Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh chríochnú na reachtaíochta um Chriosanna Rochtana Sábháilte san Oireachtas
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2024
Tá áthas ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly a fhógairt go bhfuil an Bille Sláinte (Foirceannadh Toirchis) (Criosanna Rochtana Sábháilte) 2023 curtha i gcrích sa Seanad. Tá gach céim sa Dáil curtha i gcrích cheana féin ag an reachtaíocht.
Cuirfear an Bille Sláinte (Foirceannadh Toirchis) (Criosanna Rochtana Sábháilte) 2023 faoi bhráid Uachtarán na hÉireann anois lena bhreithniú.
Cruthóidh an reachtaíocht Criosanna Rochtana Sábháilte 100 méadar ó bhealach isteach nó amach chuig áitreabh ina soláthraíonn cnáimhseoirí/gínéiceolaithe agus cleachtóirí ginearálta seirbhísí. Áireofar leis sin seomraí comhairliúcháin, clinicí pleanála teaghlaigh agus clinicí sláinte do mhná.
Laistigh de na criosanna sin, cuirfear toirmeasc ar iompar áirithe a bhfuil sé d’aidhm aige bac a chur ar rochtain nó tionchar a imirt ar chinntí maidir le foirceannadh seirbhísí toirchis.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is é bunchloch an Bhille seo ná meas. Baineann sé le dínit. Is éard atá i gceist leis a chinntiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí cúram sláinte agus go mothaíonn siad sábháilte agus nach mbeidh siad faoi imeaglú.
“Tá sé mar aidhm aige a chinntiú go gcaitear go tuisceanach lenár gcairde, lenár gcomhghleacaithe agus lenár mbaill teaghlaigh ag am nuair a bhíonn cúram de dhíth orthu.
“D’éist mé le mná, le teaghlaigh, le gairmithe cúram sláinte a léirigh go soiléir a dtacaíocht don Bhille seo.
“Tá áthas orm go bhfuil an chloch mhíle seo bainte amach againn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu leis an gcéim seo a bhaint amach – Comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann as an méid a chuir siad leis na díospóireachtaí agus freisin a gcomhghleacaithe in FSS, Oifig an Ard-Aighne, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána agus oifigigh i mo Roinnse as a n-ionchur.
“Cuirfear an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois lena shíniú agus táim ag tnúth lena achtú chomh luath agus is féidir.”
Beidh Criosanna Rochtana Sábháilte i bhfeidhm freisin maidir le hospidéil a sholáthraíonn seirbhísí géarmhíochaine d’othair chónaitheacha de réir bhrí Alt 51 den Acht Sláinte 1970.
Laistigh de na criosanna sin, cuirfear toirmeasc ar iompar áirithe a bhfuil sé d’aidhm aige bac a chur ar rochtain nó tionchar a imirt ar chinntí maidir le foirceannadh seirbhísí toirchis.