Fáiltíonn an tAire Harris roimh chruinniú tionscnaimh na Comhairle Neamhspleáiche um Shábháilteacht Othar
- Foilsithe: 27 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2020
Thionóil an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar an chéad chruinniú dá cuid sa Roinn Sláinte inniu. Ceapadh an Chomhairle chun comhairle agus treoir ó raon leathan dearcthaí a thabhairt don Aire Sláinte i leith an beartas um shábháilteacht othar a fhorbairt.
Ag labhairt dó faoin ábhar, dúirt an tAire Harris:
“An bhonnchloch dár gcóras cúram sláinte is ea sábháilteacht othar. Cuirfidh an Chomhairle go mór leis an raon tionscnamh atá ar bun ag an rialtas cheana féin chun feabhas a chur ar an teagmháil le saineolaithe ábhartha, le ceannairí agus le saoránaigh le linn beartais a cheapadh. Tá raon leathan saineolais agus taithí ag na comhaltaí den Chomhairle, a thagann ó roinnt cúlraí éagsúla – oideachas, sábháilteacht othar, beartas sláinte agus ceannaireacht cúram sláinte ina measc. Rud tábhachtach, tá triúr comhaltaí againn a dhéanann ionadaíocht do ghuth an othair.”
Saincheist náisiúnta agus idirnáisiúnta araon is ea sábháilteacht othar. Sainaithníodh í mar cheann amháin de na príomhchúiseanna le hualach domhanda an ghalair. Is gníomhaíocht rioscúil ó dhúchas é soláthar cúram sláinte agus ní féidir earráidí a sheachaint i gcónaí. Cruthaíodh ar bhonn idirnáisiúnta gur féidir dochar a mhaolú agus a theorannú agus cultúr foghlama a chothú trí reachtaíocht um shábháilteacht othar a thabhairt isteach agus gur féidir an ghníomhaíocht sin a dhéanamh chun an líon teagmhas agus costas aon dochair d’othair – idir dhochar neamhbheartaithe agus dhochar nach rabhthas ag súil leis – a laghdú.
Dúirt an tAire Harris freisin:
“Beidh an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar faoi chathaoirleacht ag Noeline Blackwell. Ag obair di mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú agus mar Stiúrthóir ar an Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce, agus i róil eile, tá sí ag obair ar leibhéal sinsearach le blianta fada anuas chun dul i ngleic le fadhbanna casta deacra. Mórchúis áthais dom is ea caighdeán na gcomhaltaí den Chomhairle agus an t-am pearsanta a chuir siad i leataobh don obair seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo go léir as ceannaireacht a thaispeáint agus iad ag glacadh leis an ról seo. Creidim go láidir go n-imreoidh an Chomhairle seo ról ríthábhachtach maidir leis an gclár oibre beartais um shábháilteacht othar a chur ar aghaidh.”
Dúirt Noeline Blackwell, Cathaoirleach an Choiste:
“Is mór an onóir dom gur ceapadh mé mar Chathaoirleach ar an gComhairle thábhachtach seo. Tá sé beartaithe agam obair go dlúth leis na comhaltaí chun rannchuidiú dearfach éifeachtach a dhéanamh don Aire Sláinte i leith an beartas um shábháilteacht othar in Éirinn a fhorbairt.”
Is é an chéad rud a dhéanfaidh an Chomhairle ná comhairle agus treoir a thabhairt don Roinn Sláinte maidir le Creat um Nochtadh Oscailte a fhorbairt. Beidh sé mar aidhm leis an gCreat sin cabhrú le heagraíochtaí agus cliniceoirí prionsabail an nochta oscailte a chur i bhfeidhm agus iad ag déanamh cumarsáid le hothair nuair a théann rudaí amú i gcúram sláinte.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Is iad seo a leanas na comhaltaí den Chomhairle;
- Noeline Blackwell Uas. – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ionad Éigeandála Bhaile Átha *Cliath um Éigniú – Cathaoirleach
- An Dr Paul D’Alton – Ceann ar an Roinn Síceolaíochta, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
- Brigid Doherty Uas. – Othar/Guth an Othair
- An tUas. Brian Fitzgerald – Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ospidéal Beacon
- An tOllamh Gerry Fitzpatrick – Leas-Uachtarán, Coláiste Ainéistéiseolaithe na hÉireann
- An Dr Úna Geary – Stiúrthóir um Cháilíocht, Sábháilteacht agus Feabhsú, Ospidéal San Séamas
- An Dr Colm Henry – Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Kerrie Leonard Uas. – Othar/Guth an Othair
- Peggy Maguire Uas. – Stiúrthóir, Institiúid na hEorpa um Shláinte Ban
- Niamh Muldoon Uas. – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Comhairle Tréidlianna na hÉireann
- An tOllamh Charles Normand – Ollamh Edward Kennedy le Beartas agus Bainistíocht Sláinte, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- An tUas. Martin O'Halloran – Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
- An Dr Cathal O'Keeffe – Ceann Riosca Chliniciúil, An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
- An Dr Brian Place – Othar/Guth an Othair
- An tUas. Phelim Quinn – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
- Suzette Woodward Uas. – Saineolaí Idirnáisiúnta ar Shábháilteacht Othar
Comhaontóidh an Chomhairle téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú dá cuid.
Ceaptar comhaltaí ar feadh tréimhse idir trí bliana agus cúig bliana agus tiocfaidh siad le chéile dhá uair nó trí huaire in aghaidh na bliana de ghnáth.