Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Byrne roimh an infheistíocht bhreise a dhéanfar i seirbhísí andúile sa bhliain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, tar éis fáiltiú roimh fhoilsiú Phlean Seirbhíse Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) don bhliain 2020 agus roimh an gcistiú breise €1.2m a cuireadh ar fáil do sheirbhísí easpa dídine agus andúile don bhliain 2020.

“Ceann de na príomhthosaíochtaí a bheidh agam sa bhliain 2020 is ea feabhas a chur ar shláinte agus folláine na ndaoine sin atá thíos le heisiamh sóisialta agus le handúil i ndrugaí.

“Fáiltím roimh an leathnú suntasach a dhéanfar ar sheirbhísí andúile do mhná torracha agus iarbhreithe agus dá leanaí, go háirithe iad sin atá gan dídean. Dá bharr sin, comhlíonfar gníomhartha tábhachtacha atá sa Straitéis Náisiúnta Drugaí dar teideal ‘Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú’.

“Méadóidh FSS an líon cnáimhseach drugaí agus alcóil atá againn ó chúigear go naonúr sa bhliain 2020, á chinntiú go mbeidh cumhdach náisiúnta ann ar fud na líonraí ospidéal máithreachais uile. Chomh maith leis sin, cuirfidh FSS seirbhís nua cóireála cónaithe 20 leaba ar bun do mhná gan dídean agus dá leanaí i réigiún an iarthair láir i gcomhpháirt le Coolmine agus le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

“Toradh eile a bheidh ar an bPlean Seirbhíse is ea go méadófar an fháil ar sheirbhísí pobalbhunaithe drugaí agus alcóil agus go soláthrófar seirbhís nua cóireála alcóil san iarthar sa bhliain 2020.

“Tar éis ceadú a fháil ón gComh-aireacht i mí Lúnasa le haghaidh Clár Atreoraithe Sláinte an Rialtais a sheoladh do dhaoine a bhfaightear drugaí lena n-úsáid phearsanta ina seilbh, tacófar faoin bPlean Seirbhíse don bhliain 2020 leis an gclár sin a chur chun feidhme ar bhonn céimnithe ach scagthástáil sláinte agus idirghabháil ghearr a sholáthar do dhaoine tar éis don Gharda Síochána iad a atreorú.

“Táim tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirt le FSS agus leis an earnáil phobail agus dheonach chun dul i ngleic leis an éagothroime mhór sláinte a théann i bhfeidhm ar dhaoine atá thíos le húsáid fhadhbach drugaí agus alcóil, ar dhaoine gan dídean, ar dhídeanaithe, ar iarrthóirí tearmainn agus ar dhaoine den Lucht Siúil agus den phobal Romach. Go háirithe, táim ag tnúth le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta nua um shláinte an Lucht Siúil, rud atá á fhorbairt in éineacht leis an Lucht Siúil”.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat