Fáiltíonn an tAire Feighan roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála ar Chreat Torthaí Éire Shláintiúil
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2022
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, T.D., roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála ar Chreat Torthaí Éire Shláintiúil.
Tá mar chuspóir ag an gCreat Torthaí, a foilsíodh go déanach in 2018, monatóireacht a dhéanamh ar bhaint amach spriocanna agus táscairí feidhmíochta Éire Shláintiúil agus iad a chur chun cinn. Cuirtear cur chuige struchtúrach ar fáil ann chun sonraí ábhartha a thuairisciú ar féidir iad a úsáid le feasacht a fhorbairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte, chun tacú le tionchar beartas ar na torthaí lenar comhaontaíodh, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht Chreat Éire Shláintiúil agus beartais eile idirnasctha Rialtais a ghlacann páirt chun tacú le sláinte agus folláine.
Tugadh feabhsúcháin faoi deara i dtaobh roinnt tosca riosca stíl mhaireachtála. Bhain rátaí caithimh tobac athrú dearfach amach ó 2015 (chaith 23% de dhaoine tobac in 2015, 17% in 2019, agus 18% in 2021). Tá meath tagtha ar leibhéil rómheáchain agus mhurtaill (39% in 2017 anuas go 37% in 2019), agus tá laghdú tagtha freisin ar channabas a úsáid (an druga neamhdhleathach is mó a úsáidtear in Éirinn). Tá méadú tagtha ar an gcéatadán daoine fásta a chloíonn leis na Treoirlínte Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp i measc daoine fásta aníos ó 44% in 2015 go 46% in 2019.
Tugtar chun solais i dtorthaí na tuarascála chomh maith ionchas saoil atá ag dul i méid (84.7 bliain faoi láthair i measc ban agus 80.8 bliain i measc fear), ar méadú beagnach 3 bliana ar bhlianta sláintiúla den saol é seo, treochtaí atá ag ísliú i dtaobh rátaí forleithne agus básmhaireachta i dtaobh go leor ailsí agus ardleibhéil rannpháirtíochta i scagthástáil agus in imdhíonadh (cé gur tugadh meath beag faoi deara i rannpháirtíocht i gcomparáid leis na bonnlínte).
I measc na dtorthaí dearfacha eile, tá rátaí arda agus cobhsaí coinneála in oideachas, tar éis gur chríochnaigh 91.2% de scoláirí an Ardteistiméireacht in 2018-19 agus go bhfuil Ardteistiméireacht nó cáilíocht níos airde ag 82% den daonra in 2021. Tá méadú tagtha ar éifeachtúlacht fuinnimh áiteanna cónaithe (rátáil fuinnimh foirgnimh (BER); agus tháinig méadú ar na háiteanna cónaithe a bhain rátálacha BER A nó B amach idir 2018 agus 2021). Tá dífhostaíocht laghdaithe, agus tá laghdú tagtha ar an gcomhréir dhaoine a chónaíonn i dteaghlaigh gan phoist
Ag labhairt dó faoi thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Feighan:
“Tá gliondar croí orm fáilte a chur roimh an chéad Tuarascáil ar an gCreat Torthaí, ar garsprioc mhór í i dtaobh tacú le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar Chreat agus Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil. Cuireann sé roghbhlúire ar fáil ar an tsláinte náisiúnta, agus léargas ginearálta soiléir ar ár ndul chun cinn i dtaobh tacú le sláinte agus folláine phoiblí ó seoladh Creat Éire Sláintiúil in 2013.”
Tugtar chun solais sa Tuarascáil chomh maith, áfach, roinnt saincheisteanna buartha, is é sin, tionchair shocheacnamaíocha agus shláinte COVID-19, na tionchair a imríonn ardchostais tithíochta, truailliú agus athrú aeráide, agus an gá atá le hairdeall leanúnach i dtaobh rioscaí a laghdú a bhaineann le stíl mhaireachtála roimh shláinte poiblí i gcomhthéacs an daonra atá ag dul in aois.
Dúirt an tAire Feighan freisin:
“Cé go dtugann na sonraí a bailíodh sa tuarascáil le fios go bhfuil dul chun cinn suntasach déantar i dtaobh tacú le sláinte agus folláine, tugtar chun solais ann freisin limistéir ina dteastaíonn díriú agus tacaíochtaí leanúnacha beartais, chun an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo a chothú agus a fheabhsú. Leanfaidh Tuarascálacha Chreat Torthaí Éire Shláintiúil de bheith sárluachmhar chun dul chun cinn agus aon saincheisteanna buartha a thabhairt chun solais.”
Gabhann go leor de na tomhais táscaire siar go dtí tráth roimh nó i rith phaindéim COVID-19; déanfar scagadh níos mionsonraithe ar na tionchair éagsúla a bhaineann leis seo faoin gcéad Tuarascáil eile i gceann dhá bhliain. Ba cheart a thabhairt faoi deara, chomh maith, nach gcuirtear san áireamh sa Tuarascáil, i bhformhór na gcásanna, an méadú a tháinig le déanaí ar chostais mhaireachtála in 2022, de bharr tréimhsiúlacht an tuairiscithe sonraí i gcás fhormhór na dtáscairí, agus beidh seo faoi chaibidil sa chéad Tuarascáil eile.
Tá mar aidhm ag Creat Torthaí Éire Shláintiúil agus ag na Tuarascálacha tacú le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar Chreat agus Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil, agus príomhghnéithe iad freisin d’iarrachtaí níos fairsinge an Rialtais chun monatóireacht a dhéanamh ar fholláine shóisialta agus gheilleagrach tríd an gCreat Folláine d’Éirinn, gealltanas a rinne i gClár an Rialtais (PfG) chun sraith innéacsanna a fhorbairt chun íomhá chruinn iomlánaíoch dá fheabhas atá ag éirí le hÉirinn a chruthú.
NÓTA DON EAGARTHÓIR
Tugtar chun solais i dtorthaí na Tuarascála a eisíodh inniu:
Bearta Coisctheacha
- Tá meath ag teacht ar rátaí scagthástála agus imdhíonta, cé go bhfuil ardrátaí bainte amach acu;
- Tugadh faoi deara nach bhfuil treochtaí ag athrú nó tá siad ag dul i léig i dtaobh rátaí forleithne agus básmhaireachta i measc fhormhór na n-ailsí; ach tá forleithne ailse chíche i measc ban ag dul i méid go mór ó 2014 ar aghaidh.
Básmhaireacht agus Galracht
- Tá ionchas saoil in Éirinn ag dul i méid (84.7 bliain i measc ban agus 80.5 bliain i measc fear), agus is amhlaidh atá na blianta sláintiúla den saol (70.5 bliain i measc ban agus 68.6 bliain i measc fear). Ach, léirítear in éifeachtaí Covid-19 treochtaí idirnáisiúnta ionchais saoil a chuaigh i léig in 2020-2021 mar thoradh ar an bpaindéim;
- Tháinig laghdú ar bhásmhaireacht i dtimpistí um thrácht ar bhóithre ina raibh imbhuailtí idir feithiclí agus rothaithe agus coisithe i gceist idir 2018 agus 2021 (maraíodh 41 -20 duine; coisithe, maraíodh 9-7 nduine, rothaithe).
- Tá laghdú tagtha ar an dóchúlacht neamhchoinníollach go bhfaighfear bás idir aois 30 agus 70 bliain (gach cúis) agus, ar leith uaidh sin, de bharr na 4 mhóraicme ghalair neamhtheagmhálach.
Rioscaí Stíl Maireachtála agus Iompraíochta
- Tugadh feabhsúcháin faoi deara i dtaobh roinnt tosca riosca stíl mhaireachtála; tá meath tagtha ar nó tá cobhsaíocht go mór mór bainte amach ag táscairí cosúil le rátaí caithimh tobac agus leibhéil rómheáchain agus mhurtaill, cé go leanann siad de bheith ina n-ábhar buartha; ach is ábhar buartha é an méadú ar rómheáchan agus murtall i measc ban, áfach;
- Tá an líon daoine fásta atá ag cloí leis na treoirlínte náisiúnta gníomhaíochta coirp méadaithe aníos ó 44% go 46% (méadú 4.5%) idir 2015 agus 2019.
- Tá méadú beag bainte amach ag rátaí cothaithe cíche, a bhain nach mór 58% amach in 2019.
- Tá laghdú tagtha ar an líon ógánach a mbíonn gnéas riamh acu idir 15 agus 17 mbliana d’aois. Tá laghdú tagtha freisin ar úsáid coiscíní san aoisghrúpa seo, ina measc siúd atá gníomhach ó thaobh gnéis de, ach tá an dóchúlacht ann nach léirítear go hiomlán sna sonraí an glacadh méadaithe le foirmeacha níos nua-aimseartha d’fhrithghiniúint.
- Bhain an chomhréir dhaoine a thug le fios iad féin go raibh ólachán trom eipeasóideach (ragús óil) ar bun acu meath mór amach idir 2018 agus 2021, anuas ó 37% go 22%; ach ba cheart a bheith cúramach agus na torthaí seo á léirthuiscint mar gheall gur thit tréimhse ina raibh ardsrianta Covid-19 i gceist nuair a bailíodh na sonraí.
Tosca Folláine
- I dtaobh sláinte agus cóngas sóisialta, thug 81% d’fhreagróirí Shuirbhé Éire Shláintiúil (2021) leibhéil níos ísle de chóngas sóisialta le fios agus thug 30% le fios go ndeachaigh a meabhairshláinte in olcas ó thús na paindéime. Thit an Suirbhé seo amach, áfach, i rith tréimhse ina raibh ardsrianta Covid-19 i gceist; d’fhéadfadh na figiúirí seo a bheith níos dearfaí mar gheall go bhfuil saoirse ag daoine anois níos mó idirghníomhú a dhéanamh.
- Tugtar le fios sna figiúirí i dtaobh sláinte fhoriomlán fhéinrátáilte gur bhraith 87.0% den daonra in 2016 go raibh sláinte mhaith nó an-mhaith acu, ar laghdú beag é seo anuas ó fhigiúr 88.3%. na bliana 2011. Cuirfidh sonraí ó Daonáireamh Náisiúnta 2022 nuashonrú cuimsitheach ar fáil;
- Tháinig laghdú 4.4% idir 2002 agus 2018 ar an gcéatadán daoine óga a thugann le fios go mbraitheann siad sábháilte sa cheantar ina gcónaíonn siad. Níor tháinig athrú, den chuid ba mhó, ar a mhacasamhail de mhéadracht, áfach, a thug le fios go mbraitheann daoine níos sine ná 50 bliain d’aois sábháilte lasmuigh sa dorchadas.
Tá teacht ag céatadán ard den daonra uirbeach (94.5%) ar spás glas áineasa laistigh d’fhad siúil 10 nóiméad, ach d’fhéadfadh go mbeadh clúdach feabhsaithe sonraí ag teastáil.
Tosca Socheacnamaíocha agus Timpeallachta
• D’imir an phaindéim tionchar suntasach ar fhostaíocht; tá roinnt iarthionchar fós á n-imirt ach tá fostaíocht iomlán bainte amach ag Éirinn faoi láthair, mar sin féin. Tháinig laghdú ar an líon daoine a chónaíonn i dteaghlaigh gan phoist anuas ó 9.5% in 2020 go 7.2% in 2021.
• Tháinig laghdú ar easpa dídine i rith na paindéime mar gheall ar idirghabháil rialtais gan choinne (e.g. tugadh toirmeasc ar dhíshealbhú tionóntaí, reo cíosanna agus toilleadh méadaithe leapacha isteach). I ndiaidh gur baineadh na bearta coisctheacha sin, áfach, tá líonta daoine gan dídean ag dul i méid.
• Tháinig méadú ar an gcéatadán den daonra a bhain Ardteistiméireacht nó cáilíocht níos airde amach idir 2018 agus 2021 (ó 78% in 2018 go 82% in 2021); tá rátaí coinneála ard agus cobhsaí, tar éis gur chríochnaigh 91.2% an Ardteistiméireacht in 2018-19.
• Tá feabhas ag teacht ar rátálacha éifeachtúlachta fuinnimh, agus tháinig méadú suntasach (54.5%) ar an líon iomlán rátálacha A nó B idir 2018 agus 2021;
• Bhain cáilíocht an uisce óil méaduithe beaga amach, ach tháinig laghdú ar innéacs cháilíocht aeir an GCC anuas ó 34 go 29 idir 2018 agus 2021.
• Tháinig laghdú ar an gcéatadán daoine nach raibh in ann a n-áit chónaithe a choimeád te a dhóthain anuas ó 4.4% go 3.2% ó 2018 go 2021. Ach ní chuirtear san áireamh sna torthaí, áfach, méaduithe a tháinig le déanaí ar chostas fuinnimh in 2022.
Láithreáin Ghréasáin:
Tá Creat bunúil Torthaí Éire Shláintiúil, agus an Tuarascáil, ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/030396-healthy-ireland-outcomes-framework/
Tá Creat Folláine an Rialtas ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/campaigns/1fb9b-a-well-being-framework-for-ireland-join-the-conversation/?referrer=http://www.gov.ie/wellbeing-framework/