English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eolaire Náisiúnta Tástála Géanómaíche FSS do Ghalair Neamhchoitianta agus ón mBroinn seolta ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill inniu seoladh Eolaire Náisiúnta Tástála Géanómaíche FSS do Ghalair Neamhchoitianta agus ón mBroinn (Eolaire Tástála). Cuirfidh forbairt agus foilsiú an eolaire tástála seo ag Oifig Náisiúnta Géineolaíochta agus Géanómaíochta FSS (NGGO) feabhas ar úsáid tástálacha géanómacha agus ar chúram othar.

Forbraíodh an tEolaire Tástála i gcomhar le speisialtóirí cliniciúla agus saotharlanna ospidéil agus is cloch mhíle shuntasach é i bhfeidhmiú na Straitéise Náisiúnta chun Leigheas Géiniteach agus Géanómach a Luathú in Éirinn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Jennifer Carroll MacNeill:

"Tá réabhlóid á dhéanamh ag géanómaíocht sa leigheas trí chóireálacha pearsantaithe d’othair trí thuar agus cosc galar a fheabhsú, agus teiripí nuálacha a fhorbairt nach raibh indéanta roimhe seo. Cuidíonn sé freisin le luathbhrathadóireacht fachtóirí riosca géiniteacha do riochtaí cosúil le hailse, diaibéiteas, agus galair chardashoithíocha, agus tacaíonn sé le teiripí spriocdhírithe d’ailsí ar leith, agus sin an fáth go bhfuil mo roinn tiomanta go hiomlán don Straitéis Náisiúnta ar Ghéineolaíocht agus Géanómaíocht a chur i bhfeidhm.

“Is céim thábhachtach sa turas claochlaitheach seo é seoladh Eolaire Náisiúnta Tástála Géanómaíche FSS do Ghalair Neamhchoitianta agus ón mBroinn inniu. Cinnteoidh an t-eolaire seo go bhfaighidh othair an tástáil cheart, san áit cheart, ag an am ceart, agus iarrtha ag an duine ceart, agus táim ag súil le comhoibriú leanúnach idir mo roinn agus FSS chun cur i bhfeidhm ár gcuspóirí foriomlána faoin straitéis a chur chun cinn, chun cóireálacha sláinte agus torthaí d’othair in Éirinn a fheabhsú tuilleadh.”

Ag cur béime ar thionchar dearfach na forbartha, dúirt an Dr Richard Hagan, Stiúrthóir Cliniciúil Náisiúnta Saotharlainne NGGO, FSS:

“Aithníonn an tEolaire Tástála tástálacha géanómacha ar féidir le cliniceoirí iad a iarraidh bunaithe ar shraith comhaontaithe tásca cliniciúla agus critéir incháilitheachta. Cuirfidh an cur chuige seo atá bunaithe ar fhianaise feabhas ar úsáid tástálacha géanómacha agus ar chúram othar agus a dtaithí. Cinnteoidh an tEolaire Tástála go bhfaighidh othair an tástáil cheart, san áit cheart, ag an am ceart, agus iarrtha ag an duine ceart.”

Agus forbairt an Eolaire Tástála á moladh aige, dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil FSS:

“Tá buíochas mór ag dul don fhoireann ar fad ag NGGO, don roinn, do na cliniceoirí, do na hothair is comhpháirtithe agus do na páirtithe leasmhara a bhí páirteach. Is céim thábhachtach é an tEolaire Tástála nua chun eispéiris othar agus a muintir maidir le tástáil ghéanómach a fheabhsú mar chuid de sheirbhís ghéanómach chliniciúil fheabhsaithe in Éirinn."

In 2025, cuirfidh NGGO, le tacaíocht leanúnach ón Roinn, cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta chun cinn tríd an tSeirbhís Náisiúnta Próiseála Géanóimi (NGPS) a fhorbairt. Tacóidh an NGPS le húsáid an Eolaire Tástála agus beidh sé mar mhol chun eiseamail a fháil ó ospidéil ar fud na hÉireann chun atreoraithe le haghaidh tástála géanómaí ag saotharlanna dearbhaithe cáilíochta thar lear. Déanfaidh an tseirbhís comhordú freisin ar thuairisciú na dtorthaí chuig na hospidéil agus na comhairleoirí iarrthacha.

Sna blianta amach romhainn, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú suntasach ar iarratais ar thástálacha géanómaíocha de réir mar a aithnítear acmhainneacht na míochaine géanómaíche i líon níos mó speisialtachtaí cliniciúla maidir le diagnóis fheabhsaithe agus cóireálacha níos spriocdhírithe d'othair. Tá an tEolaire Tástála ina chéad chéim thábhachtach chun cuidiú lena chinntiú go bhfaigheann othair an chomhairle chliniciúil is fearr bunaithe ar an tástáil ghéanómach is oiriúnaí dá riocht.

Agus forbairtí cliniciúla agus saotharlainne breise á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar sheirbhísí cliniciúla, déanfaidh Oifig Náisiúnta Géineolaíochta agus Géanómaíochta (NGGO) i gcomhar leis an Roinn bearta chun a áirithiú go ndéanfar na forbairtí sin a nascadh agus a chomhtháthú le taighde, go háirithe i gcomhthéacs timpeallacht taighde a chumasú a mbeidh d'acmhainn aici cúram othar a fheabhsú.


Nótaí

Tá teacht ar an Eolaire Tástála ar shuíomh Gréasáin FSS agus déanfar na nithe seo a leanas leis:

  • rochtain chothrom a sholáthar d’othair incháilithe ar an raon iomlán tástálacha géanómaíocha atá oiriúnach go cliniciúil agus a fhreastalaíonn ar riachtanais agus ar leitheadúlacht riochtaí sa phobal
  • sonraí soiléire a sholáthar maidir le cé na daoine a cháilíonn do tástáil agus maidir le cá háit ar cheart tástáil conair na n-othar a dhéanamh
  • cén teicneolaíocht ar cheart í a úsáid le haghaidh tástála agus cé na cliniceoirí ar féidir leo tástáil a iarraidh a shonrú
  • chaighdeánú a dhéanamh ar an gcur chuige náisiúnta maidir le tástáil agus cur chuige córasach a sholáthar chun tástálacha géanómaíocha nua a thabhairt anseo amach anseo i gcomhréir leis an taighde agus an fhianaise is déanaí

Tá sa chéad leagan seo tá fo-thacar speisialtachtaí (Cáirdeolaíocht, Oftailmeolaíocht, Lipidí, Riochtanna miteacoindreacha agus Meitibileacha) agus beidh speisialtachtaí eile agus na tástálacha gaolmhara sna leaganacha ina dhiaidh seo.