English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh Lá Náisiúnta Gan Tobac

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD gurb é inniu, Céadaoin an Luaithrigh, Lá Náisiúnta Gan Tobac na hÉireann (Dé Céadaoin an 17 Feabhra 2021).

Go traidisiúnta roghnaíodh go leor caiteoirí tobac in Éirinn Céadaoin an Luaithrigh chun éirí as tobac.

Dúirt an tAire:

"Is druga é an nicitín a chothaíonn andúil an-láidir. Glacann sé misneach agus tiomantas éirí as an tobac agus tréaslaím le gach caiteoir tobac a ghlacann an chéad chéim sin i dtreo saol níos folláine dóibh féin agus dóibh siúd timpeall orthu. Ní gá do chaiteoirí tobac é a dhéanamh leo féin. Tá seirbhís Éirigh As FSS ann chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil.

"Anois an t-am chun gníomhú mar léiríonn an fhianaise go bhfuil riosca níos airde ag daoine a chaitheann tobac maidir le hionfhabhtú COVID-19 agus tá seans níos mó ann go mbeidh drochthoradh acu ón ngalar i gcomparáid le daoine nach gcaitheann tobac.

"Is é an aidhm atá againn go mbeadh Éire saor ó thobac agus go rachaidh an galar, an míchumas agus an bás a bhaineann le húsáid tobac in éag.

"I mí na Bealtaine i mbliana, glacfaidh an Taoiseach agus mé féin, i dteannta le ceannairí stáit, ceannairí sláinte domhanda, an pobal eolaíochta agus ionadaithe na sochaí sibhialta páirt i gCruinniú Mullaigh Ceannairí Domhanda um Rialú Tobac. Is cúis bhróid d'Éirinn ár gcuid oibre maidir le rialú tobac agus táim ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe domhanda chun tuilleadh a dhéanamh i dtreo domhan atá saor ó thobac."

CRÍOCH


Nótaí

  • soláthraíonn seirbhís QUIT FSS tacaíocht phearsantaithe, saor in aisce ar an bhfón, ríomhphost, SMS agus comhrá beo
  • is féidir le daoine a chaitheann tobac glaoch ar saorghlao 1800 201 203 nó cuairt a thabhairt ar www.QUIT.ie chun leideanna agus acmhainní a fháil chun cabhrú leo éirí as caitheamh tobac, Trealamh QUIT saor in aisce a fháil, agus chun Plean QUIT a chruthú nó chun scéalta daoine eile a léamh
  • tá tacaíocht idir piaraí ar fáil ar Leathanach Facebook QUIT nó ar Twitter ag FSS QUIT @HSEQuitTeam