Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh rith an Bhille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2024 trí gach céim den Oireachtas
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly fáilte inniu roimh rith an Bhille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2024 ag an Seanad, agus é tar éis dul trí dhá Theach an Oireachtais. Méadóidh an Bille an íosaois dhlíthiúil a bhaineann le táirgí tobac a dhíol go 21 bliain d'aois.
Tá an beart á thabhairt isteach chun dlús a chur le caitheamh tobac a laghdú i measc daoine fásta, a d'fhan ag 18% ar feadh roinnt blianta, agus chun caitheamh tobac i measc na n-óg a laghdú go nialas. Nuair a achtófar í, beidh Éire ar an gcéad tír san AE a d’ardaigh a haois díola go 21 bliain d'aois.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe sa Dáil agus sa Seanad as tacú leis an mBille seo agus as muid a bhogadh ar aghaidh i dtreo dheireadh a chur le táirgí tobac indóite inár dtír.
"Bhí Éire ina ceannródaí le fada maidir le dul i ngleic le caitheamh tobac, ag tosú leis an gcosc ar chaitheamh tobac san ionad oibre in 2004 agus ag leanúint ar aghaidh le raon beart eile a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear srianta maidir le táirgí tobac a dhíol, a fhógairt agus a phacáistiú chun iad a dhéanamh níos mítharraingtí agus níos lú ar fáil do dhaoine óga.
"Tá mé ag súil go mór leis an mbeart seo a fheiceáil achtaithe, chun cabhrú lenár ndaoine óga andúil agus breoiteacht a bhaineann le caitheamh tobac a sheachaint."
Dúirt an tAire Stáit Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke:
"Cosnóidh an beart seo ár ndaoine óga gan tús a chur lena saol fásta a bheith tugtha do tháirge atá mar chúis le 76% d'ailsí scamhóige anseo agus a mharaíonn leath de na daoine a úsáideann é. Thacaigh mé go láidir lena thabhairt isteach ón tús agus táim ag súil go mór len é a achtú."
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan:
"Is céim shuntasach eile é achtú na reachtaíochta seo inár n-iarrachtaí chun leibhéil caitheamh tobac a laghdú. Is é caitheamh tobac an fachtóir riosca is mó i gcónaí a bhíonn mar chúis le míchumas agus bás inár dtír, rud a chuireann ualach mór ar ár seirbhís sláinte. Cuideoidh an beart seo le deireadh a chur leis an mbagairt leanúnach seo agus tacóidh sé le daoine tabhairt faoi nósanna níos sláintiúla.
Rachaidh an Bille ar aghaidh anois chuig an Uachtarán lena shíniú. Ar é a shíniú, tiocfaidh an tAcht i bhfeidhm an 1 Feabhra 2028. Tugann seo am le haghaidh idirthréimhse, a chinntíonn nach rachaidh sé i bhfeidhm ar dhaoine aonair atá incháilithe táirgí tobac a cheannach faoi láthair, go háirithe iad siúd atá idir 18 agus 21 bliain d'aois.
Foráiltear leis an mBille go leathnófar pionóis reatha d'aon duine a chiontaítear as táirgí tobac a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois chun ciontuithe a bhaineann le díolacháin le daoine faoi bhun 21 bliain d'aois a chlúdach, lena n-áirítear fíneálacha suas le €4,000 nó sé mhí príosúnachta, nó iad araon, as an gcéad chion.