Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh fhaomhadh d’ospidéil na hÉireann dul isteach i Líonraí Tagartha Eorpacha maidir le galair neamhchoitianta
- Foilsithe: 30 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh fhógra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach go bhfuil 15 iarratas (cuibhreannas go príomha) a chuir cúig ospidéal acadúla Éireannacha isteach chun dul isteach sna Líonraí Tagartha Eorpacha ceadaithe.
Is líonraí fíorúla iad Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNs) le haghaidh cliniceoirí agus taighdeoirí ar fud an AE chun saineolas, eolas agus acmhainní a roinnt maidir le galair neamhchoitianta. Déanann ERNs painéil chomhairleacha fhíorúla de speisialtóirí leighis a thionól thar dhisciplíní éagsúla, ag baint úsáide as ardán tiomnaithe TF agus uirlisí teileamhíochaine, chun diagnóis agus cóireáil othar a bhfuil galar neamhchoitianta air a athbhreithniú.
Is iad na cúig ospidéal acadúla atá ag dul isteach sna ERNanna ná Ospidéal Beaumont, Sláinte Leanaí Éireann, Ospidéal an Mater, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is forbairt shuntasach do chúram sláinte in Éirinn í rochtain ar na líonraí seo dár n-oibrithe cúram sláinte, a chuireann ar a gcumas dul i ngleic lena bpiaraí ar fud an AE maidir le sárchleachtas i gcóireáil galar neamhchoitianta. Cuidíonn na líonraí seo le forbairtí a chothú i ndiagnóis agus i gcóireáil ildisciplíneach galar neamhchoitianta lena n-áirítear galair duáin, galair néaramhatánach, ailsí péidiatraiceacha agus ailsí daoine fásta, agus galair easpa imdhíonachta, uath-athlastacha agus uath-imdhíonachta.
“An rud is tábhachtaí, is forbairt an-dearfach í seo do dhaoine aonair agus do theaghlaigh a bhfuil galair neamhchoitianta in Éirinn ag dul dóibh. Beidh othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu in ann leas a bhaint as cúram feabhsaithe agus rochtain ar chóireáil, ag cuimsiú prionsabail Sláintecare, an cúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart.”
Nótaí
Is líonraí iad ERN do chliniceoirí agus do thaighdeoirí chun saineolas, eolas agus acmhainní a roinnt ar fud an AE maidir le galair neamhchoitianta. Tá 24 ERN ag obair ar raon saincheisteanna téamacha lena n-áirítear neamhoird chnáimhe, ailse óige agus easpa imdhíonachta. Seoladh na chéad ERNanna i mí an Mhárta 2017, lenar bhain níos mó ná 900 aonad cúram sláinte an-speisialaithe ó níos mó ná 300 ospidéal i 26 tír AE. Tá ERNanna mar chuid de chreat dlíthiúil Threoir an AE um Chearta Othar i gCúram Sláinte Trasteorann a glacadh in 2011.
Tá cúig ospidéal acadúla Éireannacha ceadaithe chun dul isteach sna 15 ERN seo a leanas:
ERN | Ospidéal | |
Endo-ERN (riochtaí inchríneacha) | Ospidéal Beaumont | |
ERKNet (galair duáin) | Ospidéal Beaumont | |
EURO-NMD (galair néaramhatánacha) | Ospidéal Beaumont | |
MetabERN (neamhoird meitibileach oidhreachta) | Sláinte Leanaí Éireann | |
ITHACA (anchuma ó bhroinn agus míchumas intleachta neamhchoitianta) | Sláinte Leanaí Éireann | |
PaedCan (ailse péidiatraiceach) | Sláinte Leanaí Éireann | |
CRANIO (aimhrialtachtaí cráiniaghnúiseacha agus neamhoird cluaise, srón agus scornach (ENT)) | Sláinte Leanaí Éireann | |
TRANSPLANTCHILD (riochtaí agus aimhréidheanna a bhaineann leis an trasphlandú i leanaí) | Sláinte Leanaí Éireann | |
ERN-EYE (galair súl) | Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae | |
GUARD-HEART (galair a bhaineann leis an gcroí) | Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae | |
EURACAN (ailsí daoine fásta - siadaí soladacha) | Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann | |
ERN-LUNG (galair riospráide) | Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann | |
BOND (neamhoird cnámh) | Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Sláinte Leanaí Éireann | |
ERN-RND (galair néareolaíocha) | Ospidéal Ollscoile Thamhlachta | |
RITA (galair neamh-imdhíonachta, uath-athlastacha agus uath-imdhíonachta) | Ospidéal Ollscoile Thamhlachta |
Sainmhínítear 'galar neamhchoitianta' san Eoraip mar ghalar atá bagrach don bheatha nó a dhéanann lagú ainsealach a bhfuil tionchur acu ar 5 dhuine ar a mhéad in aghaidh an 10,000. Meastar go bhfuil thart ar 6-8,000 galar neamhchoitianta aitheanta a théann i bhfeidhm ar suas le 6% de dhaonra iomlán an AE, (ar a laghad 30 milliún Eorpach), agus b’fhéidir suas le 300,000 Éireannach le linn a saoil.