Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an gcéad chruinniú de chuid Bhord nua FSS – Tá an feabhas ar rialachas agus cuntasacht FSS ar cheann de na príomh-bhunspriocanna inghnóthaithe leis an gclár Sláintecare
- Foilsithe: 28 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2019

Bhuail Simon Harris TD, an tAire Sláinte, leis na comhaltaí den Bhord nua ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) inniu (Dé hAoine) sular tionóladh an chéad chruinniú de chuid an Bhoird.
Níos luaithe sa tseachtain, chuir an tAire a lámh le hordú tosach feidhme don Acht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2019, rud lena mbunaítear Bord FSS go foirmiúil le héifeacht ón 28 Meitheamh 2019.
Chun an méid sin a chomóradh, reáchtáil Bord FSS an chéad chruinniú reachtúil dá chuid in Ospidéal an Dr Steevens inniu, tar éis don Aire bualadh leis an mBord ar maidin.
Dúirt an tAire,
“Tá an-áthas orm bheith anseo inniu ag an imeacht tábhachtach seo. Cabhróidh bunú an Bhoird le feabhas a chur ar fhormhaoirseacht agus rialachas inár seirbhís sláinte.
“Níl aon amhras orm go mbeidh an obair sin dúshlánach, ach is obair an-tábhachtach í freisin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcathaoirleach agus leis an deichniúr comhaltaí as iad féin a chur ar aghaidh agus táim ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar leo ar mhaithe leis an tseirbhís sláinte a fheabhsú agus a athchóiriú dár n-othair.”
Cuimsíonn an Bord Cathaoirleach – an tUas. Ciarán Devane – agus deichniúr comhaltaí eile faoi láthair, agus ceapfar comhalta eile go luath. Mar gheall ar mhéid na seirbhíse sláinte agus ar an gcastacht a bhaineann léi, is ag na ceapaithe atá an raon inniúlachtaí a bheidh ag teastáil chun an Bord a chumasú FSS a rialú agus a threorú. Áirítear leo sin inniúlachtaí i réimsí an rialachais chorparáidigh, na pleanála straitéisí agus na bainistíochta airgeadais.
Beart ríthábhachtach eile maidir leis an tseirbhís sláinte a athrú agus a fheabhsú ba ea an tUas. Paul Reid a cheapadh le déanaí mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
“I bhfianaise na gcúraimí corraitheacha dúshlánacha atá le cur i gcrích agus an clár Sláintecare á chur chun feidhme againn, is suntasach an rud é go gcuimsíonn an Bord ionadaithe do thathantóirí othar agus do ghairmithe sláinte araon.
“Cinnteoidh sé sin go dtabharfar aird ar thuairimí othar agus ar thuairimí gairmithe sláinte agus ár seirbhís sláinte á hathchóiriú. Cabhróidh an Bord go mór le rialachas FSS a neartú agus leis an bhformhaoirseacht a dhéanfar ar FSS agus feidhmíocht FSS a fheabhsú,” a dúirt an tAire freisin.
Ceapadh an Bord ar bhonn riaracháin níos luaithe i mbliana agus tháinig sé le chéile roimh an gcruinniú foirmiúil inniu chun ullmhú do thosach feidhme na reachtaíochta.
Is iad seo a leanas na comhaltaí den Bhord:
- Ciarán Devane, Cathaoirleach, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Breataine
- An tOllamh Deirdre Madden, Leaschathaoirleach, Ollamh le dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Cathaoirleach ar an gCoimisiún um Shábháilteacht Othar agus Dearbhú Cáilíochta
- Fergus Finlay, iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Barnardo’s
- Tim Hynes, Grúp-Phríomhoifigeach Faisnéise, Bainc-Aontas Éireann
- Brendan Lenihan, Stiúrthóir Bainistíochta, Navigo Consulting, agus Cuntasóir Cairte
- An Dr Sarah McLoughlin, Oifigeach Eolaíochta agus Cumarsáide in Retina International agus tathantóir othar
- Mark Molloy, Suirbhéir Cainníochta, comhalta den Sainghrúpa um an Dlí Torta a Athchóiriú agus um Éilimh Faillí Cliniciúla a Bhainistiú agus tathantóir othar
- Aogán Ó Fearghail, iar-Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael
- An tOllamh Fergus O’Kelly, Ollamh Cliniciúil le Cleachtas Ginearálta/Leigheas Teaghlaigh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Fiona Ross, Cathaoirleach ar Chóras Iompair Éireann agus ar Mheabhairshláinte Éireann
- An Dr Yvonne Traynor, leasuachtarán ar Ghnóthaí Rialála agus Eolaíocha le Grúpa Chiarraí
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Foráiltear leis an reachtaíocht go mbeidh dháréag comhaltaí ag an mBord. Tá comhalta eile ar gairmí sláinte é/í le ceapadh go luath.
I gcás aon cheisteanna, iarrtar ar iriseoirí ríomhphost a sheoladh chuig press_office@health.gov.ie nó glao a chur ar 01 635 4477, seachas teagmháil a dhéanamh go díreach le haon chomhaltaí ar leith.
Beathaisnéisí
Ciarán Devane – Cathaoirleach
Is é an tUas. Devane an Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Breataine, ar comhlacht poiblí é a bhfuil buiséad £1.2b aige. Fostaíonn an Chomhairle 12,000 duine i 115 thír. Bhí sé ina chomhalta de Bhord NHS Shasana sa tréimhse 2012-2015. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Macmillan Cancer Support, carthanas sláinte sa Ríocht Aontaithe, roimhe seo freisin. Rinneadh ridire de mar gheall ar a sheirbhísí d’othair ailse.
Fergus Finlay
Chuaigh Fergus Finlay ar scor le déanaí tar éis dó 13 bliana a chaitheamh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Barnardo’s, an carthanas leanaí is mó in Éirinn. Ar feadh thart ar fhiche bliain roimhe sin, bhí sé fostaithe mar Chomhairleoir Sinsearach do Pháirtí an Lucht Oibre. Bhí sé ar dhuine de dhréachtóirí Dhearbhú Shráid Downing agus bhí ról lárnach aige i dtoghadh an Uachtaráin Máire Mhic Róibín. D’fhóin sé mar Stiúrthóir ar Wilson Hartnell Public Relations freisin. Tá ceithre leabhar móréilimh scríofa aige.
Tá sé ag dul i mbun feachtais ar son cearta daoine faoi mhíchumas ar feadh a shaoil agus, san am i láthair, déanann sé cathaoirleacht ar thascfhórsa Rialtais a bhfuil sé de dhualgas air straitéis chuimsitheach fostaíochta a chur chun feidhme do dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, tá sé ag obair mar Chathaoirleach ar Bhord Athnuachana Theach an Charnáin le deich mbliana anuas. Tá sé ina Chathaoirleach ar Lakers i mBré freisin, rud ar cumann agus soláthraí seirbhíse an-rathúil é do dhaoine óga agus aosaigh atá faoi mhíchumas intleachta. Craolann sé go rialta ar an raidió agus ar an teilifís agus scríobhann sé colún seachtainiúil don Irish Examiner. Sa bhliain 2013, bhronn Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath Dámhachtain Chearta an Duine ar Fergus Finlay chun aitheantas a thabhairt don obair a rinne Barnardo’s le leanaí na hÉireann. Thug Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, onóir dó sa bhliain 2016 freisin, agus é á ainmniú mar Alumnus den Scoth.
Tim Hynes
Agus é ina Ghrúp-Phríomhoifigeach Faisnéise do Bhainc-Aontas Éireann, tá raon leathan saineolais ag Tim Hynes ar roinnt disciplíní, lena n-áirítear margaíocht brandaí, oibríochtaí, bainistíocht athruithe agus teicneolaíocht. Tá taithí 30 bliain aige in eagraíochtaí gormshlise, áit ar shealbhaigh sé róil réigiúnacha agus róil dhomhanda araon agus ar threoraigh sé foirne i níos mó ná 40 tír.
Tá Céim Mháistreachta i gCeannaireacht Feidhmiúcháin ag Tim ó Ollscoil Uladh. Tá sé ina stiúrthóir bainc cáilithe agus ina Chomhalta de Chumann Ríomhaireachta na hÉireann freisin.
An tOllamh Deirdre Madden – Leaschathaoirleach
Ollamh le dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is ea Deirdre Madden BCL, LLM, BL, PhD. Is iad dlí agus eitic cúram sláinte na réimsí spéise taighde atá aici. Bhí sí ar an údar ar Thuarascáil Madden ar Chleachtas Scrúdaithe Iarbháis agus rinne sí cathaoirleacht ar an gCoimisiún um Shábháilteacht Othar agus Dearbhú Cáilíochta. Chomh maith leis sin, bhí sí ina comhalta de lear sainghrúpaí a thug saineolas ar shaincheisteanna lena mbaineann dlí leighis, eitic agus sábháilteacht othar.
Tá taithí fhairsing ag an Ollamh Madden ar rialáil ghairmiúil freisin. Rud ba dhéanaí fós, bhí sí ina comhalta den Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách a scrúdaigh an ról atá ag eagraíochtaí deonacha i gcúram sláinte agus sóisialta.
An Dr Sarah McLoughlin
Tá dúspéis ag an Dr Sarah McLoughlin ina chinntiú go dtugann othair agus an pobal a dtuairimí cuiditheacha ar réimsí an taighde agus an chúraim sláinte. Spreagadh suntasach atá taobh thiar dá cuid oibre is ea an diagnóis ailse a fuair sí sa bhliain 2016. Saibhrítear an obair sin freisin leis an taithí atá gnóthaithe aici san earnáil taighde bithleighis. D’éirigh le Sarah pas a fháil sa chéad ‘Chlár Oideachais Othar i Nuálaíocht Sláinte’ in Éirinn, rud ar reáchtáil an tArdán Éireannach um Eagraíochtaí Othar, Eolaíocht agus an Tionscal (IPPOSI) é.
Faoi láthair, tá sí ar an Oifigeach Eolaíochta agus Cumarsáide in Retina International agus glacann sí páirt i dtionscnaimh othar, chliniciúla agus thaighde i réimsí trasghalair in Éirinn.
Mark Molloy
Ón uair a d’fhulaing an mac naíonáin leo bás inseachanta i mí Eanáir 2012 i leith, tá Mark Molloy agus Róisín, a bhean chéile, ag déanamh a seacht ndícheall feabhas a chur ar shábháilteacht othar, ar thorthaí d’othair agus ar eispéiris othar ar fud na speictream go léir de sholáthar cúram sláinte in Éirinn.
Mar thoradh ar an obair a rinne siad chun an fhírinne a fháil amach faoi bhás Mark, an leanbh leo, leagadh béim ar a lán réimsí den tseirbhís sláinte a bhí ag imirt drochthionchar ar úsáideoirí seirbhíse. Ina measc sin bhí cuntasacht bainistíochta in easnamh, ní raibh aon nochtadh oscailte ann, bhí na próisis imscrúdaithe neamhleor agus neamh-chomhsheasmhach, ní rabhthas ag foghlaim ó mheancóga agus bhí easpa comhbhá ann d’othair.
Le seacht mbliana anuas, tá Mark agus Róisín ag obair le húsáideoirí seirbhíse a ndearna cúram sláinte in Éirinn díobháil dóibh agus ag tabhairt tacaíocht neamhspleách do na húsáideoirí sin. Ag an am céanna, tá siad ag obair i ndlúthchomhar leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte agus leis an Roinn Sláinte maidir le saincheisteanna lena mbaineann sábháilteacht othar agus le nithe beartais agus tathanta. Bhí ról lárnach acu san Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar a chur ar bun.
Tá Mark Molloy ina Shuirbhéir Cainníochta ina ghairm agus tá taithí fhairsing gnóthaithe aige le 25 bliana anuas in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip ar obair i dtionscadail ar fiú na milliúin euro iad.
Aogán Ó Fearghail
Bhí Aogán Ó Fearghail ar an Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael idir an bhliain 2015 agus an bhliain 2018. Bhí sé ina Phríomhoide bunscoile roimhe seo agus oibríonn sé faoi láthair mar Theagascóir Socrúcháin Scoile le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Ina cháil mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, stiúir sé an eagraíocht ar fud tréimhse bunathraithe chun feabhais, ar lena linn a bunaíodh sláine láidir airgeadais agus a méadaíodh rátaí rannpháirtíochta agus muinín an phobail as an gCumann. I gcomhar le gníomhaireachtaí um chur chun cinn na sláinte, thug sé Aonad um Chur Chun Cinn na Sláinte isteach i bPáirc an Chrócaigh, mar aon le tionscnaimh a dhírigh ar shaincheisteanna sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte.
Tá taithí chuimsitheach ag Aogán ar bhunathrú chun feabhais a chomhlíonadh ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tá an-taithí aige ar rialachas corparáideach, ar bhainistíocht athruithe, ar phleanáil airgeadais agus ar bhainistíocht geallsealbhóirí.
Fiona Ross
Ceapadh Fiona mar Chathaoirleach ar Chóras Iompair Éireann (CIÉ) le déanaí. D’fhóin sí roimhe seo ar 17 mBord in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Thosaigh sí a gairm ag obair mar stocbhróicéir i gCathair Londan agus chaith sí 25 bliana ag obair i Margaí Caipitil i mBaile Átha Cliath, i Londain, in Oirthear na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe. D’oibrigh Fiona roimhe seo mar Stiúrthóir/Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá sí ag déanamh cathaoirleacht ar Mheabhairshláinte Éireann faoi láthair.
Tugann Fiona léachtaí faoi Rialachas i bhForas Bainistíochta na hÉireann.
An Dr Yvonne Traynor
Tá an Dr Yvonne Traynor ag obair mar leasuachtarán ar Ghnóthaí Rialála agus Eolaíocha le Grúpa Chiarraí ó bhí an bhliain 2015 ann. Roimhe sin, bhí roinnt poist cheannaireachta dhomhanda agus réigiúnacha aici le Henkel, cuideachta Ghearmánach earraí tomhaltais. Tá spéis ar leith aici i mbunathrú eagraíochta chun feabhais, i mbainistíocht riosca agus i sáreispéireas a sholáthar do chustaiméirí.
Tá céim PhD i gCeimic aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is díol suntais é gur as sin a gnóthaíodh paitinn don Phaiste Nicitín mar áis le haghaidh scor den tobac. Ina dhiaidh sin, ghnóthaigh sí Dioplóma Deimhnithe i gCuntasaíocht agus Airgeadas agus céim MSc i gCeannaireacht Feidhmiúcháin. Is stiúrthóir cairte í freisin agus tá taithí roinnt blianta aici ar fhónamh ar bhoird, lena n-áirítear ról an chathaoirligh ar choiste iniúchóireachta, riosca agus comhlíonta Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.