Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh laghdú ar amanna feithimh othar cairdiach i nDún Garbhán faoin tionscadal arna mhaoiniú ag Sláintecare
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2022
- Laghdaigh Tionscadal Cúraim Shiúlach Chomhtháite Teip Croí amanna feithimh d'othair a bhfuil riochtaí croí orthu ó 18 mí go 4 seachtaine
- D'aimsigh othair i gceantar Dhún Garbhán a raibh cliseadh croí orthu gur tháinig feabhas mór ar thorthaí le béim ar chúram pobail
D'fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu roimh thorthaí thuarascáil Chiste Comhtháthaithe Sláintecare a léiríonn go bhfuil tionscadal arna mhaoiniú ag Sláintecare in Iarthar Phort Láirge ag feabhsú go mór torthaí d'othair a bhfuil cliseadh croí ag dul dóibh trí idirghabhálacha comhtháite pobalbhunaithe.
Fuair an tuarascáil gur laghdaigh an Tionscadal Cúraim Shiúlach Chomhtháite Teip Croí i nDún Garbhán amanna feithimh maidir le hatreorú agus diagnóis d'othair a bhfuil teip croí ag dul dóibh ó 18 mí go 4 seachtaine.
Fuair an tuarascáil freisin gur laghdaigh an tionscadal amanna feithimh macallagraim d'othair ghéarmhíochaine sa cheantar go lá amháin anuas ó 3 lá. Sháraigh líon na ndaoine a cuireadh isteach san ospidéal na spriocanna a bhí leagtha síos faoi 150%.
Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tAire Donnelly:
“Chun freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás, tá Sláintecare ag obair chun an cúram ceart a sholáthar, san áit cheart, arna sheachadadh ag an bhfoireann cheart ag an am ceart. Is tionscnamh mór de chuid Sláintecare é cúram agus diagnóisic leanúnach a sholáthar i suíomh cúraim phríomhúil, ionas go laghdaíonn sé teacht i láthair ag rannóga éigeandála. Is iontach an rud é Sláintecare a fheiceáil i bhfeidhm i nDún Garbhán, áit ar éirigh le cur i bhfeidhm coinní diagnóiseacha othar seachtrach othair a atreorú ó shuíomhanna ospidéil agus torthaí sláinte a fheabhsú do na hothair sin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá fáilte mhór roimh rath an tionscadail seo i nDún Garbhán mar shampla de chúram pobail inrochtana ar thús cadhnaíochta i seachadadh cúram sláinte. Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil an tionscadal seo, cosúil le go leor eile ar fud na seirbhíse sláinte, á phríomhshruthú chun maoiniú athfhillteach a fháil gach bliain."
Dúirt Norma Caples, Ardchleachtóir Altranais um Teip Croí i nDún Garbhán:
“Tá sé ríthábhachtach d’othair a bhfuil teip croí ag dul dóibh diagnóis luath a bheith acu agus cógais atá bunaithe ar fhianaise le haghaidh teipe croí a chur i bhfeidhm go luath. Laghdaíonn sé seo an t-ualach ar ár n-acmhainní cúram sláinte chomh maith le daoine a shábháil agus cáilíocht beatha na n-othar a fheabhsú. Chonaic ár bhfoireann i nDún Garbhán é seo i bhfeidhm. Chuir an maoiniú a fuaireamar ó Sláintecare ar chumas ár gcomhaltaí foirne a chruthú cé chomh ríthábhachtach is atá an tseirbhís seo, agus ciallaíonn an maoiniú leanúnach go mbeidh go leor othar in ann freastal ar an gclinic agus an tairbhe a bhaineann le hathrú saoil a bhaint amach. Táim an-bhródúil as a bheith mar chuid den fhoireann iontach seo.”
Dúirt an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD:
“Ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair atá déanta i nDún Garbhán chun na torthaí d'othair teip croí a fheabhsú agus amanna feithimh a laghdú go suntasach. Treisíonn an dul chun cinn suntasach a rinneadh sa tréimhse ghearr seo an tábhacht a bhaineann le hidirghabhálacha pobalbhunaithe comhtháite”.
I measc na n-éachtaí eile a bhain le tionscadal Dhún Garbhán bhí an méid seo a leanas:
- Tionchar ag seachadadh na Seirbhíse Diagnóiseach Cairdiach For-rochtana ar 161 othar aonair.
- Tionchar ag Bainistíocht Rithim Chairdiach for-rochtana ar d'othair doghluaiste/fadchónaithe i dtithe altranais ar 132 othar breise (50 othar an sprioc a bhí ann).
- Samhail Chomhtháite de Chúram Teip Croí forbartha agus í á seachadadh i suíomh cúraim phríomhúil cuí le 75 atreorú bainte amach (40 atreorú an sprioc a bhí ann).