English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Butler roimh fhoilsiú den chéad Iniúchadh Náisiúnta d'Oidis a Thabhairt Amach i Seirbhísí SMPLÓ

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fháiltigh an Aire Stáit le haghaidh Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta an foilsiú de thorthaí ón gcéad iniúcadh náisiúnta riamh d'Oidis a Thabhairt Amach i Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS). Léiríonn an tuairisc torthaí ón gcéad iniúcadh neamhpleách thar 75 fhoireann CAMHS ar fud na tíre, ó Iúil go Nollaig 2021.

Ag cuir fáilte roimh an tuairisc, dúirt an tAire Butler:

"I ndiaidh imní a tháinig chun cinn de bharr Tuarascáil Maskey agus an t-Athbhreithniú Náisiúnta de CAMHS a fógraíodh ina dhiaidh sin in Eanáir 2022, d'achainigh mé ar iniúchadh náisiúnta ar chleachtas CAMHS maidir le hoidis a thabhairt agus tá áthas orm fógra a dhéanamh ó na torthaí atá le foilsiú inniu nár tháinig an iniúchadh ar aon fhianaise de ró-ordú sistéamach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach leis an iniúcadh, ach go háirithe as comhoibriú uilíoch foirne CAMHS, a chuir an suirbhé iniúchóireachta i gcrích, in ainneoin a n-éileamh cliniciúil. Ní bheadh an staidéar seo féideartha gan iad. "

Rinne foireann de shaineolaithe ar iniúcadha neamhspleáchadh an tIniúchadh, leis an Dr Colette Halpin ag déanamh cathaoirleacht uirthi, agus bhí sampla iniúchóireachta de 21,081 páiste ag freastal ar CAMHS i gceist. Laistigh den sampla iniúchóireachta, tugadh oideas di 8,191 páiste, agus astu san, roghnaíodh 3,528 go randamach mar iniúcadh a thug léargas láidir.

D'fháiltigh an tAire Butler agus an Roinn Sláine na príomhthorthaí agus moltaí ón iniúcadh náisiúnta agus dúirt an tAire:

"go bhfuil bonn fianaise láidir de shuaimhneas tugtha do mórán teaghlaigh a bhaineann úsáid as seirbhisí CAMHS, ach rud atá tábhachtach ná go léirítear ábhar gur féidir agus gur gá na próisis a fheabhsú."

Déanfaidh an Roinn Sláinte comhthadhaill leis an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun aon imní a thagann chun cinn san iniúcadh a leigheas, ag obair le ceannaire cliniciúil nua CAMHS, an Dr Amanda Burke, fad is a leanann an FSS ag déanamh seirbhís inrochtana, nua-aimseartha, otharlárnach as CAMHS.

Dúirt an tAire Butler chomh maith:

"Tá sé suaimhnitheach agus tugann sé muinín nach bhfuil fianaise ar na saincheisteanna a bhaineann le hoidis a thabhairt amach a sainaithníodh i dTuarascáil Maskey in Eanáir 2022 i gcodanna eile den tír, de réir Tuarascáil Deiridh An Coimisiún Meabhairshláinte (CM) ar Athbhreithniú Neamhspleách ar CAMHS, a foilsíodh níos luaithe an tseachtain seo."

Leanann an FSS ag dul chun cinn le dhá iniúchadh náisiúnta fághta maidir le CAMHS, eadhon an t-Iniúchadh Náisiúnta ar Chomhlíonadh Threoirlínte Oibriúcháin CAMHS agus an t-Athbhreithniú Cáilíochtúil ar Eispéiris Úsáideoirí Seirbhíse i CAMHS á dhéanamh ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá na tuarascálacha ar na hiniúchtaí seo, a bhfuiltear ag súil leo sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, beidh breithniú iomlán agus sásúil ag an rialtas freisin.


Nótaí

Bhí torthaí tábhachtacha ag iniúcadh ar Sheirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS):

Tríd is tríd, níor tháinig an iniúcadh ar fhianaise de ró-ordú cógais.

Ordaíodh cógas do níos lú ná 50% de pháistí ag freastal ar CAMHS.

Níor aithníodh ilchógaisíocht (ordú de chógais iolracha ag an am chéanna) mar fhadhb i measc:

  • 70% ar chógas amháin
  • 24% ar dhá chógas
  • 4.6% ar trí chógas

As na páistí gur ordaíodh níos mó ná cógas amháin dóibh, bhí meileatoinin (leagan sintéiseach de hormón ó nádúr atá ar fáil thar an gcuntar i mórán tíortha) ina cúis le 70% de.

Bhí 10.9% amháin ar chógas frithshíocóiseacha. Ordaíodh dáileog íseal daoibh seo.

Bhí níos mó ná leath ar chógas ag baint le NHEA.

Bhí 42% ar fhrithdhúlagráin.

Bhí baint ag sainchomhairleoir le hordú a dhéanamh i 95% de chásanna ar a déanadh iniúcadh.

Bhí plean maidir le coinne iarchúraim doiciméadaithe ag 98%.

Bhuail 95% leis an gcaighdeán do cháipéisíocht.