English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Sláinte dlí maidir le fíneálacha a ghearradh orthu siúd a dhíolann táirgí tobac nó táirgí ionanálaithe nicitín ag imeachtaí do leanaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Shínigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, dlí chun fíneáil €2000 ar an láthair a ghearradh as an gcion táirgí tobac nó táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol ag imeachtaí atá dírithe ar leanaí.

I mí Márta na bliana seo, chuir an tAire Donnelly ailt iolracha den Acht Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) 2023 i ngníomh chun cur le cosaint leanaí ó tháirgí tobac agus ó tháirgí ionanálaithe nicotín, ailt atá le teacht i ngníomh an 23 Meán Fómhair 2024.

Áirítear ar na bearta a cuireadh i ngníomh toirmeasc ar tháirgí tobac nó ar tháirgí ionanálaithe nicitín a dhíol, nó a chur faoi deara iad a dhíol, ag imeacht atá dírithe go háirithe ar leanaí, nó imeacht ag a bhfuil tromlach na rannpháirtithe nó an lucht freastail ina leanaí. Tá an tAcht sínithe anois ina dhlí ag an Aire Donnelly, acht lena ndéantar foráil maidir le pionós seasta €2000 atá le gabháil leis an gcion sin.

Tá na bearta seo mar chuid de straitéis chuimsitheach fhoriomlán an Aire chun rialáil níos déine a thabhairt isteach ar tháirgí ionanálaithe nicitín agus deireadh a chur le húsáid táirgí tobac.

An tseachtain seo caite, d’fhormheas an Rialtas Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Ionanálaithe Nicitín) an Aire a dhréachtú lena rialófar pacáistiú, blasanna agus taispeáint mhiondíola táirgí vápála agus lena gcuirfear cosc ar ghaltoitíní aonúsáide nó indiúscartha. Tabharfaidh an tAire a Bhille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) tríd an Dáil chomh luath agus is féidir sa téarma nua. Fágfaidh an Bille gurb í Éire an chéad tír san AE a shocróidh aois dhlíthiúil íosta 21 bliain chun táirgí tobac a dhíol.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Cuirim fáilte roimh theacht i ngníomh fhorálacha breise an Achta 2023. Tá dlíthe nua maidir le rialú tobac á bhforbairt agam, agus tá dlíthe á dtabhairt agam tríd na Tithe agus dlíthe achtaithe cheana féin á gcur i bhfeidhm agam. Is é an práinn ná beatha daoine a shábháil, beatha atá á gcailleadh mar gheall ar tháirge tráchtála coitianta a bhfuil an bás mar thoradh air.

“Tá mé leagtha amach ar chuidiú le caiteoirí tobac éirí as, cosc a chur ar chaiteoirí tobac nua teacht chun bheith trí triail a bhaint as táirgí tobac nó as táirgí ionanálaithe nicitín agus gach bealach atá ar mo thoil a úsáid chun sláinte ár ndaonra agus go háirithe ár leanaí a chosaint”

Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke:

“Mar Aire atá freagrach as Sláinte Phoiblí agus Folláine, táim ag obair leis an Aire Donnelly i dtaca lenár bearta reachtacha iolracha chun deireadh a chur leis an mallacht seo do shláinte ár bpobal. Tá treoir tugtha againn don domhan maidir le rialú tobac san am atá thart agus leanfaimid ar aghaidh ag brú chun cinn go dtí go mbeidh deireadh curtha againn leis an mbagairt andúile agus mharfach seo.”