English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Sláinte comóradh ar Lá Idirnáisiúnta an Titimis 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, comóradh inniu (Dé Luain an 8 Feabhra 2021) ar Lá Idirnáisiúnta an Titimis 2021 a dhíríonn ar fheasacht maidir le titimeas a chur chun cinn.

Dúirt an tAire:

“Ar Lá Idirnáisiúnta an Titimis, tugaimis aitheantas don obair atá déanta chun tacú leo siúd a bhfuil titimeas orthu in Éirinn. Tá ár gconair i dtreo tacaíochtaí cúraim phobail tábhachtach dóibh siúd a bhfuil titimeas orthu chun cabhrú leo a riocht a bhainistiú."

Tá conair tacaíochtaí cúraim phobail i bhfeidhm do dhaoine a bhfuil titimeas orthu in Éirinn. Tá an tionscadal atá i gcomhpháirtíocht le Titimeas Éireann ag tacú le daoine a bhfuil titimeas orthu féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht, ar an gcaoi sin an t-éileamh ar an gcóras géarchúraim a laghdú.

Cuireann an tionscadal, arna mhaoiniú trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare, seisiún oideachais domhain ar fáil d’othair go gairid tar éis dóibh diagnóis Titimis a fháil.

Mhol an tAire freisin an obair gan staonadh atá déanta ag Titimeas Éireann chun feasacht a mhúscailt agus oideachas a chur ar dhaoine maidir le taomanna do Lá Idirnáisiúnta an Titimis:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Titimeas Éireann as a ról feasacht maidir le titimeas a chruthú agus conas freagairt má bhuaileann taom duine. Ar Lá Idirnáisiúnta an Titimis, táim ag moladh do gach duine cúig nóiméad a chaitheamh ag féachaint ar [external-link www.epilepsy.ie | www.epilepsy.ie ] agus beagán a fhoghlaim faoi titimeas agus na céimeanna is féidir leat a ghlacadh chun tacú le duine má bhuaileann taom é."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Maidir leis an tionscadal:

Tá othair le diagnóis nua Titimis á n-atreorú chuig an idirghabháil go gairid tar éis a gcéad choinne chliniciúil. Freastalaíonn siad ar chomhsheisiún oideachais ar líne le Speisialtóir Altra Titimis (ENS) nó Ardchleachtóir san Altranas (ANP) agus Oifigeach Acmhainní Pobail ó Titimeas Éireann. Cuirtear seisiún domhain oideachais ar fáil dóibh a chuimsíonn raon ábhar a chuimsíonn diagnóis, cógais, spreagthóirí taomanna, stíl mhaireachtála, fostaíocht/oideachas, cuimhne, cognaíocht agus folláine.

Tugann an seisiún seo an t-eolas agus an fhaisnéis don othar a chabhróidh leis/léi féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht. Téann an tOifigeach Acmhainní Pobail i ngleic le heagla agus imní láithreach na n-othar agus tugann sé treoir, tacaíocht agus suaimhneas dóibh le linn a n-aistear. Is bhuntáiste mór é an strus a bhíonn ar othair a laghdu tar éis dóibh diagnóis a fháil toisc gur féidir le strus agus imní taomanna a spreagadh.

Sa chás go bhfuil géarghá le hidirghabháil trí atreorú ó chliniceoir, geallann Titimeas Éireann go gcuirfear seisiún duine le duine ar fáil don duine laistigh de 5 lá ón atreorú a fháil.

Trí sheisiún oideachais dhomhain a thairiscint d’othair go gairid tar éis dóibh diagnóis a fháil, soláthraítear an raon iomlán faisnéise a theastaíonn uathu chun cabhrú leo féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht. Laghdaíonn sé seo an gá d’othair dul i dteagmháil arís leis an bhfoireann chliniciúil maidir le saincheisteanna neamhliachta agus ceisteanna ar féidir leis an Oifigeach Acmhainní Pobail déileáil leo.

Ciallaíonn sé seo go dtairgtear seirbhís iomlánaíoch titimis don othar trí chomhoibriú agus chomhiarrachtaí na bhfoirne cliniciúla agus bhall foirne Titimeas Éireann.

Thuairiscigh na daoine a d’fhreastail ar na seisiúin oideachais trí na meastóireachtaí gur bhain siad leas as an idirghabháil. Baineann othair tairbhe as na hatreoruithe chuig an Oifigeach Acmhainní Pobail.

Nascann siad le duine lárnach a bhíonn in ann gealltanas a thabhairt go bhfaighidh siad coinne duine le duine laistigh de chúig lá má bhraitheann an cliniceoir go bhfuil an chéad seisiún oideachais eile rófhada ar shiúl.

  • Thuairiscigh 88% de na rannpháirtithe méadú ar a gcuid eolais faoina riocht agus bhí siad níos eolaí ar na rudaí a d’fhéadfadh taomanna a spreagadh agus conas iad sin a chosc.
  • Thuairiscigh 81% go raibh an fhaisnéis is gá acu chun a gcógas a bhainistiú níos fearr agus luaigh siad go raibh siad níos muiníní as a gcuid eolais ar rioscaí agus ar shábháilteacht maidir lena dtitimeas.