English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deireadh le ceanglais COVID-19 do thaistealaithe go hÉirinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Shínigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD rialacháin inniu chun deireadh a chur le riachtanais taistil idirnáisiúnta COVID-19.

Tá an staid eipidéimeolaíoch reatha in Éirinn fós dearfach a bheag nó a mhór. Agus leibhéil arda glactha vacsaíne agus faisnéis faoin leagan Omicron ar fáil níos mó go hidirnáisiúnta, is féidir athruithe a dhéanamh ar bhainistiú COVID-19 in Éirinn. Tá srianta COVID -19 ar fud na hEorpa ag athrú, le roinnt tíortha AE ag athbhreithniú na gceanglas do thaistealaithe cheana féin.

Ón 6 Márta 2022, ní bheidh ar thaistealaithe idirnáisiúnta go hÉirinn cruthúnas vacsaínithe, téarnaimh nó tástáil PCR diúltach a thaispeáint ar theacht dóibh. Ní bheidh aon cheanglas ann a thuilleadh Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID -19 a chomhlánú chun taisteal go hÉirinn.

Glacadh an beart seo go tapa chun deireadh a chur leis na riachtanais taistil seo chun aon chonstaicí a laghdú do dhaoine a fhágann an Úcráin agus na tíortha comharsanachta go hÉirinn.

Cé go bhfuil deireadh tagtha leis na srianta do dhaoine atá ag taisteal go hÉirinn, d'fhéadfadh tíortha eile cruthúnas a éileamh maidir le vacsaíniú, aisghabháil nó tástáil. Is féidir leanúint le Deimhniú Digiteach COVID an AE a úsáid mar fhianaise ar vacsaíniú COVID-19, ar vacsaíniú teanndáileog, ar aisghabháil ó COVID-19, nó ar thástáil dhiúltach COVID-19. Sula dtaistealaíonn tú féach ar riachtanais taistil do do thír chinn scríbe ar https://reopen.europa.eu/en

Leanann an Rialtas ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar staid eipidéimeolaíoch COVID -19 in Éirinn agus thar lear.

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí

  • Tugadh na ceanglais maidir le taisteal go hÉirinn le linn phaindéim COVID-19 isteach in 2020 – tugadh PLF isteach in 2020 agus cuireadh srianta tástála/coraintín i bhfeidhm in Eanáir 2021.
  • Bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch reatha, socraíodh srianta taistil Covid-19 a bhaint
  • Ní bheidh ar thaistealaithe go hÉirinn cruthúnas vacsaínithe, téarnaimh nó tástáil PCR diúltach a thaispeáint le haghaidh taistil go hÉirinn.
  • Ní cheanglófar ar thaistealaithe go hÉirinn Foirm Aimsithe Paisinéirí Covid-19 a chomhlánú a thuilleadh
  • Tá foráil á déanamh chun próiseáil leanúnach agus anaithnidiú sonraí paisinéirí a bailíodh cheana féin ón PLF a cheadú.
  • D'fhéadfadh tíortha AE eile fós cruthúnas ar vacsaíniú, aisghabháil nó tástáil le haghaidh iontrála a éileamh.
  • Eiseoidh Éire Deimhnithe Digiteacha COVID fós faoi dhlí an AE agus is féidir iad a úsáid agus tú ag taisteal.