Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an mBille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 a rith gach céim i dTithe an Oireachtais
- Foilsithe: 10 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly roimh rith an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 trí gach céim i dTithe an Oireachtais. Cuirfear an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois lena bhreithniú agus lena shíniú agus achtófar é a luaithe agus is féidir.
Tabharfaidh an Bille roinnt athruithe a bhaineann leis an tsláinte isteach, lena n-áirítear:
- gan ioncam €14,000 ó Sheomra ar Cíos in aghaidh na bliana a áireamh ó mheasúnuithe cárta leighis agus cárta cuairte dochtúra;
- deireadh a chur le srianta chun feabhas a chur ar ról na seirbhíse sláinte atá ag cógaiseoirí pobail agus;
- cur chuige nua a chur i bhfeidhm maidir le ganntanais cógas a bhainistiú.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm an Bille tábhachtach seo a thabhairt chun críche. Tá an Bille seo riachtanach chun an bealach a réiteach do roinnt athruithe a bhfuil géarghá leo ar sholáthar cógas agus rochtain ar chógais. Cuirfidh sé ar ár gcumas a bheith níos aclaí inár bhfreagraí ar ghanntanas cógas.
"Bhunaigh mé Tascfhórsa ar an gcógaslann agus bhí mé soiléir gur mhaith liom cur leis an méid a chuireann cógaiseoirí lenár seirbhísí sláinte. Cuirfidh an Bille seo ar ár gcumas reachtaíocht thánaisteach a chur i bhfeidhm chun ligean do chógaiseoirí pobail tosú ag ordú coinníollacha coitianta. Beidh moltaí deiridh an Tascfhórsa á bhfáil agam go luath agus táim ag súil le tuilleadh forbairtí a thabhairt isteach don chógaisíocht.
"Cuirfidh an Bille seo gealltanais an Rialtais faoi Thithíocht do Chách chun cinn freisin, chun deireadh a chur leis na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann ar rannpháirtíocht sa scéim Seomra ar Cíos. Is idirghabháil thábhachtach í seo chun a chinntiú nach mbíonn tionchar ag ioncam Seomra ar Cíos ar mheasúnuithe le haghaidh cártaí leighis agus cártaí cuairte dochtúirí teaghlaigh.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí ar fud an dá Theach as tacú leis an reachtaíocht seo."
Nótaí don eagarthóir:
Cuirfear an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois lena shíniú agus achtófar é a luaithe agus is féidir.
Forbrófar reachtaíocht thánaisteach anois chun na forálacha maidir le cógais leighis a chumasú agus ról na cógaisíochta a leathnú, i gcomhairle le páirtithe leasmhara.
Cuirfidh achtú na reachtaíochta seo gealltanais an Rialtais faoi Thithíocht do Chách chun cinn, chun deireadh a chur leis na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann ar pháirt a ghlacadh sa scéim Seomra ar Cíos. Ligeann an faoiseamh i leith Seomra ar Cíos do rannpháirtithe ar an scéim suas le €14,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana, saor ó cháin, má ligeann siad seomra (nó seomraí) amach ar cíos ina dteach le húsáid mar chóiríocht ag daoine eile. Ligeann faoiseamh Seomra a Ligeann ar Cíos do rannpháirtithe ar an scéim suas le €14,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana, saor ó cháin, má ligeann siad seomra (nó seomraí) ar cíos ina dteach le húsáid mar chóiríocht ag daoine eile. Cuireann an Bille seo díolúine shonrach isteach san Acht Sláinte sa chaoi is nach n-áireofar ioncam Seomra ar Cíos (suas le €14,000 in aghaidh na bliana) laistigh de phróisis mheasúnaithe an chárta leighis agus chárta cuairte dochtúirí teaghlaigh. Cuireann sé seo go mór leis an tsraith beart i bhfad níos leithne atá tugtha isteach ag an Rialtas cheana féin chun freagairt do dhúshláin tithíochta.
Forálann an tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann 1995 do rialáil a dhéanamh ar mhonarú, táirgeadh, ullmhú, allmhairiú, fógrán, díol agus dáileadh táirgí íocshláinte agus cosmaideacha. Tacóidh na leasuithe atá beartaithe le seasamh beartais na Roinne Sláinte maidir le ról cógaiseoirí in Éirinn a leathnú agus cuirfidh siad bonn reachtúil príomhúil ar fáil chun gníomhartha éagsúla a thabhairt isteach chun ganntanais táirgí íocshláinte a bhainistiú, lena n-áirítear maidir le hinfheictheacht an tslabhra soláthair cógas go hÉirinn. Cinntíonn leasú ar an Acht Cógaisíochta 2007 gur féidir le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann, an Rialálaí Cógaisíochta, feabhas a chur ar a ról rialála i gcomhar le leathnú ról na cógaisíochta. Beidh bearta arna gcumasú leis an mBille faoi réir reachtaíocht thánaisteach chuí.