Déanann an tAire Sláinte Ceiliúradh ar Sheachtain na Feasachta Domhanda ar Haemacrómatóis Ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Meitheamh
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Rinne an tAire Sláinte ceiliúradh inniu ar Sheachtain na Feasachta Domhanda ar Haemacrómatóis (ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Meitheamh).
Is neamhord ró-ualaithe iarainn oidhreachtúil é haemacrómatóis. Tagtar ar níos mó cásanna de haemacrómatóis oidhreachtúil in Éirinn ná in áit ar bith eile ar domhan agus tá duine as gach 83 duine Éireannach tograch don riocht.
Tá Cumann Haemacrómatóise na hÉireann ag oibriú lena chontrapháirteanna idirnáisiúnta chun feasacht a mhúscailt ar haemacrómatóis oidhreachtúil i rith Sheachtain Dhomhanda na Haemacrómatóise.
Is í an aidhm chun feasacht ar ró-ualú iarainn a neartú mar gheall go mbaintear torthaí sláinte níos fearr amach do dhaoine aonair má dhéantar diagnóis luath. Tá an chóireáil simplí agus éifeachtach agus is éard a bhaineann leis ná fuil a bhaint as duine ar diagnóisíodh go bhfuil an riocht air nó uirthi. Mar gheall go bhféadfaí a mheas go bhfuil na comharthaí, ar nós tuirse, dúlagair, agus péine sna hailt mar thoradh ar bhreoiteacht eile, is minic go leantar gan haemacrómatóis oidhreachtúil a bhrath. Is féidir le haemacrómatóis oidhreachtúil bheith mar chúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte, ciorróis, ailse ae, airtríteas agus diaibéiteas san áireamh.
Dúirt an tAire,
"Is é haemacrómatóis an galar oidhreachtúil is coitianta sa tír seo, ach is féidir cóireáil an-éifeachtach a chur air. I rith Sheachtain Dhomhanda na Haemacrómatóise, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cumann Haemacrómatóise na hÉireann as an obair a rinne siad chun feasacht a mhúscailt ar an neamhord. Spreagfainn daoine aonair atá thíos le comharthaí ar nós tuirse, dúlagair agus péine sna hailt chun machnamh a dhéanamh ar haemacrómatóis oidhreachtúil mar chúis fhéideartha leis na comharthaí. Baineann ríthábhacht leis an mbreoiteacht a bhrath go luath lena chinntiú go ndéantar bainistíocht agus cóireáil éifeachtach ar an riocht seo.”
Is féidir le daoine aonair a bhfuil haemacrómatóis oidhreachtúil orthu fuil a thabhairt ag gach clinic sheasta agus shoghluaiste deontóirí fola de chuid Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (SFAÉ) saor in aisce. Ba cheart do dheontóirí a bhfuil haemacrómatóis oidhreachtúil orthu coinne a dhéanamh le SFAÉ sula dtugann siad cuairt ar chlinic. Chun teacht ar eolas breise faoi cháilitheacht deontóra agus faoi ionaid chlinic ar fud na tíre, tabhair cuairt, le do thoil, ar an láithreán gréasáin www.giveblood.ie.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Riocht tromchúiseach é haemacrómatóis nó ró-ualú iarainn ina ndéantar an iomarca iarainn a ionsú agus a stóráil sa chorp.
Is féidir le haemacrómatóis bheith mar chúis le ciorróis ae, ailse ae, airtríteas agus diaibéiteas agus tuirse ghinearálta mura gcuirtear cóir leighis air.
Is iad na tástálacha tosaigh a dhéantar i dtaobh haemacrómatóise ná tástálacha simplí fola ar a dtugtar “staidéar iarainn” is féidir le do dhochtúir a ordú. Deimhnítear an diagnóis trí thástáil ghéiniteach a dhéanamh.
Tá an chóireáil simplí, sábháilte agus éifeachtach. Is éard a bhaineann leis an gcóireáil ná fuil a bhaint go rialta, ar a dtugtar féithligean. Is ionann an gnáthamh agus an gnáthamh faoina dtugann deontóirí fola.