English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh mhéadú gan fasach ar iarratais ar áiteanna oiliúna do Dhochtúir Ginearálta (DG)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Samhain 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, roimh fhigiúirí ó Choláiste Cleachtóirí Ginearálta na hÉireann a léiríonn leibhéal spéise nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo maidir le bheith ina Dochtúir Ginearálta (DG). Deimhnítear leis na figiúirí go ndearna 1,311 céimí leighis iarratas ar oiliúint DG in 2024. Cuireann an méadú suntasach seo, a sháraíonn na blianta roimhe seo, béim ar an éileamh ard atá ar chéimithe leighis agus ar an muinín atá ag dul i méid i dtodhchaí an chleachtais ghinearálta.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Léiríonn na figiúirí a d’eisigh ICGP go bhfuil an cleachtas ginearálta ag cur leis an gcáil láidir atá air cheana féin mar rogha fhiúntach gairme do chéimithe leighis. Tá an rialtas tiomanta do chlár oibre athchóirithe chun cúram sláinte uilíoch a bhaint amach, inar féidir le daoine rochtain a fháil ar an gcúram ceart san áit cheart ag an am ceart agus tá an cleachtas ginearálta i gcroílár na físe athchóirithe sin. Leis an méadú ar líon na n-áiteanna oiliúna do DGanna go 350 in 2024, deimhnítear an tiomantas chun an t-athchóiriú sin a chur i gcrích trí líon na DG a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha d’othair a mhéadú.

‘Is ionann an méadú ar an oiliúint go 350 áit in 2024 agus méadú 35% ar an iontógáil bhliantúil le linn 2022. Tá tionchar á fheiceáil againn cheana féin maidir le gach dhá DG a théann ar scor faoi láthair, tá trí nó sé dhochtúir teaghlaigh nua ag dul i mbun cleachtais anois. Thacaigh mé go hiomlán freisin le leathnú chlár dochtúirí neamh-AE an ICGP, clár a thabharfaidh suas le 100 DG go hÉirinn i mbliana, agus 250 dochtúir teaghlaigh eile an bhliain seo chugainn i gclár oiriúnaithe luathaithe.”

Tá infheistíocht láidir déanta ag an Rialtas i gcleachtas ginearálta, rud a mhéadaigh caiteachas €211 milliún faoi Chomhaontú 2019. I mbliana, mar chuid den tionscnamh chun incháilitheacht do chártaí cuairte DG a mhéadú do gach leanbh faoi bhun ocht mbliana d’aois, agus dóibh siúd nach dtuilleann níos mó ná an t-ioncam airmheánach, fógraíodh pacáiste eile suas le €130 milliún.

Tá méadú tapa tagtha ar líon na n-iarratasóirí ar áiteanna ar an scéim oiliúna DG le blianta beaga anuas, ag méadú faoi thrí ó 2019 i leith. Tá méadú tagtha freisin ar líon na DGanna atá faoi oiliúint le blianta beaga anuas, ó 120 in 2009, go 258 in 2022 agus 285 in 2023. Is in 2024 anois a tharlóidh an chéim dheiridh chun líon na n-áiteanna oiliúna a mhéadú go 350 ionad oiliúna in aghaidh na bliana, a bhí beartaithe don bhliain 2025 ar dtús.

Ag tréaslú leis an ICGP ar a cuid oibre, dúirt an tAire Donnelly:

“Molaim ICGP as a rath maidir le líon na n-áiteanna oiliúna do DGanna a mhéadú le blianta beaga anuas. Léiríonn sé go dtagann torthaí as comhoibriú idir an Rialtas agus comhpháirtithe cúraim sláinte a mbeidh tionchar an-dearfach acu ar chúram sláinte a chur ar fáil d’othair.”

Dúirt Fintan Foy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ICGP:

“Is ábhar misnigh é go bhfuil an oiread sin dochtúirí ag roghnú Cleachtas Ginearálta mar ghairm bheatha, rud a chuireann cothromaíocht mhaith oibre is saoil ar fáil lena ngabhann ionchais láidre gairme agus deiseanna iontacha chun speisialtóireacht a dhéanamh. Léiríonn sé seo freisin an maoiniú méadaithe ón Rialtas i gcúram príomhúil, lena n-áirítear Bainistíocht Galar Ainsealach agus an leathnú ar chúram dochtúirí ginearálta saor in aisce. Tá an Coláiste ag obair le príomhpháirtithe leasmhara chun scéimeanna oiliúna nua agus/nó scaoileadh lae breise a bhunú laistigh de scéimeanna oiliúna DG atá ann cheana. Táimid ag obair go dlúth le NDTP FSS, agus úsáid á baint againn as cur chuige sonraíbhunaithe chun díriú ar limistéir ina bhfuil fás ard daonra agus/nó limistéir ina bhfuil riachtanas nach bhfuiltear ag freastal orthu.”