Dea-scéala do leanaí agus do dhéagóirí a bhfuil diaibéiteas orthu – cead tugtha chun costais FreeStyle Libre, an córas bainistíochta glúcós fola, a aisíoc leo – Harris
- Foilsithe: 19 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2019
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu roimh an gcinneadh ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) costais FreeStyle Libre a aisíoc le leanaí agus le haosaigh óga.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris, “Tá diaibéiteas ar bheagnach 190,000 duine in Éirinn. Is galar ainsealach a bhíonn deacair le bainistiú é. Mar sin féin, tá an-dul chun cinn déanta againn ar dhiaibéiteas a chóireáil agus a bhainistiú sa tír seo agus tá an-áthas orm fáilte a chur inniu roimh an gcinneadh ó FSS costais FreeStyle Libre a aisíoc le leanaí agus le haosaigh óga.”
“A bhuí leis an bhfeiste nuálach seo, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar leibhéil ghlúcós fola gan dul i muinín priocadh méire atá ionrach. Is dea-scéala é sin do thuismitheoirí agus do leanaí araon. Is eol dom gur gá d’othair áirithe a leibhéil ghlúcóis a thástáil suas le deich n-uaire in aghaidh an lae. Mar sin, tá súil agam go mbeimid in ann an mhíchaoithiúlacht agus an míchompord a íoslaghdú don oiread leanaí agus aosach óg agus is féidir.”
“Is beart an-dearfach eile é seo maidir le diaibéiteas a bhainistiú. Beart dearfach eile is ea an Timthriall Cúraim um Dhiaibéiteas, rud ar sárshampla é den dóigh ar féidir linn an líon cuairteanna ar an ospidéal agus an líon othar a ligtear isteach san ospidéal a laghdú trí chúram príomhúil a chomhcheangal agus trí raon feidhme an chleachtaidh ghinearálta a leathnú. Fágann an Timthriall Cúraim gur féidir othair a bhfuil Diaibéiteas Chineál 2 orthu agus a bhfuil cárta liachta nó cárta cuairte liachleachtóra ghinearálta acu a bhainistiú sa phobal agus ní i gclinic ospidéil – agus iad á mbainistiú ag a liachleachtóir ginearálta féin nó ag a n-altra cleachtais féin.”
“Is eol dúinn, bunaithe ar an gCóras Náisiúnta um Cháilíocht Cúram Sláinte a Thuairisciú, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar rátaí ospidéalaithe le haghaidh diaibéitis, agus ba mhaith liom go leanfaí ar aghaidh leis an treocht aníos sin. Tá tuilleadh oibre á cur ar aghaidh ag an Roinn Sláinte sa réimse seo. Le linn na bliana 2017, thug an Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil tús áite do threoirlíne chliniciúil a fhorbairt le haghaidh Dhiaibéiteas Chineál 1. Tá sé beartaithe ag Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS um Dhiaibéiteas an treoirlíne sin a chríochnú agus í a chur faoi bhráid an Choiste Náisiúnta chun críocha dearbhaithe cáilíochta de go luath i mbliana. Tá súil agam go bhfoilseofar tamaillín ina dhiaidh sin í.”
“Déanfaidh FSS socruithe anois le haghaidh costais FreeStyle Libre a aisíoc le hothair aonair i gcás go gcomhlíonfaidh siad critéir shonracha atá ag teacht leis na moltaí ón nGrúpa um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte. Táim ag tnúth leis na socruithe sin a bheith i bhfeidhm d’othair sna míonna atá romhainn.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Rinne Sainghrúpa, a ghníomhaigh faoi choimirce an Ghrúpa um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte in FSS, breithniú ar an iarratas ó Abbott go gcuirfí FreeStyle Libre leis an Liosta Aisíocaíochta i gcomhréir leis an Acht Sláinte (Earraí Liachta a Phraghsáil agus a Sholáthar), 2013.
Mhol an Grúpa um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte gur cheart breithniú a dhéanamh ar chostais na feiste a aisíoc, faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh (féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil).
Ghlac FSS i bprionsabal leis na moltaí ón nGrúpa. Forbróidh sé sraith iarratas lena n-úsáid ag cliniceoirí ospidéil nuair a bhíonn siad ag moladh othair oiriúnacha aonair lena mbreithniú le haghaidh tacaíocht aisíocaíochta.
Beidh sé sin teoranta ar dtús do leanaí agus d’aosaigh óga óna dteastaíonn roinnt dáileog insline, agus déanfar athbhreithniú ar an méid sin tar éis tréimhse dhá mhí dhéag. Thug FSS le fios go dtógfadh sé roinnt míonna air an tsraith iarratas ar thacaíocht aisíocaíochta a fhorbairt don phróiseas iarratais. Is iad inchríneolaithe/Clinicí Ospidéil a thionscnóidh an próiseas sin.