English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Meabhair-shláinte agus Daoine Scothaosta Lá Domhanda Alzheimer a chomóradh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2024

Tá Mí feasachta i leith ghalar Alzheimer ar siúl i mí Mheán Fómhair agus is é téama fheachtas na bliana seo ná,“ Tá sé in am againn gníomhú maidir le néaltrú, maidir le galar Alzheimer”. Deimhnítear 30 cás nua néaltraithe gach lá sa tír seo, agus tá an fhadhb sláinte seo ag 64,000 duine.

Dírítear san fheachtas domhanda bliantúil um feasacht a mhúscailt ar an meon atá ag daoine i leith an néaltraithe agus féachtar leis le dúshlán a thabhairt don stiogma agus don leithcheal atá fós ann maidir leis an bhfadhb sláinte seo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Mary Butler T.D., an tAire Stáit Meabhair-shláinte agus Daoine Scothaosta, duine atá ag troid le fada an lá ar son tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu:

“Aithníonn an Rialtas an tábhacht a bhaineann le tacú leis an líon méadaitheach daoine a bhfuil néaltrú orthu, agus lena dteaghlaigh. Agus sinn ag obair i gcomhar le FSS, Cumann Alzheimer na hÉireann agus eagraíochtaí eile, tá feabhas suntasach tagtha ar an gcúram agus ar na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil dóibh siúd a bhfuil néaltrú orthu agus dá dteaghlaigh. Ó bhí 2021 ann, tá maoiniú imfhálaithe nua de €17 milliún leithdháilte chun feabhas a chur ar dhiagnóisiú néaltraithe, ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí cúraim tar éis do dhuine diagnóis a fháil. Leis an infheistíocht i Múnla Cúraim FSS don Néaltrú a fuarthas, bhí muid ábalta seirbhísí nua chun néaltrú a dhiagnóisiú a oscailt le cúpla bliain anuas.

"Tá seirbhísí nua méadaithe ar fáil anois do dhaoine a bhfuil néaltrú ortu agus dá dteaghlaigh, lena n-áirítear 29 Comhairleoir Néaltraithe agus 25 Seomra Acmhainní Teicneolaíochta Cuimhne ar fud na tíre. Agus muid ag díriú ar thacaíochtaí pobail, tá 53 Ionad Lae a bhaineann go sonrach le Néaltrú agus go leor caiféanna néaltraithe i bhfeidhm ar fud na tíre anois. Dóibh siúd nach bhfuil in ann teacht ar thacaíochtaí lasmuigh den bhaile, bhí cúram lae sa bhaile fíor-thábhachtach agus rinneadh é a rolladh amach ar fud go leor pobal tuaithe. Tá buiséad de €2.1 milliún curtha ar fáil do na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo.

“Tá níos mó uaireanta tacaíochta baile á gcur ar fáil againn freisin ná a bhí riamh, breis is 22 milliún uair an chloig i mbliana, agus an sprioc de 18% uaireanta breise tacaíochta baile a gealladh do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu sáraithe againn i mbliana cheana féin.

"Tá tionscnamh nua ar bun i mbliana chun tacú leo siúd a bhfuil néaltrú a thosaíonn luath orthu agus lena dteaghlaigh. Soláthraíonn clubanna gníomhaíochta tacaíochtaí cuimsitheacha atá sainoiriúnaithe don teaghlach ar fad, agus tá siad ina gcabhair chun fáil réidh leis an stiogma a bhaineann le néaltrú.”

Thug an tAire Butler aitheantas freisin don obair a dhéantar chun pobail ionchuimsitheacha maidir le néaltrú a bhaint amach faoin bhfeachtas Comhthuiscint ar an Néaltrú, feachtas lena ndéantar pobail iomlána a spreagadh chun céimeanna beaga praiticiúla a ghlacadh chun comhbhá a chothú agus chun tacaíocht shóisialta ríthábhachtach a sholáthar do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus dá dteaghlaigh, agus rinneadh 1,200 laoch pobail a earcú cheana féin le bheith i gceannas ar ghníomhaíochtaí ina bpobail áitiúla.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire:

“Amárach, Dé Domhnaigh 22 Meán Fómhair, beidh Siúlóid Cuimhne Galar Alzheimer ar siúl ar fud na tíre. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don dea-chaidreamh oibre fíor-dearfach atá agam le Cumann Alzheimer na hÉireann, agus an oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí atá ar siúl ar fud na tíre.”


Nótaí:

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann Alzheimer na hÉireann ar a líne chabhrach náisiúnta ag 1800 341 341, agus ar a shuíomh gréasáin: alzheimer.ie

Tá raon acmhainní ar shuíomh Gréasáin FSS le haghaidh Seirbhísí Néaltraithe Náisiúnta: Understandtogether.iedo ghairmithe, do bhaill teaghlaigh agus do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, lena n-áirítear aimsitheoir seirbhísí néaltraithe i ngach contae.