Deimhníonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta cistiú méadaithe do Pieta House
- Foilsithe: 18 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Bealtaine 2020
Dheimhnigh an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Jim Daly, T.D., go bhfuil cistiú méadaithe le cur ar fáil ag FSS do Pieta House.
Anuas ar an gcistiú reatha €2.03 milliún sa bhliain a leanfaidh FSS a chur ar fáil, chomhaontaigh Pieta House agus FSS go foirmiúil le cistiú breise €114,608 sa mhí a chur ar fáil, arb ionann sin agus €343,824 sa ráithe a luaithe a chuirfear deireadh le scéimeanna costas soláthair foirne reatha an Rialtais, a bhfuil Pieta House rannpháirteach ann.
Gheall FSS chun tacaíocht sreafa airgid a sholáthar ar bhonn míosúil, agus tá an seasamh le hathbhreithniú i ndiaidh gach ráithe. Tá an cistiú á sholáthar chun 300 uair an chloig bhreise de chliaint ardriosca a chistiú agus cinnteoidh an t-athbhreithniú ráithiúil gur féidir le haon chliant a chuireann tús le clár tacaíochta dearbhú réasúnta a bheith aige/aici go gcuirfear i gcrích é. Braitheann an tacaíocht sreafa airgid freisin go leanfar leis an bpróiseas idirchaidrimh le FSS chun oibriú i dtreo samhail chistithe níos inbhuanaithe a chruthú don eagraíocht.
Cuirfidh an socrú seo tacaíocht riachtanach ar fáil do Pieta fad a leanann sé, agus the FSS, ag oibriú as lámh a chéile.
Ag labhairt dó, dúirt an tAire Daly:
“Tráth fíor-strusmhar í an phaindéim seo i measc roinnt daoine, agus braitheann go leor daoine réidh le lámh a chur i mbás féin. Is deas liom gur bhain FSS comhaontú amach le Pieta House ina gcuirfidh FSS tacaíocht sreafa airgid €114,608 sa mhí ar fáil do 300 uair an chloig bhreise de chomhairleoireacht do na cliaint ardriosca seo. Tuigim go gcuirfear tús leis seo nuair a bheidh deireadh curtha le scéimeanna an Rialtais agus déanfar iad a athbhreithniú i ndiaidh gach ráithe”.
CRÍOCH