FSS agus ar Merchants Quay Ireland dul i dteagmháil go gníomhach le daoine den phobal áitiúil chun aon ábhair imní atá acu faoi oibriú na saoráide insteallta faoi mhaoirseacht a mhaolú. Is gá dóibh breithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a leag an Bord Pleanála síos freisin.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis na geallsealbhóirí uile chun saoráid insteallta faoi mhaoirseacht a sholáthar, áit a sábhálfar beathaí agus a gcuirfear feabhas ar cháilíocht na beatha don phobal áitiúil.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Is é is saoráid insteallta faoi mhaoirseacht ann ná timpeallacht ghlan shábháilte cúram sláinte inar féidir le daoine drugaí, a fhaightear in áiteanna eile, a instealladh faoi mhaoirseacht gairmithe sláinte oilte. Is seirbhís chomhbhách atá dírithe ar an duine í, áit a laghdaítear an dochar a bhaineann le drugaí a instealladh agus a gcabhraítear le daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí cuí. Is féidir le saoráid insteallta faoi mhaoirseacht cabhrú le baill foirne seirbhísí sláinte dul i bhfeidhm ar dhaoine soghonta agus imeallaithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Ina lán cásanna, ní fhreastalaíonn daoine den sórt sin ar sheirbhísí sláinte atá ann cheana nó ní féidir leo freastal ar sheirbhísí sláinte atá ann cheana.
Is gnách go soláthraítear na nithe seo a leanas do dhaoine a úsáideann drugaí i saoráidí insteallta faoi mhaoirseacht: trealamh steiriúil insteallta; seirbhísí comhairleoireachta roimh an úsáid drugaí agus ina diaidh; freagairt éigeandála i gcás ródháileoige; agus cúram leighis príomhúil. Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá leis an tsaoráid insteallta faoi mhaoirseacht:
- laghdú a dhéanamh ar an líon básanna atá bainteach le ródháileog drugaí
- laghdú a dhéanamh ar an mbaol go scaipfí galair trí shnáthaidí comhroinnte
- laghdú a dhéanamh ar an mbaol don tsláinte phoiblí, amhail biorpholladh agus
- na daoine is soghonta agus is imeallaithe a úsáideann drugaí a nascadh le seirbhísí cóireála agus le seirbhísí eile sláinte agus sóisialta.
Is é atá sa ghnáthshaoráid ná limistéar fáiltithe, limistéar úsáide drugaí agus limistéar téarnaimh. I bhformhór na gcásanna, tá limistéar ann inar féidir le daoine tacaíocht a fháil ó sheirbhísí sláinte agus grúpaí tacaíochta ábhartha chun cabhrú leo feabhas a chur ar a gcúinsí sláinte agus sóisialta. Tá an taobh amuigh de shaoráid insteallta faoi mhaoirseacht cosúil leis an taobh amuigh d’aon áitreabh eile sláinte agus cúraim shóisialta.
Tá thart ar 90 ceann de na saoráidí sin ann ar fud an domhain anois, agus iad le fáil san Eoraip, i gCeanada agus san Astráil. Tá fianaise shuntasach ann ar na tairbhí a ghabhann leis na saoráidí do dhaoine a úsáideann drugaí agus don tsochaí i gcoitinne araon.
Is ar bhonn píolótach ar feadh tréimhse 18 mí a oibreofar an tsaoráid insteallta faoi mhaoirseacht atá le forbairt ag Merchants Quay Ireland. Tá sé beartaithe go bhfostóidh FSS gníomhaire neamhspleách chun meastóireacht sheachtrach a dhéanamh ar an tsaoráid tar éis tréimhse sé mhí agus tar éis tréimhse 18 mí. Beifear in ann measúnú a dhéanamh ansin ar an tionchar atá ag an tsaoráid ar an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear na bealaí a théann an tsaoráid chun tairbhe do dhaoine aonair a fhreastalaíonn uirthi agus don phobal áitiúil.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin tsaoráid insteallta faoi mhaoirseacht a fháil anseo:
CRÍOCH