English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh sheoladh Ghlao Bliantúil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála ar aighneachtaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
  • Foilsíonn an Coiste a Chlár Oibre
  • Iarratais á lorg do cheathrar ball saineolach nua

D'fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD roimh sheoladh Ghlao Bliantúil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála 2022.

Déanann an coiste neamhspleách seo moltaí don Aire maidir le cláir scagthástála daonra-bhunaithe nua a thabhairt isteach nó athruithe ar chláir atá ann cheana.

Tá a Ghlao Bliantúil 2022 á sheoladh anois aige, ag tabhairt cuireadh do bhaill den phobal agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh ar chláir scagthástála in Éirinn.

D'fhoilsigh an Coiste a Chlár Oibre inniu freisin, ina leagtar amach na tograí atá á mbreithniú faoi láthair mar thoradh ar Ghlao Bliantúil na bliana seo caite, a raibh 53 aighneacht mar thoradh air.

Tá sé ag lorg ceathrar ball Coiste nua a bhfuil saineolas acu ar na réimsí Ailse, Cumarsáid/Iriseoireacht, Íomháú Diagnóiseach agus Dlí-Liachta.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Sábhálann scagthástáil beatha daoine agus tá iarracht á déanamh ag Éirinn a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le forbairtí sa réimse seo. Táimid sásta le hobair NSAC agus an leibhéal rannpháirtíochta ón bpobal go dtí seo.

“Tá an Coiste ag tógáil ar an obair atá idir lámha cheana féin, ag féachaint ar leathnú leanúnach an Chláir Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe (NBS), ag smaoineamh ar athruithe ar ár gcláir scagthástála ailse chomh maith le moltaí do chláir nua.

“Molaim do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl trí aighneachtaí a dhéanamh, agus cuirim fáilte roimh aon duine a bhfuil an saineolas riachtanach aige smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht ar an gCoiste dinimiciúil seo."

Dúirt Cathaoirleach an NSAC, an tOllamh Niall O’Higgins:

“Thar ceann an Choiste ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir aighneacht faoi bhráid Ghlao Bliantúil na bliana seo caite. Breithníonn an Coiste gach aighneacht go cúramach agus déantar anailís orthu de réir na fianaise eolaíche reatha is fearr. Sa chás nach moltar tograí, is féidir athbhreithniú a dhéanamh orthu níos déanaí nuair a bhíonn eolas nua ar fáil.

“Cuimsíonn ár gclár oibre atá ag fás anois measúnú ar thograí maidir le riochtaí ailse agus neamh-ailse, chomh maith lenár sruth oibre tosaíochta i ndáil le leathnú scagthástáil fuilspota do naíonáin nuabheirthe.

“Tá áthas orainn ár gcéad ghlao eile ar aighneachtaí a sheoladh, agus molaim do dhaoine tograí agus smaointe a chur isteach. Tá trí mholadh fhoirmiúla curtha faoi bhráid an Aire ag an gCoiste, agus iad ar fad ceadaithe agus curtha i bhfeidhm, agus táimid ag súil le tuilleadh moltaí a dhéanamh go luath.”

Faigheann an Coiste tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe fianaise speisialtóra in HIQA agus tá sé ag tosú ag féachaint ar an bhfianaise maidir le raon aoise an scagthástála cíoch agus putóige a leathnú, chomh maith le clár nua scagthástála daonra-bhunaithe a thabhairt isteach d'Ainéaras Aortach Bhoilg (AAA) i bhfir 65 bliana d'aois. Tá Measúnú Teicneolaíochta Sláinte (HTA) iomlán maidir leis an deichiú riocht a chur leis an gclár NBS náisiúnta beagnach críochnaithe, agus tá súil ag an gCoiste moladh a dhéanamh don Aire faoi seo go luath.

Beidh sé mar thosaíocht ag an gCoiste in 2023 moltaí maidir le scagthástáil ailse a bhreithniú, toisc go bhfuiltear ag súil go bhfoilseoidh Comhairle an Aontais Eorpaigh Moladh athbhreithnithe ón gComhairle maidir le scagthástáil ailse go foirmiúil sna seachtainí amach romhainn. Fáiltíonn an NSAC roimh an bhforbairt thábhachtach seo agus tabharfaidh sé comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte faoin Moladh nuashonraithe mar a bhaineann sé le hÉirinn.

Tá ceithre fholúntas ar an gCoiste faoi láthair sna réimsí Ailse, Cumarsáid/Iriseoireachta, Íomháú Diagnóiseach agus Dlí-Liachta.

Dúirt an tOllamh O'Higgins: “Cé gur freagracht sláinte poiblí é ar ndóigh, braitheann rath cláir scagthástála sláinte ar thoiliú an duine aonair. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigtear scagthástáil mar chlár atá deartha, tacaithe agus á stiúradh ag rannpháirtíocht agus ceadú an phobail.

"Ceann de láidreachtaí an NSAC is ea éagsúlacht a bhallraíochta, rud a chuireann go mór lena neamhspleáchas agus lena thrédhearcacht. Tá súil agam go ndéanfaidh aon duine a bhfuil saineolas aige ar bheartas ailse, ar chumarsáid phoiblí, ar íomháú diagnóiseach nó ar an limistéar dlí-liachta, agus ar spéis leis rannchuidiú le forbairt an bheartais náisiúnta ar scagthástáil daonra-bhunaithe iarratas."

Tá Clár Oibre an NSAC agus sonraí an Ghlao Bhliantúil foilsithe ar láithreán gréasáin an NSAC. Tá na ceithre fholúntas á bhfógairt faoi láthair agus is Dé hAoine an 13 Eanáir 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.


Nótaí:

Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a thugann comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte ar gach togra nua do chláir scagthástála daonra-bhunaithe agus athruithe ar chláir atá ann cheana. Féach gov.ie/NSAC le haghaidh tuilleadh eolais. Tá Tuarascáil Bhliantúil NSAC 2021 ar fáil ar an láithreán gréasáin freisin.

Moltaí a chuir NSAC faoi bhráid an Aire roimhe seo:

1. Easnamh Dí-aimíonáise Adanóisín - Comheaspa Imdhíonachta Throm (ADA-SCID) a chur mar an naoú riocht leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe (NNBSP)

2. Modhnú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh, chun an t-eatramh idir thástálacha a leathnú ó bhliain go dhá bhliain do dhaoine le diaibéiteas atá i mbaol íseal reitineapaite.

3. Modhnú ar an gClár Náisiúnta BowelScreen, chun treoirlínte a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil BowelScreen ailínithe leis an gcleachtas cliniciúil reatha ar fud na seirbhíse siomptómaí i FSS.