English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú an Rialacháin maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2025

D’fháiltigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill T.D., inniu roimh fhoilsiú Rialachán an Aontais maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá an Rialachán EHDS le cúram sláinte a athrú ó bhonn trí:

  • Daoine a chumasú trí rochtain níos fearr ar a sonraí leictreonacha pearsanta maidir le sláinte .
  • Gairmithe sláinte a chumasú chun rochtain a fháil ar shonraí sláinte ábhartha chun cúram sláinte gan uaim a sholáthar ar fud an Aontais Eorpaigh (príomhúsáid sonraí).
  • Rochtain ar shonraí sláinte a éascú le haghaidh taighde, nuálaíochta, ceapadh beartais agus gníomhaíochtaí rialála (úsáid thánaisteach sonraí).

Bainfear é seo amach trí:

  • creat rialachais coiteann agus bonneagar comhchuibhithe a sholáthar chun sonraí leictreonacha maidir le sláinte a mhalartú go sábháilte agus slán ar fud an Aontais,
  • úsáid ríomhthaifid sláinte (EHRanna) atá caighdeánaithe agus idir-inoibritheach de chuid an Aontais a éascú agus córais EHR a chomhchuibhiú,
  • bunchearta othar a bhunú maidir le faisnéis leictreonach phearsanta maidir le sláinte

Chuir an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, fáilte roimh an bhfoilseachán:

"Is cloch mhíle thábhachtach eile é foilsiú an Rialachán EHDS maidir le córas náisiúnta faisnéise sláinte atá oiriúnach don fheidhm a chruthú lena gcuirtear feabhas ar chúram agus cóireáil othar agus lena dtacaítear le pleanáil agus seachadadh seirbhísí sláinte níos fearr amach anseo. Mar ullmhúchán do Rialachán EHDS, bhí Éire ag obair léi go réamhghníomhach lenár gcomhghleacaithe san Eoraip chun an bhunchloch a sholáthar don Rialachán seo.

"Le cur i bhfeidhm an Rialacháin EHDS cuirfear oibleagáidí ar na Ballstáit ag tosú in 2027 agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 2031. Cé go dtógfaidh sé roinnt blianta chun an Rialachán EHDS a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go leanfar amlíne feidhmiúcháin chéimnithe, tá na chéad chéimeanna glactha cheana féin trí thionscnaimh ar nós Aip Sláinte FSS a seoladh le déanaí agus Taifead Cúraim Chomhroinnte a fháil.”


Nótaí do na hEagarthóirí:

Tiocfaidh an Rialachán EHDS i bhfeidhm an 26 Márta 2025 agus beidh éifeacht dhíreach aige i ngach Ballstát den Aontas Eorpach.

Tá fáil ar tuilleadh faisnéise maidir le Rialachán EHDS anseo agus tá téacs iomlán an Rialacháin ar fáil anseo.

Leanfar le Rialachán EHDS líne ama maidir le cur chun feidhme céimnithe. Faoi R1 2027, beidh ar na Ballstáit na trí údarás maoirseachta a cheapadh (an tÚdarás Digiteach Sláinte, Comhlacht Rochtana Sonraí Sláinte, an tÚdarás um Fhaireachas Margaidh). Faoi R1 2029, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit sonraí na gcatagóirí tosaíochta sna EHRanna a chur ar fáil do rochtain othar agus soláthraithe cúram sláinte, agus do mhalartú trasteorann. Ceanglófar ar na Ballstáit freisin seirbhísí rochtana tosaigh ar sonraí tánaisteacha a bhunú tríd an gComhlacht um Rochtain ar Shonraí Sláinte. Beidh gá leis an Rialachán a chomhlíonadh go hiomlán faoi R1 2031.

Táthar i mbun an Rialachán EHDS a chur i bhfeidhm in Éirinn trí thionscnaimh faoin Item was unpublished or removed Ina theannta sin, tá an Item was unpublished or removed, atá ina chumasóir straitéiseach don Chreat Straitéiseach Digiteach don Chúram, mar chuid de shraith beart reachtach atá beartaithe chun lánéifeacht a thabhairt don Rialachán EHDS. Leis an mBille um Fhaisnéis Sláinte soláthrófar an bunús dlí chun ríomhthaifid sláinte a bhunú agus éascófar leis freisin roinnt iomchuí faisnéise othar ar fud suíomhanna cúram sláinte.