D'fhógair an tAire Butler €750,000 i maoiniú ar son tionscnaíocht chun Áiteanna Traenála Síceolaíocht Comhairleoireachta a chistiú
- Foilsithe: 27 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Soláthróidh €750,000 i dtacaíocht airgeadais:
- Íocaíocht ar 60% de tháillí (a chomhionann le Síceolaithe Cliniciúla) ar son 10 scoláire ar feadh na dtrí bliana den chlár dochtúireachta ar fad
- Cúrsa oiliúna do deichniúr sa chéad bhliain gach bliain
- Gheobhaidh deichniúr sa dara agus sa tríú bliain €3,500 an duine in urraíocht gach bliain
Tá sonraí de thionscnaíocht nua chun tacaíocht a thabhairt d'áiteanna traenála sa síceolaíocht chomhairleoireachta fógartha ag an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler. Soláthrófar tacaíocht airgeadais do scoláirí atá cláraithe don bhliain acadúil 2023/2024 ar aghaidh, mar thoradh ar an leithdháileadh de €750,000 ón mBúiséad 2023.
Tabharfar an cistiú isteach i gcéimeanna agus gheobhaidh scoláirí atá cláraithe ón mbliain seo ar aghaidh pacáiste tacaíochta airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana dá gclár dochtúrachta.
Dúirt an tAire Butler:
"Is idirghabháil riachtanach í an síceolaíocht chomhairleoireachta i réimse leathan de shuíomhanna cúram sláinte. Ach go háirithe, tá ról ar leith ag síceolaithe comhairleora i seirbhisí meabhairshláinte a sholáthar, do dhaoine fásta agus páistí, i gcúram príomhúil agus sain-seirbhisí meabhairshláinte agus foirne ildisciplíneacha ar nós Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (SMLO). "
Soláthróidh an €750,000 i maoiniú réimse leathan tacaíochta airgeadais ar feadh na dtrí bliana den chlár dochtúireachta ar fad
- Gheobhaidh deichniúr intofa ón gcéad bhliain, roghnaithe i ndiaidh próiséas iomaíoch, 60% dá dtáillí chomh maith le conradh do chúrsa oiliúna aon-bhliain leis an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), le luach díreach os cionn €40,000. Beidh ar gach scoláire a chláraíonn do chonradh ag baint le cúrsa oiliúna aon-bhliain, agus atá tar éis pacáiste airgeadais a fháil ar feadh na dtrí bliana, tiomantas don FSS a dhéanamh a mhaireann trí bliana nuair a cháilítear iad, chun an íocaíocht faighte a aithint.
- Chomh maith leis sin, íocfar 60% de tháillí ar son deichniúr sa dara bliain agus deichniúr sa tríú bliain agus gheobhaidh siad íochtaíocht urraíochta de €3,500 an duine in aghaidh na bliana.
Dúirt an tAire Butler:
"Léiríonn an maoiniú seo tiomantas an Rialtais i leith rochtain ar thraenáil shíceolaíochta a neartú agus tá sé comhionann le tacaíocht airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana de staidéar an scoláire. Íocfar 60% de tháillí ar son scoláirí atá sa dara agus sa tríú bhliain den síceolaíocht chomhairleoireachta, chomh maith le híocaíocht urraíochta a fháil a chomhróidh le costais, ar nós taisteal agus cóiríocht.
"Déanann an Rialtas seo tiomantas ar bhonn leanúnach i dtaobh forbairt a dhéanamh i leith gach gnéith de sheirbhisí meabhairshláinte go náisiúnta, agus príomh aidhm is ea feabhas a chur ar an rochtain atá ar ár seirbhisí agus aga feithimh a laghdú. Mar thoradh ar na tacaíochtaí airgeadais seo, feicfear síceolaithe comhairleora faoi oiliúint agus síceolaithe comhairleora nua-cháilithe ag obair in ár seirbhisí meabhairshláinte, ag éascú feabhas i dtaobh na dúshláin a bhaineann le earcaíocht agus coinneáil. "
Oibríonn an Roinn Sláinte ar bhonn leanúnach leis FSS chun cláracha a fhorbairt do phleanáil d’fhórsa saothair, le béim ar leith ar áiteanna traenála a bheith ar fáil agus go bhfuil deiseanna ann do chéimithe a bheith ag obair san FSS.
Nótaí
- Beidh cúrsa oiliúna de bhliain amháin le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cuimsithe sa phacáiste tacaíochta airgeadais a bheidh ar fáil do deichniúr sa chéad bhliain (intofa nuair atá próiséas iomaíoch do mhaoiniú curtha i gcrích atá sainithe ag an FSS agus CT). Beidh sé seo don chéad bhliain acadúil, íocfar iad ag an gcéad phointe de thuarastal shíceolaí faoi oiliúint (€40,673), chomh maith le 60% dá dtáillí íoctha (€9,162) ar feadh na dtrí bliana dá gcúrsa (€27,486), agus íocaíocht tacaíochta bliantúil de €3,500 sa dara agus sa tríú bliain (€7,000) a thugann luach iomlán de €75,159 don phacáiste trí bliana a gheobhaidh deichniúr ón gcéad bhliain.
- Íocfar 60% de tháillí gach bliain acadúil atá fágtha ar an gclár ag deichniúr roghnaithe ó scoláirí atá cláraithe sa dara agus sa tríú bliain faoi láthair (intofa nuair atá an próiséas iomaíoch do mhaoiniú sainithe ag an FSS agus CT curtha i gcrích). Soláthrófar íocaíocht tacaíochta bhliantúil de €3,500 in aghaidh na bliana, a thugann luach €25,324 an duine don phacáiste dhá-bhliain do scoláirí ón dara bliain, agus luach €12,662 an duine don phacáiste aon-bhliain do scoláirí ón tríú bliain.
- Déanfaidh an Roinn Sláinte athbhreithniú leanúnach ar an samhail mhaoiniúcháin. Cuirfear athraithe don scéim san áireamh de réir aon athraithe do ghairm na síeolaíochta déanta ag RGSCS.