English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh fheabhsúchán maoinithe Sláintecare ar liostaí feithimh um Chliseadh Croí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2021

Laghdaíodh liostaí feithimh ó 6 mhí go 6 seachtaine a bhuíochas sin do sheirbhísí sláinte na Gaillimhe sa phobal

D’fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD roimh an nuacht go bhfuil seirbhís nua, arna maoiniú ag Sláintecare, a sholáthraíonn diagnóisic cliseadh croí agus cúram sa phobal, tar éis liostaí feithimh a laghdú ó 6 mhí go sé seachtaine.

Tá Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe ag rith na seirbhíse pobalbhunaithe le hIonaid Cúraim Phríomhúil i dTuaim, Gort, Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Gaillimhe. Ligeann an tseirbhís d’othair cúram a fháil níos gaire don bhaile in Ionad Cúraim Phríomhúil. Féadann Dochtúirí Teaghlaigh a n-othar a bhfuil amhras ann go bhfuil Cliseadh Croí ag dul dóibh a tharchur go díreach chuig an tseirbhís le haghaidh tástálacha agus diagnóis, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca d’othair gnáthchúram a bhaineann lena riocht croí a rochtain.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ciallaíonn rochtain dhíreach do dhochtúirí teaghlaigh ar dhiagnóisic gur féidir cóireáil a dhéanamh ar othair i suíomh pobail, gan dul chuig an ospidéal ach nuair is gá, rud a thagann le fís Sláintecare cúram a aistriú, mar is cuí, ó mhúnla ospidéal-lárnach.

"Tá torthaí sláinte agus cáilíocht beatha níos fearr ag othair i nGaillimh - sábháiltear uaireanta taistil agus na céadta euro i gcostais taistil anois gur féidir leo rochtain a fháil ar ghnáthsheiceálacha croí agus cúram níos gaire don bhaile agus turais chuig Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe a sheachaint."

"Tá Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe ag rith na seirbhíse pobalbhunaithe seo le hIonaid Cúraim Phríomhúil i dTuaim, Gort, Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Gaillimhe. Is féidir le Dochtúirí Teaghlaigh a n-othar a bhfuil amhras ann go bhfuil Cliseadh Croí ag dul dóibh a tharchur go díreach chuig an tseirbhís le haghaidh tástálacha agus diagnóis. Tá an tsamhail nua chúraim seo ag laghdú an bhrú ar sheirbhísí ospidéil mar Cairdeolaíocht Othar Seachtrach (OPD), an Rannóg Éigeandála (ED) agus Aonaid Ghéarmhíochaine (AMU)."

Taispeánann torthaí le déanaí ón tseirbhís:

  • Go bhfuil tástálacha diagnóiseacha faighte ag os cionn 1,000 othar tríd an tseirbhís;
  • Go bhfuil 88% d’othair na seirbhíse tar éis teacht ó atreorú ó dhochtúir teaghlaigh;
  • Go bhfuair 89% d’othair tástálacha laistigh de 6 seachtaine ón atreorú;
  • Go raibh coinní ag 55% taobh istigh de choicís nó níos lú.
  • Cuirtear é seo i gcomparáid le hamanna feithimh coitianta suas le 33 seachtaine don tseirbhís ospidéil.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá Sláintecare ag athrú ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta d’othair agus d’oibrithe cúram sláinte ar fud na tíre. Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil othair agus Dochtúirí Teaghlaigh an-sásta leis an tseirbhís le 95% d’othair ag rá go raibh siad sásta nó an-sásta leis an tseirbhís agus 94% de Dhochtúirí Teaghlaigh ag aontú nó ag aontú go láidir gur laghdaigh an tseirbhís atreoruithe chuig clinic na n-othar seachtrach.

“Is sampla iontach é seo de Sláintecare ag seachadadh torthaí agus eispéiris níos fearr dár seirbhís sláinte do chách."

Faoi láthair oibríonn an tseirbhís ó chúig chlinic i dTuaim, Clár Chlainne Mhuiris, Gort agus dhá sheirbhís i gcathair na Gaillimhe. Is féidir leis an bhfoireann na suíomhanna seo a rochtain laistigh de 45 nóiméad, agus ar an gcaoi sin an líon sliotán diagnóiseacha atá ar fáil a uasmhéadú. Tá an tseirbhís ag soláthar rochtana dírí do dhochtúirí teaghlaigh ar daichead sliotán diagnóiseacha in aghaidh na seachtaine.

CRÍOCH

Cúlra

Díríodh i dTuarascáil Sláintecare agus an cur chuige beartaithe, atá corpraithe ag an mantra “Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart” ar níos mó cúraim a aistriú isteach sna pobail, níos gaire do thithe na n-othar.

Sláintecare Ciste Comhtháthaithe

In 2019, thug Sláintecare cuireadh do gach ball foirne agus eagraíocht cúram sláinte smaointe a chur isteach chun rochtain a fháil ar chuid de chiste €20m do thionscadail a dhéanfadh cúram a chomhtháthú ar fud na seirbhíse sláinte. Bhí béim ar leith ar thionscnaimh a thacódh leis an aistriú go cúram pobalbhunaithe agus a chuideodh le cuairteanna ar ospidéil a laghdú. D’éirigh leis an roinn cairdeolaíochta in Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe agus fuair sí tacaíocht Sláintecare chun tús a chur lena gClár Diagnóisic Cairdiach Pobail, chun meaisín cardagrafaíocht mhacalla iniompartha a mhaoiniú, atá ar chomhchaighdeán leis an meaisín ospidéal-bhunaithe agus deich monatóir croí (R-tástáil). Chlúdaigh sé freisin tuarastal Fiseolaí Cairdiach Sinsearach, a dhéanann agus a thuairiscíonn na cardagrafaíochtaí macalla agus post riaracháin.