Deimhníonn an tAire Sláinte an t-athstruchtúrú ar sheirbhísí sláinte agus comhlíonann sé ceann de na príomhghealltanais faoin gclár Sláintecare
- Foilsithe: 17 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 19 Iúil 2019
- Bunófar sé chomhlacht sláinte réigiúnacha chun cúram sláinte agus cúram sóisialta atá dírithe ar an duine a sholáthar;
- Cinnfear buiséad na gcomhlachtaí sláinte réigiúnacha faoi seach bunaithe ar riachtanais an daonra áitiúil;
- Tiocfaidh feabhas ar chuntasacht agus ar thrédhearcacht
Inniu, d’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, mórchéim i dtreo ár seirbhísí sláinte a athstruchtúrú. Bunófar sé limistéar sláinte réigiúnacha nua mar chuid den chéim sin.
Tá na limistéir shláinte réigiúnacha nua ar aon dul leis na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil Sláintecare ón gCoiste Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí (2017), ba iad sin gur cheart do chomhlachtaí réigiúnacha bheith freagrach as seirbhísí comhtháite cúram sláinte agus cúraim shóisialta a phleanáil agus a sholáthar.
Tá na sé limistéar sláinte réigiúnacha atá beartaithe bunaithe ar shonraí daonra, lena n-áirítear sonraí faoin dóigh a bhfaigheann daoine rochtain ar sheirbhísí sláinte faoi láthair. Tá siad bunaithe ar chomhairliúchán poiblí freisin.
Dúirt an tAire Harris:
“Is lá tábhachtach é seo maidir leis an gclár Sláintecare a chomhlíonadh agus maidir lenár seirbhís sláinte a athchóiriú.
“San fhógairt inniu, sainaithnítear na sé réigiún a úsáidfear chun struchtúir a fhorbairt le haghaidh cúram comhtháite a sholáthar.
“Is é an toradh a bheidh air sin go mbainfear cuntasacht shoiléir airgeadais agus feidhmíochta amach, go gcumhachtófar baill foirne túslíne agus go gcineachfar údarás ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chuig na réigiúin áitiúla.
“Mar thoradh ar na tograí seo, cabhrófar lena bhfuil i ndán do chúram sláinte sa tír seo a mhúnlú agus tabharfar ról méadaithe do bhaill foirne agus, rud ba thábhachtaí fós, do phobail maidir le seirbhísí sláinte a sholáthar.”
Dúirt Laura Magahy Uas., Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chláir Sláintecare:
“Táim ag tnúth le seirbhísí comhtháite cúram sláinte agus cúraim shóisialta a chomhdhearadh le saoránaigh agus baill foirne sna sé réigiún.
A bhuí leis an gcur chuige daonrabhunaithe a ghlacfar, beimid in ann cluinstin ó na daoine i ngach réigiún agus a chinntiú go gcuirfear béim láidir ar thinneas a chosc, ar dhaoine a choinneáil sláintiúil ina dteach féin nó gar dá dteach féin ar feadh na tréimhse is faide is féidir agus ar a chinntiú go mbeidh sárchúram ospidéil ar fáil go tráthúil, nuair is gá.”
Dúirt an tOllamh Tom Keane, Cathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach um Chur Chun Feidhme Sláintecare:
“Táim ag tnúth leis an tráth a ghlacfaidh na comhlachtaí sláinte réigiúnacha freagracht as sábháilteacht othar, rud a dhéanfaidh siad in am is i dtráth tar éis na struchtúir agus na próisis éigeantacha rialachais chliniciúil a chur chun feidhme. Is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh cuntasacht shoiléir ann as cúram cliniciúil gach othair.”
Ag labhairt dó ag an bhfógairt inniu, dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar FSS: >‘Tá an comhaontú ar na sé réigiún sláinte nua ina chéim thábhachtach i dtreo ár seirbhís sláinte a fheabhsú do gach duine a chónaíonn in Éirinn. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh daoine in ann teacht ar na seirbhísí sláinte a theastaíonn uathu, agus é sin a dhéanamh chomh gar agus is féidir dá dteach, agus go soláthrófar an chuid is mó den chúram sa phobal agus ní in ospidéil ghéarmhíochaine.’
‘Ó theacht isteach in FSS dom, bhuail mé le baill foirne ar fud na tíre ar fad a oibríonn gan staonadh gan stad chun an cúram is fearr is féidir a sholáthar. Is daoine iad a bhfuil sé mar uaillmhian acu feabhas a chur i gcónaí ar an obair a dhéanann siad agus ar an dóigh a ndéanann siad í agus a bhfuil an-fhuinneamh acu chun an méid sin a dhéanamh. Ní féidir leo é sin a dhéanamh laistigh dár struchtúir reatha i ngach cás, áfach. Tabharfaidh na réigiúin sláinte chomhtháite nua seo deis dúinn córas a chur i bhfeidhm lena dtacófar lenár mbaill foirne an cúram is fearr is féidir a sholáthar agus lena gcumasófar dóibh déanamh amhlaidh.’
Is é an chéad chéim eile ná an próiseas a chomhdhearadh. Tabharfar cuireadh do gheallsealbhóirí i ngach ceann de na limistéir shláinte réigiúnacha rannchuidiú leis na seirbhísí do na réigiúin nua a dhearadh. Chomh maith leis sin, tabharfar faoi obair anois chun an dearadh eagraíochtúil náisiúnta agus réigiúnach a chur le chéile. Cuirfear an dearadh sin faoi bhráid an Rialtais lena cheadú laistigh de 12 mhí ansin. A luaithe a bhunófar iad, cumasófar do na sé chomhlacht réigiúnacha cúram comhtháite a phleanáil, a chistiú, a bhainistiú agus a sholáthar dá réigiún.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Harris,
“Níl anseo ach ceann amháin de roinnt cinntí is gá a dhéanamh i dtaca le forbairt amach anseo ár struchtúir sheirbhíse sláinte. Tá sé tábhachtach go bhfuil soiléire ann anois faoi na limistéir réigiúnacha amach anseo agus gur féidir tús a chur le hobair mhionsonraithe ar na comhlachtaí réigiúnacha nua a dhearadh. Táim ag tnúth le dul i dteagmháil le geallsealbhóirí tábhachtacha – an pobal, othair agus baill foirne ina measc – mar chuid den phróiseas”.
CRÍOCH