Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh Thacaíocht Sláintecare don tSeachtain um Aosú Dearfach
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2021
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD fáilte roimh an tSeachtain um Aosú Dearfach 2021. Tá téama na bliana seo dírithe ar Phobail a Athnascadh trí Aosú a Athfhrámú.
Tá Sláintecare ag athrú an scéil maidir le haosú agus ceann de phríomhchuspóirí Sláintecare is ea cur ar chumas daoine dul in aois ar bhealach maith sa bhaile nó ina bpobail féin'.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ár ndaonra ag dul in aois, agus ní mór dúinn ár seirbhísí sláinte a athrú chun tacú le daoine aosta maireachtáil chomh neamhspleách ina dtithe agus ina bpobal féin, chomh fada agus is féidir. Is é an aidhm atá le Sláintecare ná go dtógfar seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta timpeall ar riachtanas na ndaoine a bheidh in ann saol níos sláintiúla a chaitheamh ina dtithe agus ina bpobail féin.
“Trí chiste Comhtháthú Sláintecare tá roinnt tionscadal maoinithe againn ar fud na tíre atá ag tacú le daoine aosta fanacht sa bhaile agus ag cúram chomhtháite a chur ar fáil dóibh as a dtiocfaidh luath-idirghabhálacha, seachaint ospidéil, féinbhainistiú agus oideachas.
“Measann Sláintecare go bhfuil eagraíochtaí a bhaineann go sonrach le haois lárnach sa chlár oibre athchóirithe, agus dearadh an Clár Cúraim Chomhtháite do Dhaoine Aosta chun díriú ar bhainistíocht seirbhísí do dhaoine aosta a fheabhsú.
“Sna trí bliana amach romhainn, díreoidh Sláintecare ar Chúram Pobail a Fheabhsú, trí bhainistíocht galar ainsealach agus cúram comhtháite do dhaoine aosta.
“Trí dhíriú ar chosc, is é an aidhm cúram a aistriú ó ospidéil ghéarmhíochaine isteach sa phobal agus níos gaire do thithe daoine."
Níos luaithe i mbliana, sheol Sláintecare, le hAoisbhá Éireann an Clár Tithe Aoisbháúla Folláine. Cinntíonn an clár go bhfuil na tacaíochtaí cearta ar fáil dóibh do dhaoine aosta inár bpobail lena chinntiú go bhféadann siad dul in aois ar bhealach maith sa bhaile agus lasmuigh den ospidéal.
Fostaíodh naonúr Comhordaitheoir Aoise, a fhreastalaíonn ar suas le 4,500 teach ar fud naoi gceantar Údaráis Áitiúil thar dhá bhliain. Tacóidh na Comhordaitheoirí le daoine aosta agus lena dteaghlaigh na seirbhísí a nascleanúint trí iad a nascadh go réamhghníomhach leis na tacaíochtaí agus na seirbhísí cuí.
Trí thacaíochtaí a sholáthar do dhaoine aosta ina bpobal, tugtar tacaíocht do dhaoine aosta fanacht
níos sábháilte agus níos sláintiúla ina dtithe féin chomh fada agus is féidir.
Is príomh-chumasóir de chuid Sláintecare é seo.
CRÍOCH