Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an gcéad tuarascáil bhliantúil ón NSAC (An Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála)
- Foilsithe: 16 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2021
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla 2020 ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC).
Is coiste neamhspleách saineolaithe é an NSAC a thugann comhairle don Aire Sláinte faoi chláir nua scagtha an daonra náisiúnta, nó faoi athruithe ar chláir atá ann cheana. Tá ról ríthábhachtach aige lena chinntiú go bhfuil ár gcláir scagthástála ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr, agus go ndéantar aon athruithe ar chláir ar bhealach láidir, fianaise-bhunaithe agus trédhearcach.
Sonraíonn an chéad tuarascáil bhliantúil seo na gníomhaíochtaí agus an dul chun cinn atá bainte amach ag an NSAC ó bunaíodh é go déanach in 2019 agus tugtar breac-chuntas ar chuid de na príomhthosaíochtaí do 2021.
Ina chéad bhliain, rinne an NSAC dhá mholadh fhoirmiúla don Aire maidir le hathruithe suntasacha ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe agus ar Scagthástáil Reitiní do Dhiaibéitigh araon. Bhunaigh sé a phróisis dá chuid oibre amach anseo freisin lena n-áireofar teagmháil leis an bpobal maidir le tograí scagthástála nua.
Dúirt an tAire Donnelly:
"In ainneoin na ndúshlán i rith 2020, rinne an NSAC dul chun cinn suntasach ina chéad bhliain. Bhí mé sásta moltaí tábhachtacha a cheadú a bhaineann le dhá cheann dár gcláir náisiúnta scagthástála - An Clár Náisiúnta Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh agus an Clár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe. Tá FSS ag dul chun cinn anois le cur i bhfeidhm na moltaí seo. D'iarr mé freisin go dtabharfaidh an NSAC tosaíocht do leathnú breise ar an gclár fuilspota do naíonáin nuabheirthe in 2021.
"Is cuid luachmhar dár seirbhís sláinte iad cláir scagthástála sláinte an daonra, a chinntíonn cóireáil agus cúram luath do go leor daoine, agus a fheabhsaíonn sláinte iomlán ár ndaonra. Táim lántiomanta tacú le seirbhísí scagthástála agus muinín a chothú inár gcláir scagthástála. Tá ról ríthábhachtach ag an NSAC maidir le muinín an phobail i scagthástáil a chothabháil, ag cinntiú go mbíonn cinntí beartais bunaithe ar an bhfianaise agus ar an gcomhairle is fearr atá ar fáil."
Dúirt Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála, an tOllamh Niall O'Higgins:
"Tá bunús láidir tógtha ag an NSAC ina chéad bhliain gníomhaíochta ag forbairt na struchtúr agus na bpróiseas riachtanach a chinntíonn rialachas agus cinnteoireacht láidir. Rud atá tábhachtach, chuireamar dhá mholadh faoi bhráid an Aire Sláinte tar éis measúnú dian a dhéanamh ar fhianaise. Táim ag tnúth lenár gcuid oibre a leathnú in 2021, lena n-áirítear scrúdú breise a dhéanamh ar leathnú scagthástáil fola do naíonáin nuabheirthe agus ár gcéad ghlao poiblí ar thograí le haghaidh clár nua scagthástála daonra a sheoladh.
"Cuspóir tábhachtach don Choiste is ea ról láidir a imirt i muinín agus tuiscint an phobail maidir le scagthástáil daonra a chur chun cinn. Chuir tionchar COVID-19 béim ar thábhacht shláinte an daonra agus tá sé tábhachtach go mbainfimid leas as an méid a fhoghlaimítear inár gcuid oibre amach anseo chun sláinte an phobail a chur chun cinn agus a chosaint. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le baill an Choiste, le foireann HIQA agus leis an rúnaíocht as an obair chrua, an sainchomhairle agus an díograis le bliain anuas."
Príomhghnóthachtálacha an NSAC in 2020:
- reáchtáil an NSAC trí chruinniú in 2020. Cuireann a bhallraíocht éagsúil ar chumas an Choiste freagairt agus comhairle a thabhairt ar fhorbairtí ábhartha ar fud go leor saincheisteanna eolaíochta, cliniciúla, sóisialta, eiticiúla, dlíthiúla a bhaineann le scagthástáil sláinte an daonra
- ADA -SCID (Easnamh Dí-aimíonáise Adanóisín - Comheaspa Imdhíonachta Throm) a chur le liosta na bhfadhbanna sláinte arna scagthástáil mar chuid den Chlár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe. Déanfaidh Éire scagadh anois le haghaidh 9 fadhb sláinte faoin gClár seo. Ciallaíonn sé sin go n-aithneofar leanaí a bhfuil na fadhbanna sláinte seo acu níos luaithe, go gcuirfear tús lena gcóireáil níos luaithe agus go dtiocfaidh feabhas ar thorthaí
- modhnú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh, chun an t-eatramh idir thástálacha a leathnú ó bhliain go dhá bhliain do dhaoine le diaibéiteas atá i mbaol íseal reitineapaite. Laghdóidh an t-athrú seo cuairteanna agus scrúduithe clinice gan ghá d’othair a mbaineann riosca níos ísle leo
- tá sainfhoireann ag HIQA chun tacú le hobair an NSAC, go háirithe chun saineolas a sholáthar maidir le fianaise a athbhreithniú agus a mheasúnú chun cinntí NSAC a threorú
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2020 an NSAC ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin tiomnaithe www.nsacommittee.gov.ie
Nótaí
Tá an tOllamh Niall O'Higgins ar fáil le haghaidh agallaimh.
Téigh i dteagmháil le Kate O'Flaherty: 0879129141
Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le do thoil le preasoifig na Roinne Sláinte.