Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh sheoladh Thuarascáil CCÉ um Fhaisnéis faoin Lucht Oibre
- Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu roimh sheoladh Thuarascáil Faisnéise faoin Lucht Oibre de chuid Chumann Cógaiseoirí na hÉireann (CCÉ).
Scrúdaíonn an tuarascáil go sonrach an tsaincheist maidir le hinfhaighteacht leanúnach lucht saothair gairmiúil, ionas gur féidir leis an gcógaslann leanúint ar aghaidh ag freastal ar riachtanais othar agus ról iomlán a bheith aici i bhforbairt córas cúram sláinte comhtháite. Tá sé seo ag súil le héilimh mhéadaithe ar an gcóras sláinte agus soláthar feabhsaithe cúram sláinte ag cógaiseoirí agus cógaslanna.
Forbraíodh na sé mholadh agus gníomhartha gaolmhara sa tuarascáil seo tar éis comhairliúcháin agus rannpháirtíocht fhairsing, agus ó thriantánú fianaise tar éis athbhreithniú litríochta, suirbhé ar an lucht oibre agus grúpaí fócais.
Déantar gníomhartha molta a rangú faoi na téamaí seo a leanas:
- Pleanáil Straitéiseach Fórsa Saothair
- Ceannaireacht ar an agus ar son na Gairme
- Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
- Cógaiseoirí a Mhealladh agus a Earcú
- Inbhuanaitheacht agus Dul Chun Cinn Gairme
- Coinníollacha oibre.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Táim muiníneach go n-oibreoidh príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Sláinte, FSS agus an CCÉ, i dtreo athruithe comhaontaithe a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár rialtóir cógaisíochta, an CCÉ, as a bheith tiomanta don phíosa tábhachtach oibre seo agus as é a chur i gcrích laistigh d’fhráma ama teann.
“Is féidir cleachtas na cógaisíochta in Éirinn a bharrfheabhsú le cur ar chumas cógaiseoirí a raon iomlán scileanna a úsáid ar mhaithe le tuilleadh leasa othar. D’fhéadfadh sé seo brú ar chleachtóirí cúraim phríomhúil a mhaolú freisin.”
Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:
“Is am spreagúil é don Chógaisíocht in Éirinn. I mí Iúil, bhunaigh mé an Tascfhórsa Saineolaithe ar Mhéadú na Cógaisíochta, agus é mar aidhm leis ról na gcógaiseoirí a leathnú. Tá tús curtha ag an Tascfhórsa lena gcuid oibre le chéile anseo ar maidin mar aitheantas ar Lá Domhanda na gCógaiseoirí, a bheidh ar siúl inniu. Leanfaidh siad ag obair go dian, agus táim ag súil leis an gcéad mholadh dá gcuid go luath.”