Deimhníonn an tAire Sláinte láithreacha d’ionaid vacsaínithe na hÉireann
- Foilsithe: 15 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu láithreacha do 37 ionad vacsaínithe ar fud na hÉireann don Chlár Vacsaínithe COVID-19.
Tá na 37 ionad deimhnithe ag FSS, le ceann amháin ar a laghad i ngach contae. Tacóidh na hionaid seo le vacsaíniú an daonra i gcoitinne ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil. Cé go bhfuil vacsaíní á riaradh faoi láthair i suíomhanna cúraim shláinte agus ag dochtúirí, tabharfar vacsaíniú do go leor daoine sna hionaid seo, tar éis dóibh féinchlárú ar líne.
Tá méid agus uaireanta oibriúcháin éagsúla ag na hionaid go léir agus roghnaíodh iad bunaithe ar dhlús an daonra, éascaíocht maidir le rochtain, iompar agus páirceáil. Cuimsíonn dearadh agus leagan amach na n-ionad an méid a foghlaimíodh ó na hionaid mhaipíneachta COVID-19 chomh maith. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go mbeidh na hionaid de mhéideanna éagsúla agus go mbeidh na huaireanta oibriúcháin bunaithe ar sholáthar vacsaíní agus riachtanas dobharcheantair.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FSS as a gcuid oibre leanúnach maidir le forbairt na n-ionad vacsaínithe seo ar fud na tíre. Beidh na hionaid seo réidh i bhfad roimh sholáthar na vacsaíne nuair a úsáidfear iad mar chuid dár gclár. Féadfaidh daoine a bheith ag súil go mbeidh na hionaid vacsaínithe seo réidh agus ullamh ina gcontae.
"Dúirt muid i gcónaí nach mbeadh an clár vacsaínithe teoranta ach amháin maidir le hinfhaighteacht agus iontaofacht an tsoláthair sna céimeanna luatha seo den chlár. Sna míonna amach romhainn tiocfaidh méadú mór ar an soláthar agus feicfimid na hionaid seo ag feidhmiú ag a lánacmhainn agus ag tabhairt vacsaíní don daonra i gcoitinne, de réir liosta tosaíochtaí an Rialtais."