Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú dhá thuarascáil a bheidh mar bhonn eolais faoin bpolasaí chun aosaigh a chosaint san earnáil sláinte
- Foilsithe: 16 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, béim inniu ar an tábhacht a bhaineann le haosaigh a chosaint atá i mbaol go ndéanfaí dochar dóibh agus mí-úsáid orthu, agus d’fháiltigh sé roimh dhá thuarascáil thábhachtacha ar chosaint aosach ina raibh tuairimí príomhúsáideoirí lánfhásta sa tseirbhís sláinte le léamh, mar aon le hathbhreithniú cuimsitheach ar fhianaise idirnáisiúnta.
Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte an dá thuarascáil chun eolas a thabhairt don pholasaí náisiúnta ar chosaint aosach atá á fhorbairt go leanúnach san earnáil sláinte agus chúraim shóisialta. Cinnteoidh siad go mbeidh bonn fianaise cothrom le dáta ag an bpolasaí agus go mbeidh ionchur ann ó úsáideoirí seirbhíse ábhartha.
Ag seoladh na dtuarascálacha dó, dhearbhaigh an tAire Donnelly go raibh a Roinn tiomanta dréachtpholasaí ar chosaint aosach san earnáil sláinte a chur i láthair. Leagfar an polasaí seo anuas ar an gcreat caighdeáin, polasaithe agus nósanna imeachta maidir le cosaint aosach atá ann faoi láthair san earnáil sláinte. Sa chreat seo cuimsítear caighdeáin náisiúnta maidir le cosaint aosach atá forbartha ag HIQA agus ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte mar aon le réimse de thacaíochtaí FSS, lena n-áirítear Oifig Cosanta Náisiúnta de chuid FSS.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá áthas orm na páipéir thaighde thábhachtacha seo ar chosaint aosach a sheoladh inniu. Mar thoradh ar iarrachtaí na ndaoine a raibh baint acu leis an taighde seo a chur le chéile, beidh bonn fianaise láidir faoin bpolasaí náisiúnta nua ar chosaint aosach san earnáil sláinte agus chúraim shóisialta atá á fhorbairt ag mo Roinn, agus ina mbeidh ionchur ár bpríomhúsáideoirí seirbhíse le feiceáil agus le brath.
"Gabhaim buíochas leis an Institiúid um Shláinte Phoiblí as na grúpaí fócais a threorú thar ceann mo Roinne, le húsáideoirí seirbhíse i roinnt grúpaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas intleachtúil, daoine faoi lagú cognaíoch (néaltrú agus gortú inchinne faighte), daoine a bhfuil dúshláin mheabharshláinte mhóra acu, agus cónaitheoirí thithe altranais. Gabhaim buíochas faoi leith leis na rannpháirtithe as a gcuid ama agus a dtuairimí a roinnt. Chun go mbeidh seirbhísí poiblí ardchaighdeáin ann, ní mór éisteacht agus taithí saoil agus dearcthaí ár n-úsáideoirí seirbhíse a chur san áireamh. Beidh an t-athbhreithniú fianaise ina acmhainn luachmhar chun a chinntiú go mbunófar an polasaí ar fhianaise atá cuimsitheach, cothrom le dáta agus ar féidir brath uirthi.
"Ag an am dúshlánach seo don tír ar fad, feictear cé chomh tábhachtach is atá sé feidhmiú mar phobal chun cúram a dhéanamh díobh siúd a d’fhéadfadh a bheith i mbaol go ndéanfaí dochair dóibh nó mí-úsáid orthu."