English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cumasaíonn an tAire Sláinte teacht slán ar Mhol Taighde ar Shonraí COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 5 Márta 2021

Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, tionscnamh inniu chun teacht sábháilte agus slán ar shonraí faoi COVID-19 atá bailí ar mhaithe le cuspóirí taighde sláinte a éascú.

Tá Mol Taighde Sonraí á choimeád ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (an POS) ó Aibreán 2020 ar aghaidh. Go dtí seo, níor úsáid ach foghrúpa* den Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta na sonraí seo chun tabhairt faoi anailís staitistiúil ar shonraí cúraim sláinte.

Cuireadh próiseas iarratais i bhfeidhm anois, i gcomhar leis an POS agus an Bord Taighde Sláinte (BTS), lena chur ar chumas taighdeoirí cláraithe iarratas a dhéanamh ar theacht ar na sonraí ar chuspóirí taighde. Cuireadh sraith cosaintí i bhfeidhm chun príobháideachas othar a chosaint faoi rialacha diana agus trédhearcacha fad a bhímid ag cur lenár dtuiscint ar COVID-19 ar mhaithe le sláinte dhaoine, cúram othar anuas ar bheartas agus pleanáil cúraim sláinte. I ndiaidh próiseas dian faofa, ní bheidh teacht ag taighdeoirí rathúla ach ar shonraí óna mbainfear gach aitheantóir, cosúil le hainmneacha agus seoltaí.

Dúirt an tAire:

“Glacann taighde ar COVID-19 le ról bunriachtanach i ndul i ngleic leis an bpaindéim, limistéir a shainaithint le haghaidh idirghabháil spriocdhírithe agus pleanáil agus meastóireacht leanúnach ar riachtanais; anuas ar chinntí beartais phoiblí eile.

"Tá an mheicníocht atá i bhfeidhm againn leis an POS bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus cinnteoidh an BTS go mbíonn páirt lárnach ag príobháideachas agus rúndacht othar nuair a bhíonn ár gcur chuige i leith tacú le taighde bailí a dhéanamh ar na sonraí seo á bhainistiú. Príomhchuid de seo a bheidh i mBord Rialachais Sonraí Taighde a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais ar na sonraí a rochtain ar chuspóirí bailí taighde a bhaineann le COVID-19.”

Sampla den bhealach a d’fhéadfaí taighde ar na sonraí seo a úsáid i gcleachtas ná tuiscint níos fearr a chruthú ar an éagsúlacht sa bhaol a chruthaíonn COVID-19 do dhaoine a bhfuil bunghalair orthu chun bearta um chur chun cinn agus um chosaint na sláinte a shaincheapadh.

Cén cosaintí atá i bhfeidhm nuair a thagann taighdeoirí ar shonraí ar mhaithe le cuspóirí taighde?

  • Bhunaigh an tAire Bord Rialachais Taighde ar Shonraí (BRTS) nua a dhéanfaidh breithniú ar iarratais chun na sonraí a úsáid ar chuspóirí bailí taighde.
  • Ní féidir le taighdeoirí cláraithe, in Institiúidí cláraithe in Éirinn, iarratas a dhéanamh ar chuspóirí bailí taighde. Beidh teacht ag taighdeoirí faofa ar na sonraí ar feadh tréimhse theoranta lena gcomhaontaítear.
  • Ní mholfaidh an BRTS iarratais don POS ar theacht ar shonraí ach má cheadaigh Coiste Eitice Taighde agus an Coiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte iad.
  • I ndiaidh go bhfuarthas cead ón POS teacht ar shonraí, beidh taighdeoirí faoi réir prótacail agus cosaintí daingne a chuir an POS i bhfeidhm, ar aon dul lena Bheartas Bainistíochta Sonraí. Beidh ar an taighdeoir Dearbhú Rúndachta a shíniú agus ceapfar ansin iad ina nOifigigh Staitisticí ar mhaithe le cuspóir a dtionscadail taighde.

Leis na caighdeáin um chosaint sonraí is airde a chinntiú, chuir an POS Measúnacht Tionchair um Chosaint Sonraí chun críche sular cuireadh tús leis an tionscadal agus roinn sé é seo leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

Dúirt Paul Morrin, Stiúrthóir Cúnta Ginearálta, an POS:

“Is féidir le taighdeoirí faofa teacht anois ar na tacair shonraí i Mol Taighde ar Shonraí COVID-19 atá á óstáil ag an POS chun tacú le hanailís staitistiúil atá mar chuid de thionscadail bhailí taighde. Cuirfidh na tionscadail seo córacha leighis agus soláthar seirbhíse sláinte chun cinn, cuirfidh siad eolas ar fáil do bheartas agus pleanáil ar fud an Rialtais agus na sochaí i gcoitinne.

"Ceadófar taighdeoirí áirithe iarratas a dhéanamh ar theacht ar shonraí gan ainm ar leibhéal aonair a bhaineann le cásanna COVID-19, tástáil, eolas aonair maidir leo siúd ar cuireadh cóir leighis orthu san ospidéal don víreas agus iad siúd ar sainaithníodh gur teagmhálaí dlúth iad le cás deimhnithe. Cosnóidh an POS slándáil agus rúndacht na sonraí aonair ag gach tráth, faoi mar a cheanglaítear air a dhéanamh faoin Acht Staidrimh, 1993, agus comhlíonann an tionscnamh roinnte sonraí seo na rialacháin um príobháideachas sonraí go hiomlán.”

Dúirt an Dr Teresa Maguire, Stiúrthóir Taighde na Straitéise agus Cistithe Taighde ag an BTS:

“Tá sé bunriachtanach go mbíonn an pobal ar an eolas ar agus go dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann le sonraí faoi shláinte agus cúram sóisialta a úsáid agus a athúsáid ar mhaithe le cuspóirí taighde agus na tairbhí is féidir leis seo a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Príomhphrionsabal do gach comhpháirtí sa tionscnamh seo ba ea a chinntiú go bhfuil rud a dhéanaimid slán, trédhearcach agus go dtacaíonn sé le taighde ar mhaithe le leas an phobail.

"Baineann ríthábhacht leis seo i dtaobh COVID-19 a chomhrac i láthair na huaire, agus le sonraí agus cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise a bharrfheabhsú freisin, tríd is tríd, leis an mbealach a sholáthraítear cúram sláinte agus, go deimhin, an bealach a bhainistímid ár sláinte féin, a athrú ó bhonn.”

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir

  • Ní raibh teacht ar na sonraí seo roimhe seo ach ag baill ainmnithe de Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta (GCSE) an FÉSPN.

Cosaint sonraí

Ní bheidh teacht ag taighdeoirí ach ar shonraí gan ainm, a chiallaíonn go mbainfear gach aitheantóir díreach, cosúil le hainm, sonraí teagmhála, dáta breithe agus seoladh.

An Bord Rialachais Taighde ar Shonraí (an BRTS)

Comhlacht neamhspleách é an BRTS a chomhbhunaigh an BTS agus an POS, a oibríonn i ndlúthchomhar leis an Roinn Sláinte. Gníomhaíonn an BRTS mar phointe lárnach chun iarratais a fháil, a scagthástáil, a athbhreithniú agus beartú tosaíochta a dhéanamh ar gach iarraidh ar shonraí sula ndéanfar seirbhís an POS a rochtain.

Ballraíocht den BRTS

Baineann an bhallraíocht leas as réimse fairsing de shaineolas ar anailís ar shonraí tánaisteacha, taighde COVID-19, prótacail agus cosaintí agus rialachas reatha an POS, cosaintí agus dea-chleachtas don taighde. Is féidir níos mó a léamh faoi bhaill an ghrúpa anseo.