English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Rabbitte amlíne chun naoi dteach nua faoisimh a sholáthar do leanaí faoi mhíchumas

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., inniu an amlíne chun naoi dTeach nua Faoisimh a sholáthar do leanaí faoi mhíchumas.

Cuirtear soláthar na dtithe san áireamh i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS 2021, ina bhfuil caiteachas iomlán €5.5 milliún, a tiomnaíodh dó i mBuiséad 2021.

Dúirt an tAire Rabbitte,

“Ceann de mo phríomhghealltanais le 12 mhí anuas a bhí i dtacú leis an leibhéal de gach cineál faoisimh a sholáthraítear do leanaí faoi mhíchumas fud fad na tíre. Tiomantas a bhí i gceist le cuid de seo do chistiú a sholáthar do FSS chun ionad breise ardchaighdeáin faoisimh a fhorbairt i ngach Eagraíocht Chúraim Sláinte Pobail (ECS). Tá gliondar croí orm a fhógairt inniu an dul chun cinn a rinneadh i ngach ceann díobh seo a sholáthar i gcaitheamh na chéad sé mhí eile amach romhainn.

“Táim an-sásta a fhógairt go n-osclóidh Seirbhísí Míchumais ECS Thuaisceart Chontae agus Chathair Chontae Bhaile Átha Cliath “The Hamlet”, atá bunaithe i Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, i Meán Fómhair 2021. Teach saincheaptha é The Hamlet a forbraíodh chun sainseirbhísí faoisimh a sholáthar do leanaí agus teaghlaigh sa cheantar agus áis bhreise spreagúil agus a gcuirtear fáilte roimhe é i measc na seirbhísí faoisimh atá ar fáil cheana féin do dhaoine faoi mhíchumas.

“Chas mé leis an iomaí úsáideoir seirbhíse, teaghlach, agus soláthraí, agus is eol dom cé chomh tábhachtach is féidir le faoiseamh a bheith chun brú a fhuascailt agus caighdeán na beatha a fheabhsú. Sin an fáth go bhfuair mé €5m sa bhreis i mBuiséad 2021 chun feabhas ar leith a chur ar sholáthar faoisimh do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlaigh.

“Chinntigh mé freisin go raibh leithdháileadh na bliana iomláine ar fáil ó Eanáir 2021, a cheadaíonn coigilteas a bhaineann le ham a úsáid ar bhonn aonuaire chun feabhas a chur ar sholáthar reatha faoisimh nó faoiseamh malartach agus for-rochtana a sholáthar. Is é mo sprioc a chinntiú go n-úsáidtear an leithdháileadh iomlán a cuireadh ar fáil ó Eanáir 2021 chun feabhas a chur ar gach cineál de mheastachán faoisimh.

“Táim an-bhuíoch d’obair dhian FSS ar tháinig deacrachtaí gan choinne aníos dóibh maidir le borradh Covid-19 níos luaithe i mbliana, agus a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le soláthar, chomh maith le tús áite a thabhairt do vacsaíniú a thabhairt isteach agus déileáil le tionchar an chibearionsaithe choiriúil ar chórais agus cumarsáid FSS,” a dúirt an tAire Rabbitte mar fhocal scoir.

CRÍOCH