English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Sláinte bearta nua taistil i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2020

Dheimhnigh an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D., inniu go mbeidh ar phaisinéirí atá ag teacht go hÉirinn ó áiteanna thar lear Foirm Aimsithe Paisinéara Sláinte Poiblí Covid-19 a líonadh.

Síneoidh an tAire Harris na rialacháin agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ó Déardaoin, an 28 Bealtaine. Leanfaidh siad a bheith i bhfeidhm go dtí an 18 Meitheamh 2020, nuair a dhéanfar iad a athbhreithniú.

Leanann an Rialtas lena mholadh do shaoránaigh agus cónaitheoirí Éireannacha gan taisteal idirnáisiúnta a dhéanamh nach bhfuil riachtanach, agus iarrtar ar phaisinéirí a thagann isteach go hÉirinn ó áiteanna thar lear chun féinaonrú a dhéanamh ar feadh 14 lá.

Dúirt an tAire Harris:

“Bearta neamhghnácha iad seo ach tá siad riachtanach i dtráth ina bhfuil géarchéim shláinte poiblí buailte linn.

"Leanaimid a mholadh do gach duine gan taisteal a dhéanamh nach bhfuil riachtanach. Má thagann duine go hÉirinn, áfach, beidh oibleagáid orthu an fhoirm seo a líonadh, gan aird ar a náisiúntacht.

“Úsáidfear an Fhoirm chun córas seiceálacha leantacha a éascú lena chinntiú go bhfuil daoine a thaistealaíonn go dtí an tír san áit ar dúirt siad go bhfanfaidís. Cinnteoidh an Fhoirm freisin rianú teagmhálaithe níos cruinne agus níos tapúla, sa chás go dtagann cás deimhnithe aníos ar eitilt nó ar bhád farantóireachta a thagann go hÉirinn.

“Tá gach beart a dhéanaimid dírithe ar scaipeadh Covid-19 a stopadh agus daoine a chosaint daoine ón víreas seo. Déanann an beart seo amhlaidh."

Tugtar isteach leis na Rialacháin cionta nua ar féidir fíneáil nach mó ná €2,500 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí a ghearradh, nó an dá rud, mar gheall ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Má theipeann ar dhuine an fhoirm a líonadh agus a thabhairt do dhuine ábhartha
  • Eolas a sholáthar arb eol don duine atá bréagach nó míthreorach (cibé acu ar an bhfoirm, nuair a dhéanann an duine an fhoirm a sholáthar, nó i rith seiceálacha leantacha ina dhiaidh sin)
  • Má theipeann ar an duine eolas breise a sholáthar do dhuine ábhartha ar iarraidh sin (nuair a bhíonn amhras ar an duine nár líonadh an fhoirm i gceart)
  • Má theipeann ar dhuine a n-áit chónaithe nó a sonraí teagmhála a nuashonrú má thagann athrú orthu laistigh de 14 lá i ndiaidh dóibh teacht isteach sa Stát.

Ní bheidh ar phaisinéirí a aistríonn go dtí dlínse eile, oibrithe deimhnithe iompair idirnáisiúnta, píolótaí/máistrí agus foireann aeir agus mhuirí an fhoirm a líonadh. Beidh ar dhaoine aonair ó Thuaisceart Éireann cuid den fhoirm a líonadh.


Nótaí don Eagarthóir:

Beidh ceanglas dlíthiúil ar phaisinéirí a thagann isteach in Éirinn ó Déardaoin, an 28 Bealtaine ar aghaidh ó áiteanna thar lear chun Foirm Aimsithe Paisinéara Sláinte Poiblí a líonadh.

Úsáidfear an Fhoirm chun córas seiceálacha leantacha a éascú lena chinntiú go bhfuil daoine a thaistealaíonn go dtí an tír san áit ar dúirt siad go bhfanfaidís.

Cinnteoidh an Fhoirm freisin rianú teagmhálaithe níos cruinne agus níos tapúla, sa chás go dtagann cás deimhnithe aníos ar eitilt nó ar bhád farantóireachta a thagann go hÉirinn.

Ar theacht dóibh, tá ar phaisinéirí an fhoirm líonta a thabhairt do na húdaráis agus ina bhfuil a sonraí teagmhála agus ina luaitear an áit a ndéanfaidh siad féinaonrú. Tá sé éigeantach an fhoirm seo a líonadh anois faoin dlí, faoi mar a ordaítear faoi alt 31A(6) den Acht Sláinte, 1947.

Cathain a thiocfaidh é seo i bhfeidhm?

Síneoidh an tAire Harris na rialacháin a bhuntacaíonn le líonadh éigeantach na Foirme Aimsithe Paisinéara Sláinte Poiblí agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ó Déardaoin, an 28 Bealtaine.

An bhfuil aon díolúintí ann?

Níl ar na paisinéirí seo a leanas a thagann go hÉirinn ó áiteanna lasmuigh den tír an fhoirm seo a líonadh:

  • Foireann aerárthaigh, an píolóta san áireamh, a bhíonn in Éirinn agus iad ag tabhairt faoina ndualgais
  • Taidhleoirí

Oibrithe iompair idirnáisiúnta:

  • A bhfuil Deimhniú Iarscríbhinn Lána Ghlais 3 acu
  • A bhfuil Feithicil Earraí Troma á tiomáint acu
  • Foireann loinge, an máistir san áireamh, a bhíonn in Éirinn agus iad ag tabhairt faoina ndualgais.
  • Paisinéirí atá á n-iompar go dtí dlínse eile nuair nach bhfágann siad an port nó an t-aerfort.

CRÍOCH