English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh thuarascáil bhliantúil IBTS agus gabhann sé buíochas leo siúd a shábháil beatha daoine trí fhuil a dheonú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2022

D'fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS) do 2021.

Leagann an tuarascáil béim ar obair an IBTS as soláthar fola chuig ospidéil a chothabháil in ainneoin na ndúshlán a chruthaigh COVID-19. Tuairiscíodh 127,614 deonú rathúil don bhliain ó bheagnach 73,000 deontóir aonair.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Cuireann an tuarascáil seo béim arís ar an tionchar a bhí ag COVID-19 ar fud an chórais sláinte ar fad. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'fhoireann uile IBTS a chuaigh i ngleic leis an dúshlán lena chinntiú go raibh gach rud i gceart sna clinicí agus go raibh siad sábháilte agus go raibh an soláthar fola chuig ár n-ospidéil cinntithe i gcúinsí eisceachtúla. Ar ndóigh, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leat le gach duine a thug fola. Is gníomh neamhleithleach amach is amach é, gníomh dlúthpháirtíochta leis an bpobal i gcoitinne agus gníomh a shábhálann beatha daoine."

Gach bliain bíonn fuilaistriú ag teastáil ó thart ar 1% den daonra agus beidh fuil ag teastáil ó dhuine as gach ceathrar ag pointe éigin inár saol. Cabhraítear le hothair in ospidéil ar fud na tíre ina dtéarnamh trí fhuil a bheith ar fáil go réidh ar bhonn seachtainiúil, agus teastaíonn thart ar 3,000 deonú ón IBTS gach seachtain chun leanúint ar aghaidh ag freastal ar an éileamh.

Dúirt an tAire Donnelly freisin:

“Leagtar béim sa tuarascáil ar na bearta nuálacha atá á ndéanamh ag IBTS chun deonú a spreagadh. Áirítear leis seo an rogha tairseach ar líne a úsáid chun foirmeacha agus athruithe i gclinicí a chomhlánú chun an próiseas deonaithe a dhéanamh níos tapa. Chabhraigh na hiarrachtaí seo chun tinreamh deontóirí in 2021 a chinntiú le méadú beagnach 2% ar thinreamh in ainneoin an chur isteach de bharr COVID. Is féidir linn rudaí a dhéanamh níos fearr, áfach, agus mholfainn do gach deontóir fola, agus dóibh siúd ar mhaith leo a bheith ina ndeontóirí fola, cuairt a thabhairt ar an gclinic is gaire dóibh agus fuil a dheonú."

Chun tuilleadh eolais a fháil ar cháilitheacht deontóirí agus ionaid na gclinicí ar fud na tíre, téigh chuig an láithreán gréasáin www.giveblood.ie