Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh rith reachtaíochta i nDáil Éireann, atá mar bhonn agus mar thaca ag HRT a mhaoinítear go poiblí
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu fáilte roimh rith reachtaíochta trí Dháil Éireann, a dhéanann foráil do HRT (Teiripe Athsholáthair Hormón) atá maoinithe go poiblí. Thug an tAire Donnelly an reachtaíocht isteach mar chuid den Bhille Árachais Sláinte (Leasú), a bhain gach céim sa Dáil amach tráthnóna inniu.
Mar chuid de Bhuiséad 2025, tá €20 milliún á chur ar fáil ó mhí Eanáir chun táirgí HRT saor in aisce a sholáthar do mhná a bhfuil siomptóim de mheanapás orthu.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm gur chuir Dáil Éireann bunús dlí ar fáil inniu chun HRT saor in aisce a sholáthar do mhná a bhfuil siomptóim de mheanapás orthu.
“Cinnteoimid, sa chás go bhfuil HRT forordaithe ag soláthraí cúraim sláinte do bhean chun na siomptóim a bhaineann le gach céim den mheanapás a mhaolú, go gclúdóidh an Stát costas na dtáirgí sin.
“Ó ceapadh mé i m'Aire Sláinte in 2020, tá tús áite tugtha agam do shláinte na mban a chur chun cinn, agus tá bród orm a rá go bhfuil €180 milliún leithdháilte ag an Rialtas seo ó 2020 ar fhorbairtí nua spriocdhírithe i gcúram sláinte na mban.
"Chinntigh sé seo seirbhísí nua maidir le meanapás agus inmheatróis, frithghiniúint saor in aisce a chur i bhfeidhm, IVF a mhaoinítear go poiblí, agus raon tionscnamh eile chun cúram níos tráthúla a sholáthar do mhná."
Rachaidh an reachtaíocht anois ar aghaidh chuig Seanad Éireann.