Fáiltíonn an tAire Míchumais roimh an bhfógairt gur ceapadh an tUasal Robbie Ryan ina Chathaoirleach Athbhreithnithe ar an mBuan-Nós Imeachta Oibriúcháin um Measúnú Riachtanais
- Foilsithe: 8 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit Míchumais, Anne Rabbitte, T.D., fáilte roimh an Uasal Robbie Ryan a cheapadh ina Chathaoirleach ar Athbhreithniú ar an mBuan-Nós Imeachta um Measúnú Riachtanais do Leanaí.
Ceanglaítear san Acht um Míchumas (2005) ar FSS Mheasúnú Riachtanais a sholáthar do leanaí agus daoine óga a rugadh an 1 Meitheamh 2002 nó ina dhiaidh sin a cheaptar atá faoi mhíchumas. Mar iarracht chun nósanna imeachta a chaighdeánú agus lena éascú measúnuithe tráthúla a dhéanamh, d’fhorbair FSS Buan-Nós Imeachta Oibriúcháin (BNIO) le haghaidh Measúnú Riachtanais. Chuir FSS an BNIO i bhfeidhm do gach iarratasóir ón 15 Eanáir 2020. Mar chuid den phróiseas nua seo a chur i bhfeidhm, gheall FSS agus Ceardchumann Fórsa do chomh-athbhreithniú ar a ndéantar cathaoirleacht neamhspleách a dhéanamh.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Tuigim go maith go ndearnadh plé fairsing ar an mBuan-Nós Imeachta Oibriúcháin i bhfóraim éagsúla le roinnt míonna anuas, agus gur thug páirtithe leasmhara éagsúla buarthaí chun solais maidir leis an bhformáid nua mheasúnaithe, agus cuirtear fáilte mhór roimh an athbhreithniú seo, dá bharr.
“Is eol dúinn gur theastaigh bunathrú ón gcóras a bhí i bhfeidhm roimh Eanáir 2020. Tuigim anois go bhfuil dearcthaí athraitheacha ann faoi conas a oibríonn sé, agus cuireann seo deis iontach ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar conas atá an fhormáid nua seo de mheasúnú ag oibriú ar an talamh, do leanaí, teaghlaigh agus do chliniceoirí.
“Baineann rioscaí cliniciúla leis an neamhábaltacht chun idirghabháil a sholáthar i ndiaidh measúnuithe an-chuimsitheacha agus fada a dhéanamh. Baineann an córas nua seo cothromaíocht amach idir measúnuithe níos giorra a sholáthar, a ngabhann idirghabháil thráthúil leo.
“Tá an sprioc chéanna againn go léir chun tacaíochtaí a sholáthar do gach leanbh a bhfuil riachtanais bhreise acu agus cinnteoidh an próiseas measúnaithe a athchóiriú, anuas ar bhearta eile chun teacht a mhéadú ar idirghabháil, gur féidir linn dul chun cinn inbhuanaithe a dhéanamh chun feabhas a chur ar theacht ar sheirbhísí míchumais leanaí. Is é bunchuspóir an chuir chuige seo a chur ar chumas gach linbh a lánchumas a bhaint amach. Táim ag tnúth le toradh an athbhreithnithe agus le haon mholtaí a dhéanfar,”
a dúirt an tAire Rabbitte mar fhocal scoir.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá comhaontú déanta anois ar na téarmaí tagartha don athbhreithniú seo, ar a ndéanfaidh an tUasal Robbie Ryan cathaoirleacht. Beidh cúigear ainmnithe ó Fórsa agus cúigear ó FSS sa ghrúpa athbhreithnithe agus cuirfear tús le cruinnithe i Márta 2021.
Déanfaidh na hainmnithe seo ionadaíocht do réimse páirtithe leasmhara, Oifigigh Mheasúnaithe, Bainisteoirí Líonra Míchumais Leanaí, Cinn Seirbhísí Míchumais, Clár Náisiúnta Cliniciúil do Dhaoine faoi Mhíchumas, Teiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí, Síceolaithe agus Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga.
Déanfaidh an grúpa an méid seo a leanas i gcaitheamh tréimhse 12 mhí,
- Scrúdú ar an BNIO reatha maidir le Measúnú Riachtanais, ach go háirithe na saincheisteanna a thagann chun solais maidir leis an Réamh-Mheasúnú Foirne.
- Scrúdú agus cainníochtú ar acmhainní foirne reatha, idir cliniciúil agus riaracháin, a bhaineann leis na riachtanais a bhaineann le Measúnú Riachtanais faoin Acht um Míchumas, (2005) a chomhlíonadh. Aon easnaimh a shainaithint agus moltaí a dhéanamh do réitigh.
- Riachtanais acmhainní bonneagracha a scrúdú chun AON a sholáthar, e.g. acmhainní nach mbaineann leis an bhfoireann, cosúil le tacaíochtaí TF, etc. Aon mholtaí cuí a dhéanamh.
- Measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn an BNIO maidir leis an Measúnú Riachtanais. Áireofar leis seo scrúdú a dhéanamh ar shonraí gníomhaíochta an Mheasúnaithe Riachtanais agus díriú ar leith ar na líonta measúnuithe a críochnaíodh agus amfhrámaí reachtúla a bhaint amach.
Eiseoidh an Cathaoirleach tuarascálacha eatramhacha i ndiaidh 3 mhí, 6 mhí agus eiseofar tuarascáil deiridh i ndiaidh 12 mhí. Is féidir leis an gCathaoirleach an cinneadh a dhéanamh chun cuireadh a thabhairt d'aighneachtaí ó aon pháirtí eile a cheapann sé is cuí ar mhaithe leis an athbhreithniú seo, e.g. CORU, HIQA, comhlachtaí gairmiúla, etc.
Eolas Breise
Sholáthair an Rialtas reatha acmhainní breise substainteacha chun feabhas a chur ar Sheirbhísí Míchumais Leanaí agus leanann an tAire Rabbitte le tús áite a thabhairt don limistéar seo go fóill.
Cuireadh €7.8 milliún ar fáil do FSS i Lúnasa 2020 trí Sláintecare chun dul i ngleic le Measúnuithe Riachtanais a bhí dlite thar téarma.
I rith na tréimhse ó Mheán Fómhair go Feabhra 2020, tá go leor oibre déanta ag gach eagraíocht sláinte pobail chun dul i ngleic lena MRanna a bhí dlite thar téarma i gcomhthráth leis an mbainistíocht leanúnach a dhéanamh a déanamh ar iarratais nua ar MRanna.
Anuas air sin, sholáthair Buiséad 2021 100 post teiripe breise a chur ar fáil d’Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí i mbliana.