English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dul chun cinn ar Shláinte na mBan in 2022 faoin bPlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is straitéis lánmhaoinithe é Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-2023, a seoladh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan an 08 Márta 2022, chun sláinte na mban in Éirinn a fheabhsú. Chuir Buiséad 2022 maoiniú €31m ar leataobh d'Fhorbairtí nua do Shláinte na mBan. Go dtí seo, thacaigh Ciste Gníomhaíochta um Shláinte na mBan le dul chun cinn suntasach i raon réimsí tosaíochta.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an obair a rinneadh ar Shláinte na mBan in 2022, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:

“Rinne an Plean agus Ciste Gníomhaíochta um Shláinte na mBan a seoladh i mí an Mhárta 2022 difríocht shuntasach do chúram sláinte na mban in 2022, agus thug siad aghaidh ar gach céim de shaol na mban. Is cur chuige nuálach é an plean seo, le maoiniú tiomnaithe, maidir le cúram sláinte na mban agus tá ag éirí go maith leis dul i ngleic le roinnt dúshlán deacair. Táim muiníneach go raibh tionchar dearfach suntasach ag an bplean seo in 2022 agus táim ag súil le tógáil ar an dul chun cinn sin in 2023."


Frithghiniúint Saor in Aisce

Seoladh an scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná 17-25 bliain d'aois an 14 Meán Fómhair 2022. Clúdaíonn an scéim costas na gcomhairliúchán le Dochtúirí Teaghlaigh agus ionaid phleanála clainne, oidis, feistiú agus baint cineálacha frithghiniúna inchúlaithe fadtéarmaí, instealltaí agus scrúduithe, frithghiniúint éigeandála agus go leor eile. Tá os cionn 2,200 Dochtúir Teaghlaigh agus 1,850 cógaslann cláraithe chun seirbhísí agus táirgí a sholáthar faoin scéim go dtí seo. Leathnófar an scéim an 1 Eanáir chun mná 26 bliana d'aois a chur san áireamh, agus leathnófar tuilleadh í, níos déanaí sa bhliain, chun mná 30 bliain d'aois agus níos óige a chur san áireamh.


Torthúlacht

Bhunaigh Céim a hAon den tSamhail Chúraim um Thorthúlacht Moil Thorthúlachta Réigiúnacha, ar féidir leo 50%-70% measta d'othair a bhfuil saincheisteanna a bhaineann le torthúlacht acu a bhainistiú ag leibhéal an chúraim thánaistigh. Tá cúig cinn de na sé Mhol Torthúlachta Réigiúnach oscailte agus ag feidhmiú. Tá an séú Mol Torthúlachta Réigiúnach, atá lonnaithe in Ospidéal Ginearálta an Aonaigh (faoi rialú Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Luimneach), le hoscailt in 2023.


Inmheatróis

Chuir Clár Náisiúnta um Shláinte na mBan agus na Naíonán FSS forbairt Creat Náisiúnta um Chúram Inmheatróise in Éirinn chun cinn i gcomhar le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann. Sainaithneoidh an Creat seo conas is gá cúram do mhná sa réimse seo a sholáthar, a chuimsíonn cúram príomhúil go cúram ospidéil áitiúil go cúram speisialaithe casta.

Tá cistiú Bhuiséad 2022 ag éascú bunú 2 lárionad speisialtóireachta for-réigiúnach le haghaidh cúram casta d'inmheatróis. Tá cistiú ag cur ar chumas leathnú na seirbhísí inmheatróise in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta chomh maith le seirbhís nua a bhunú do chásanna inmheatróise níos casta in Ospidéal Máithreachais Ollscoil Chorcaí, atá ag dul chun cinn. Leathnaíodh seirbhísí chun inmheatróis a bhainistiú in ospidéal an Choim.

I mí Aibreáin 2022, d'fhógair an tAire cistiú do shé fhoireann idirdhisciplíneacha bhreise chun tacú le cóireáil iomlánaíoch inmheatróise laistigh de gach ceann de líonraí na n-ospidéal. Cruthóidh siad seo líonra de sheirbhísí moil inmheatróise réigiúnacha a chomhordóidh cúram laistigh dá nGrúpaí Ospidéil faoi seach agus a thacóidh leis na seirbhísí casta i dTamhlacht agus i gCorcaigh.


Vacsaíní HPV

Thacaigh €600k ó Chiste Sláinte na mBan le faisnéis agus feasacht maidir le vacsaín HPV, bailiú sonraí maidir le glacadh vacsaín HPV agus forbairt tairseach chun tacú le rochtain do mhná atá ag clárú don vacsaín.


Anás Míosta

Leithdháileadh maoiniú €0.71m chun dul i ngleic le hAnás Míosta i mBuiséad 2022. Ba é an fócas ba phráinní ná díriú orthu siúd is mó atá i ngátar (m.sh., daoine gan dídean, iad siúd atá ag maireachtáil le handúil, mionlaigh lena n-áirítear an Lucht Siúil agus na Romaigh, agus iad siúd atá ag maireachtáil le bochtaineacht chomhsheasmhach). In 2022, cistíodh 26 Údarás Áitiúil chun an clár tacaíochta dínite le linn míostraithe a chur ar aghaidh. Leithdháileadh cistiú freisin ar 17 NGO, lena n-áirítear ionaid acmhainní teaghlaigh agus iad siúd atá ag freastal ar dhaoine atá ag maireachtáil le handúil, easpa dídine, bochtaineacht chomhsheasmhach agus grúpaí leochaileacha eile. Leithdháileadh cistiú breise ar roinnt Údarás Áitiúil, tar éis tuairisciú tosaigh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rathúil.

D'fhoilsigh Suirbhé Éire Shláintiúil 2022 an 5 Nollaig 2022 den chéad uair, modúl ar shláinte mhíosta agus anás míosta a sholáthraíonn bonn fianaise láidir do thionscnaimh maidir le hanás míosta amach anseo. Thuairiscigh 24% de mhná go raibh táscaire amháin ar a laghad acu ar anás míosta agus thuairiscigh 51% nach raibh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den saol laethúil uaireanta, mar thoradh ar shiomptóim a bhaineann leis an bhfuil mhíosta.


Gníomhaíocht Choirp

Léirigh Suirbhé Éire Shláintiúil 2019 nach raibh mná chomh gníomhach le fir; agus nach raibh máithreacha chomh gníomhach le haithreacha agus le neamh-thuismitheoirí. Chuir Ciste Sláinte na mBan, trí Éire Shláintiúil, €300,000 ar fáil chun feachtas, It's My Time, a chistiú do mhná os cionn 40 a mhothaíonn nach bhfuil go leor ama acu ach gluaiseacht, aclaíocht agus caitheamh aimsire a chur isteach ina saol laethúil agus a bhfreagrachtaí. Seoladh an feachtas an 23 Samhain 2022, agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh coicíse, agus leanfaidh sé ar aghaidh go luath i mí Eanáir 2023.


Meanapás

Osclaíodh an chéad cheann de na sé chlinic speisialaithe meanapáis san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i mí na Nollag 2021. Osclaíodh an dara clinic i mí na Bealtaine 2022, laistigh de Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh, atá lonnaithe sa Mhol Réigiúnach nua um Shláinte na mBan in Ospidéal Ginearálta an Aonaigh. D'oscail an tríú clinic sa Rotunda i mí Dheireadh Fómhair 2022. Osclaíodh an ceathrú agus an cúigiú clinic i mí na Samhna 2022 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus sa Chom. Osclófar an séú clinic i gCorcaigh in 2023. Soláthróidh sé seo 6 chlinic speisialaithe meanapáis ar fud na tíre, ceann amháin i ngach líonra máithreachais, do mhná a dteastaíonn cúram speisialta casta uathu.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol an tAire Donnelly an chéad fheachtas náisiúnta Éireannach maidir le Feasacht ar an Meanapás. Agus d'fhorbair an Roinn Sláinte gov.ie/menopause, láithreán gréasáin aon-stad le haghaidh faisnéise faoin meanapás agus siomptóim an mheanapáis, comhairle ar bhainistíocht réamhghníomhach, conas tacú le duine atá ag dul tríd an meanapás agus naisc le saineolas cliniciúil cuí.


Scagthástáil Ailse & Diaibéiteas

I mí Mheán Fómhair 2022, d'infheistigh an tAire i sraith tionscnamh le haghaidh scagthástáil ailse, lena n-áirítear €0.75m a infheistíodh chun feabhas a chur ar ghlacadh i measc ban imeallaithe, éisteacht le taithí na mban ar BreastCheck agus freagairt di agus conair scagthástála náisiúnta nua a phíolótú do mhná le diaibéiteas a éiríonn torrach.


Meabhairshláinte

Le linn 2022, d'fhreagair Ciste Sláinte na mBan do roinnt príomhréimsí i Meabhairshláinte, ag infheistiú €1.9m chun forbairt raon seirbhísí chun tacú le mná agus cailíní a luathú. Áiríodh orthu seo rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte digiteacha a mhéadú, tacaíochtaí meabhairshláinte imbhreithe a fheabhsú, tacaíochtaí um neamhord itheacháin a fheabhsú, tacaíochtaí meabhairshláinte spriocdhírithe a sholáthar do mhná imeallaithe agus do mhná in andúil agus freagairt do riachtanais cailíní óga atá i mbaol síocóise a fhorbairt.


Mná Imeallaithe

Chistigh €500k ó Chiste Sláinte na mBan feabhsuithe ar sheirbhísí agus ar ghníomhartha cúram sláinte chun aghaidh a thabhairt ar na deitéarmanaint shóisialta sláinte do mhná ón Lucht Siúil atá gan dídean agus atá ag aistriú chuig maireachtáil neamhspleách.


Clinicí Gínéiceolaíochta Siúlach Ilfhreastail

Chun rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú agus seirbhís gínéiceolaíochta níos inbhuanaithe a chinntiú, tá líonra clinicí ilfhreastail, “féach agus cóireáil” á bhunú a d'fhéadfadh coireáil a chur ar 70% d'atreoruithe ginearálta gínéiceolaíochta sa suíomh siúlach. Chuirfeadh gach cuairt “ilfhreastail” pacáiste cúraim ar fáil ina mbeadh measúnú agus cóireáil do gach bean a atreoraítear. Beidh tionchar dearfach díreach ag na clinicí seo ar liostaí feithimh gínéiceolaíochta ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta, mar go n-aithneofar mná, go ndéanfar iad a thriáiseáil, agus go d-treorófar iad chuig cóireáil a fháil i suíomh siúlach. Tá líonra de fiche clinic á fhorbairt go náisiúnta, tá dhá chlinic déag ar oscailt anois.


Cúram Sláinte Príomhúil

Chistigh €270 míle ó Chiste Sláinte na mBan forbairt tacaíochtaí cúraim phríomhúil do shláinte na mban, i gcomhpháirtíocht le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann agus an Clár Náisiúnta um Shláinte na mBan agus na Naíonán. Áiríodh air seo tacaíochtaí oideachais meanapáis agus oiliúint íogaireachta inscne do dhochtúirí teaghlaigh agus d'oibrithe cúram sláinte, seirbhís “Faisnéis Roinnte” chun feabhas a chur ar fhaisnéis atá ar fáil do mhná, taighde ar inbhuanaitheacht Dochtúir Teaghlaigh mar ghairm do mhná agus Treoir Thagartha Thapa ar Bheathú Cíche chun tacaíochtaí do mhná sa phobal a fheabhsú.


Buiséad 2023

Leithdháil Buiséad 2023 cistiú don méid seo a leanas:

  • Leathnú ar an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce chun daoine 16-30 bliain d'aois a chlúdach
  • Deireadh a chur le CBL ar tháirgí a bhaineann leis an bhfuil mhíosta
  • €10 milliún chun rochtain a sholáthar ar chóireáil IVF a mhaoinítear go poiblí
  • Deireadh a chur le CBL ar HRT don mheanapás
  • Maoiniú do leathnú céimnithe den tseirbhís inmheatróise chasta i gCorcaigh
  • Infheistíocht €0.9 milliún i bhforbairt Mhoil Shláinte na mBan, chun cúram sláinte iomlánaíoch na mban a sholáthar
  • Leathnóidh cistiú breise €100,000 don chlár tacaíochta dínite le linn míostraithe, ina raibh tacaíochtaí don Lucht Siúil agus do na Romaigh i gceist ar dtús, chuig níos mó grúpaí atá i ngátar
  • Cistiú le haghaidh an 21ú clinic gínéiceolaíochta siúlach sa bhreis ar na 12 clinic atá oscailte agus na 8 gclinic atá á bhforbairt.
  • Cistiú do Chéim a Dó de rolladh amach na Samhla Cúraim um Thorthúlacht, lena n-áirítear tús a chur le forbairt an chéad Ionaid Ard-AHR Náisiúnta, ag seachadadh IVF agus ICSI trí chlinic atá poiblí go hiomlán, atá sceidealaithe le hoscailt in 2024