English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Butler roimh rith an Dara Céim den Bhille Meabhair-Shláinte 2024 sa Dáil.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Tá an Dara Céim den Bhille Meabhair-Shláinte 2024, atá le teacht in ionad an Achta Meabhair-Shláinte 2001, rite i nDáil Éireann
  • Tá sé mar thosaíocht ag an rialtas fós an Bille a thabhairt chun críche
  • Tá an Bille leasaitheach nua Meabhair-Shláinte ina bhfuil 202 alt, dírithe ar an duine agus tabharfaidh sé cosaint bhreise do chearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn

Chuir an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, fáilte inniu roimh rith an Bhille Meabhair-Shláinte 2024 tríd an Dara Céim sa Dáil, tar éis díospóireacht chuiditheach agus dhearfach ó gach taobh.

Tá an tAire Butler ag tnúth le tuilleadh díospóireachta agus le himeacht an Bhille trí na Tithe, agus le hachtú na mbeart sa Bhille tábhachtach seo ina dhiaidh sin, a sholáthróidh, in éineacht lenár mbeartas náisiúnta meabhair-shláinte, Ag Roinnt na Físe, creataí láidre reachtaíochta agus beartais do. ár seirbhísí meabhairshláinte.

Dúirt an tAire Butler:

“Is píosa fíorthábhachtach reachtaíochta é an Bille Meabhair-Shláinte agus is deis atá againn reachtaíocht mheabhairshláinte duine-lárnach a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu a nuachóiriú, a athchóiriú agus a chosaint a thuilleadh sna blianta amach romhainn."

Is píosa reachtaíochta casta agus fada é an Bille Meabhair-Shláinte 2024, ina bhfuil 202 alt, agus tá sé ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcaithtear le daoine a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí meabhairshláinte.

Ag labhairt di faoin reachtaíocht nua, dúirt an tAire Butler:

"Beidh sé de chumhacht ag daoine aonair a fhaigheann cóireáil faoin mBille Meabhair-Shláinte, 2024 ról níos gníomhaí a bheith acu maidir le cinntí a dhéanamh faoina gcúram agus faoina gcóireáil agus beidh ailíniú níos dlúithe idir an Bille Meabhair-Shláinte agus na hAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022. Cuirfear coimircí breise i bhfeidhm freisin do dhaoine aonair, cosúil le coimircí breise maidir le húsáid cleachtas sriantach, agus forálacha lena bhforáiltear do rannpháirtíocht daoine muinteartha nó cúramóirí i gcóireáil duine i gcásanna ina mbeidh a dtoiliú sainráite tugtha ag an duine.

"Rachaidh an Bille chun sochair freisin do gach duine a fhaigheann rochtain ar raon leathan de sheirbhísí meabhair-shláinte trí chóras cuimsitheach clárúcháin agus rialaithe seirbhísí meabhair-shláinte sa phobal a thabhairt isteach, den chéad uair, lena n-áirítear gach seirbhís pobail de chuid CAMHS."