Déanann an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta ceiliúradh ar Lá Domhanda Alzheimer 2022
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu déanfaidh an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD ceiliúradh ar Lá Domhanda Alzheimer 2022.
Tugann Lá Domhanda Alzheimer, agus Mí Domhanda Alzheimer, Meán Fómhair, deis dúinn feasacht a mhúscailt ar ghalar Alzheimer agus néaltraithe eile, agus díríonn sé ar an mbealach is fearr is féidir linn tacú le daoine a bhfuil néaltrú orthu agus lena dteaghlaigh inár bpobail.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá éachtaí suntasacha déanta againn le dhá bhliain anuas maidir le tacaíochtaí diagnóiseacha agus iar-dhiagnóiseacha a bhaineann go sonrach le néaltrú. I mbliana chonaiceamar freisin dhúbail an cion uaireanta nua tacaíochta baile atá curtha ar leataobh do dhaoine le néaltrú, ó 5% in 2021 go 11% in 2022. Le chéile, is ionann é sin agus €15 milliún d'infheistíocht atá tiomnaithe do thacaíochtaí agus do sheirbhísí a bhaineann go sonrach le néaltrú in 2022, sa bhreis ar an €12.9m de mhaoiniú breise in 2021."
Tá infheistíochtaí méadaithe le déanaí i dtacaíochtaí agus i seirbhísí a bhaineann go sonrach le néaltrú ag obair i dtreo néaltrú a bhrath go luath, idirghabháil thráthúil agus rochtain ar chúram, agus príomhtheachtaireachtaí sláinte poiblí a chur in iúl maidir le néaltrú agus sláinte inchinne. Beidh diagnóis thráthúil ríthábhachtach chun cóireáil a dhéanamh ar néaltrú le dul chun cinn i dteiripí modhnaithe galar agus idirghabhálacha sláinte inchinne mar phríomhuirlisí chun dul chun cinn na breoiteachta a mhoilliú agus cáilíocht beatha an duine a chothabháil.
Dúirt an tAire Butler:
“Táim ag tacú le fada le seirbhísí agus tacaíochtaí néaltraithe a fhorbairt. Tá áthas ar leith orm go bhfuil 30 Seomra Acmhainní Teicneolaíochta Cuimhne agus 31 ionad cúraim lae a bhaineann go sonrach le néaltrú ar oscailt anois. Lena chois sin mhaoiníomar leathnú an líonra comhairleoirí néaltraithe a oibríonn Cumann Alzheimer na hÉireann agus tá 29 comhairleoir ann anois a thugann tacaíocht do dhaoine ar fud na tíre."
Roimh fhógairt Bhuiséad 2023 an tseachtain seo chugainn, dúirt an tAire Butler:
“Ó ceapadh i m'Aire le freagracht as an réimse seo mé, tá leibhéal infheistíochta gan fasach imfhálaithe go sonrach le haghaidh seirbhísí agus tacaíochtaí néaltraithe sa tír seo. Geallaim go leanfaidh mé ar aghaidh ag obair chun dul chun cinn níos suntasaí a dhéanamh ar thacaíochtaí néaltraithe in Éirinn. Go háirithe, ba mhaith liom scrúdú a dhéanamh ar raon samhlacha cúraim chónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine le néaltrú, lena n-áirítear soláthar Tithe Altranais a bhaineann go sonrach le néaltrú atá cosúil leis an tsamhail sa Bhrú, Co. Luimnigh atá chun tosaigh i gcúram a bhaineann go sonrach le néaltrú."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Butler:
“Go luath an bhliain seo chugainn, foilseoidh an Oifig Náisiúnta Néaltraithe Samhail Chúraim don Néaltrú ina dtugtar breac-chuntas ar chonairí cúraim do dhaoine atá ag maireachtáil le néaltrú ó siomptóm a aithint trí mheasúnú, diagnóis, nochtadh, pleanáil cúraim agus tacaíocht iar-dhiagnóiseach. Molaim do dhuine ar bith a bhfuil tionchar ag galar Alzheimer nó cineálacha eile néaltraithe orthu an réimse leathan seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine i bpobail ar fud na tíre a lorg."
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann Alzheimer na hÉireann ar a Líne Chabhrach Náisiúnta Saorghlao ag 1800 341 341/ helpline@alzheimer.ie
Cuimsíonn láithreán gréasáin na hOifige Náisiúnta Néaltraithe raon acmhainní atá beartaithe lena n-úsáid ag gairmithe, ag baill teaghlaigh agus ag daoine a bhfuil néaltrú orthu.