Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh ceadú Eorpach don vacsaín Covid-19 le Janssen
- Foilsithe: 11 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2021
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh fógra a rinne an Coimisiún Eorpach inniu go bhfuil ceadú tugtha an vacsaín COVID-19 le Janssen, fochuideachta de chuid Johnson & Johnson, a úsáid sna Ballstáit, Éire san áireamh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Agus an ceathrú vacsaín COVID-19 ó Johnson & Johnson á chur leis na cinn eile, is lá suntasach agus dearfach é an an lá inniu maidir le freagairt na tíre ar COVID-19.”
“Cuirfidh an vacsaín aon dáileoige go mór le cur i bhfeidhm ár gclár vacsaínithe agus, in éineacht leo siúd ó Pfizer, Moderna agus AstraZeneca, beidh ról an-tábhachtach aici ár bpobal a chosaint ó COVID-19.”
“Tá comhaontú réamhcheannaigh ag Éirinn do 600,000 dáileog den vacsaín Janssen idir Aibreán agus Meitheamh. Ó thosaigh ár gclár vacsaínithe go déanach anuraidh, tá sé ráite agam i gcónaí gurb é an soláthar an t-aon teorainn atá le clár na hÉireann. Tá ár bpleanana chun vacsaíní a rolladh amach solúbtha agus dearadh iad chun bheith ábalta freastal ar imeachtaí nach bhfuiltear ag súil leo, ar nós athrú a bheith déanta ag déantóirí ar sholáthar.”
Cuirfear tús le rolladh amach na vacsaíní seo nuair a thagann an chéad bhaisc de sholáthairtí go déanach in Aibreán.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
Nuair a cheadaítear vacsaín chun í a úsáid, tá roinnt céimeanna eile le tógáil sula féidir an vacsaín a riar.
Áirítear sna céimeanna seo:
- Ní mór don Choiste Comhairleach Náisiúnta um Indhíonadh a chuid comhairle a chríochnú agus a fhoilsiú maidir le húsáid vacsaíní COVID-19 in Éirinn.
- Oibríonn Oifig Náisiúnta Imdhíonta FSS chun bailchríoch a chur le hoiliúint agus ábhar oideachais do vacsaíneoirí.
- Ullmhaítear ábhar eolais phoiblí chun iad a chur ar fáil do na daoine a bheidh á vacsaíniú.
- Cuirtear bailchríoch ar phleananna rollta amach.
- Sceidealaítear cuairteanna do na foirne vacsaínithe i suíomhanna áirithe mar aon leis na vacsaíní a sheachadadh.
Ról an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)
Ís é HPRA an rialtóir náisiúnta do chógas leighis in Éirinn. Oibríonn sé go dlúth leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). Cuirtear iarrtais chun vacsaíní COVID-19 a cheadú isteach chuig an EMA agus má cheadaítear iad, is féidir iad a úsáid i ngach Ballstát den AE. Tá Éire, tríd an HPRA, ina rannpháirtí gníomhach i ngach athbhreithniú Eorpach. Cuireann an HPRA go díreach leis an measúnú a dhéantar ar gach cógas nua agus ar mhonatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht na gcógas ina dhiaidh sin. Seo mar atá freisin do na vacsaíní agus na cóireálacha leighis le haghaidh COVID-19.
Ó thosaigh an phaindéim, tá rialtóirí ar fud an domhain, an HPRA sna áireamh, ag comhoibriú ar bhealach nach bhfacthas riamh chun sainchomhairle agus treoir a thairiscint go mear maidir leis na modhanna is fearr chun trialacha cliniciúla a dhearadh. Tá an comhoibriú domhanda dírithe go hiomlán ar dhlús a chur go sábháilte ar rochtain ar vacsaíní nua, a luaithe is a thaispeántar go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach.
Ina theannta sin, tá an HPRA ina shainbhall de NPHET, agus tugann sé comhairle ar na gnéithe rialála a bhaineann le cógais, vacsaíní san áireamh, agus táirgí leighis.
In éineacht leis an EMA agus le gníomhaireachtaí leighis AE eile, déanfaidh an HPRA measúnú leanúnach ar shonraí sábháilteachta a thagann chun cinn maidir le húsáid na vacsaíní COVID-19, ag baint úsáide as córais mhonatóireachta sábháilteachta seanbhunaithe. Rachfar i ngleic le haon chúis imní a aithnítear trí chéimeanna rialála cuí a thógáil chun sláinte dhaoine aonair agus an tsláinte phoiblí a chosaint agus cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach trédhearcach agus tráthúil.
Tugann an HPRA moladh láidir do ghairmithe chúram sláinte agus do bhaill den phobal, frithghníomhuithe díobhálacha amhrasta (fo-iarmhairtí) ó vacsaíní COVID-19 a thuairisciú do HPRA.
Tá tuilleadh eolais ar mhonatóireacht sábháilteachta le fáil ar shuíomh an HPRA anseo.