English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D. roimh fhoilsiú “Feidhmíocht Ospidéil: Anailís ar Phríomhtháscairí Feidhmíochta FSS”

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly, T.D. agus an tAire Caiteachais Phoiblí, um Sholáthar an PFN agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, “Feidhmíocht Ospidéil: Anailís ar Phríomhtháscairí Feidhmíochta FSS” inniu mar chuid de phróiseas Athbhreithniú Caiteachais 2022, a sholáthróidh léargas agus bonn fianaise níos mó do chinnteoireacht beartais sa limistéar seo.

Is í aidhm na hoibre measúnú de réir sonraí ar fheidhmíocht ospidéil a sholáthar bunaithe ar phríomhtháscairí feidhmíochta FSS. Tacaíonn seo le bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar fheidhmíocht ospidéil ar fud an chórais chúraim sláinte, a cheadaíonn don lucht déanta beartas agus do chleachtóirí riachtanais infheistíochta agus feabhsúcháin ar dhea-chleachtais a shainaithint le feabhas a chur ar torthaí cliniciúla agus le héifeachtúlacht a mhéadú. Tagann an obair seo le Tionscadal 1 de Chlár Athchóirithe Sláintecare 1, a bhfuil de chuspóir aige táirgiúlacht ospidéil a fheabhsú trí úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní, sreabhadh othar a fheabhsú agus athchumrú seirbhísí ospidéil a bhaint amach.

Cuirtear léargas ginearálta ar fáil sa pháipéar atá le foilsiú ar fheidhmíocht ospidéil i rith na mblianta 2017-2021 trí anailís a dhéanamh ar 18 bPríomhtháscaire Feidhmíochta (PTFanna) a foilsíodh ar leibhéal Limistéar Ospidéil Réigiúnaigh (RHA), leibhéal samhla ospidéal, agus ar leibhéal ospidéil aonair a chumhdaíonn trí ghné d’fheidhmíocht ospidéil: Seirbhísí na Rannóige Éigeandála, Seirbhísí Géarmhíochaine/Máinliachta, agus Sábháilteacht Leighis.

I measc na PTFanna ar a ndearnadh anailís, tá tréimhsí feithimh don RÉ, cóireáil neamhiomlán, iontrálacha ar lá na máinliachta, agus aistriú cúraim ar cuireadh moill air, a thugann limistéir chun solais ina bhféadfaí díriú ar idirghabháil beartais le feabhas a chur ar seirbhís ghéarchúraim a sholáthar.

Tugtar athrú ar fheidhmíocht faoi deara i measc ospidéal agus réigiún do gach limistéar ar a ndéantar scrúdú, ach maidir le spriocanna socraithe FSS freisin. I gcásanna áirithe, is féidir ospidéil a bhíonn an-neamhchomhlíontach agus neamhchomhlíontach go seasmhach i dtaobh spriocanna feidhmíochta FSS a shainaithint i gcás PTF ar leith, agus tugann seo an gá chun solais atá le hanailís a dhéanamh dá éis sin le rudaí a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh a spreagadh agus idirghabháil fhéideartha réitigh a shainaithint a d’fhéadfaí a úsáid.

Moltar san anailís chomh maith go soláthraítear sraith níos gonta agus níos dírithe spriocanna feidhmíochta don chóras géarchúraim in Éirinn chun iaranailís agus sainaithint gan stró a éascú nuair a d’fhéadfaí feidhmíocht a fheabhsú.

D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., an foilseachán agus dúirt sé an méid seo a leanas:

“Cumasóidh tuiscint dhaingean ar na rudaí a chuireann feidhmíocht ospidéil chun cinn beartas éifeachtach a chur i bhfeidhm. Cuireann an anailís seo tuiscint ar fáil ar fheidhmíocht ospidéil i dtaobh na Limistéir Sláinte Réigiúnacha. Bainfidh ríthábhacht leis an anailís seo chun struchtúir láidre rialachais agus bhainistíochta a fhorbairt laistigh de Limistéir Sláinte Réigiúnacha chun feidhmíocht ospidéil níos fearr a chur chun cinn.”

Cuireann an foilseachán seo le páipéir eile chúraim sláinte a foilsíodh mar chuid den tsraith Athbhreithnithe Caiteachais in 2021 agus 2022. Tá obair ar siúl sa Roinn tríd an bhfóram seo leis an bhfianaise is fearr atá ar fáil a chuimsiú isteach i bhforbairt beartais i réimse limistéar, laghdú liostaí feithimh, beartas bonneagair caipitil, pleanáil an lucht saothair agus an leithdháileadh acmhainní daonrabhunaithe ina measc.


Nótaí

Cumhdófar sna 6 Limistéar Sláinte Réigiúnacha (RHAanna) na limistéir seo a leanas:

  • Limistéar A - Baile Átha Cliath Thuaidh, an Mhí, Lú, an Cabhán, agus Muineachán.
  • Limistéar B - an Longfort, an Iarmhí, Uíbh Fhailí, Laois, Cill Dara, agus codanna de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin.
  • Limistéar C - Tiobraid Árann Theas, Port Láirge, Cill Chainnigh, Ceatharlach, Loch Garman, Cill Mhantáin, cuid de Bhaile Átha Cliath Theas.
  • Limistéar D - Ciarraí agus Corcaigh.
  • Limistéar E - Luimneach, Tiobraid Árann agus an Clár.
  • Limistéar F - Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin, Maigh Eo agus Gaillimh.

Achoimre

Tá éagsúlacht atá ag dul i méid idir caiteachas agus gníomhaíocht ospidéil tugtha faoi deara ó 2017 a spreagann breithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht. Cuirtear léargas ginearálta ar fáil sa pháipéar seo ar fheidhmíocht ospidéil i rith na mblianta 2017-2021 trí anailís a dhéanamh ar 18 bPríomhtháscaire Feidhmíochta (PTFanna) ar leibhéal Limistéar Ospidéil Réigiúnaigh (RHA), leibhéal samhla ospidéal, agus ar leibhéal ospidéil aonair a chumhdaíonn trí ghné d’fheidhmíocht ospidéil: Seirbhísí na Rannóige Éigeandála, Seirbhísí Géarmhíochaine/Máinliachta, agus Sábháilteacht Leighis.

Tugtar athrú ar fheidhmíocht faoi deara i measc ospidéal agus réigiún do gach limistéar ar a ndéantar scrúdú, ach maidir le spriocanna socraithe FSS freisin. I gcásanna áirithe, is féidir ospidéil a bhíonn neamhchomhlíontach go seasmhach i dtaobh spriocanna feidhmíochta FSS a shainaithint i gcás PTF ar leith, agus tugann seo an gá chun solais atá le hanailís a dhéanamh dá éis sin le rudaí a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh a spreagadh agus idirghabháil fhéideartha réitigh a shainaithint. Tugtar chun solais san anailís chomh maith an gá atá le sraith níos gonta agus níos dírithe spriocanna feidhmíochta don chóras géarchúraim in Éirinn chun an iaranailís seo a shainaithint.

Aithníonn na húdair go bhfuil iliomad rudaí ann a spreagann feidhmíocht i leith na PTFanna a scrúdaíodh, déimeagrafaic éagsúil, riachtanais chúraim sláinte, cleachtais/próisis bhainistíochta nó acmhainní atá ar fáil i ngach ospidéal ina measc agus gur príomhrud é seo a chuireann teorainn ar an anailís. Tá feidhmíocht ospidéil a shainaithint i leith PTFanna tábhachtach i gcónaí mar gheall go gcumasaíonn sé limistéir atá le fiosrú níos mó agus atá le cur ina gceart laistigh den chóras géarchúraim a shainaithint go lúfar.

Torthaí

Tréimhsí feithimh sa RÉ: Tugtar faoi deara go mbíonn éagsúlacht fhairsing ann i dtaobh tréimhsí feithimh sa RÉ i measc ospidéal. Ar leibhéal ospidéil, níl sprioc shainithe FSS á baint amach ag 23 as 26 ospidéal (88%), is é sin, bíonn tréimhse feithimh níos giorra ná sé huaire an chloig i gceist le 70% d’iontrálacha. Tá feidhmíocht tréimhse feithimh sa RÉ in ospidéil seasmhach i rith na mblianta, a thugann le fios go bhféadfadh go raibh idirghabháil le tréimhsí fada feithimh a laghdú neamhéifeachtach. Léirítear sa litríocht gur féidir le tréimhsí feithimh sa RÉ iarmhairtí suntasacha cliniciúla a chruthú d’othair, agus gur cheart tabhairt faoi ghníomhartha breise réitigh dá bharr leis na costais seo a laghdú.

Cóireáil Neamhiomlán i Suíomhanna RÉ: Is ionann cóireáil neamhiomlán agus buairt sábháilteachta othar agus neamhéifeachtúlacht i dtaobh seirbhísí rannóg éigeandála a sholáthar. I dtaobh sprioc shocraithe FSS - < 6.5% - sainaithnítear difríochtaí substainteacha i bhfeidhmíocht ospidéil, agus idir cóireáil neamhiomlán a bheith faighte ag 16.7% d’othair in Ospidéal San Séamas agus 1.3% d’othair in Ospidéal Lúcáis, Cill Chainnigh, a bhí an fheidhmíocht.

An tAonad Measúnaithe Géarmhíochaine (an AMAU) a Úsáid: Tugtar faoi deara go mb’fhéidir go mbaintear tearcúsáid as AMAUanna ar fud an chórais ghéarchúraim, agus tá rátaí scaoilte ón AMAU atá faoi bhun spriocleibhéal FSS i 19 as 29 ospidéal. Léirítear sa litríocht go laghdaíonn úsáid éifeachtach a bhaint as AMAUanna an meánfhad fanachta (ALOS) san ospidéal, go laghdaíonn sé tréimhsí feithimh sa RÉ chun leaba a fháil, go bhfeabhsaíonn sé an ráta de chóireáil chuí, agus go laghdaíonn sé básmhaireacht san ospidéal de bharr an uile chúise. Teastaíonn taighde breise le hidirghabháil fhéideartha a dheimhniú chun úsáid an AMAU a mhéadú, agus lena dheimhniú cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí spriocanna reatha a chuíchóiriú chun difríochtaí a chur san áireamh i saintréithe othair agus ospidéil, cosúil le castacht othair.

Iontráil Roghnach ar Lá na Máinliachta: Tugtar cuntas i dtreoirlínte maidir le Samhail Chúraim FSS ar thairbhí iomadúla a chruthaíonn othair nuair a thagann siad i láthair san ospidéal ar lá na máinliachta. Is éagsúil do chomhlíonadh i measc ospidéal maidir leis an méadracht seo, agus bhain 22 as 30 ospidéal rátaí iontrála máinliachta os cionn 70% amach (i gcomparáid le sprioc náisiúnta FSS 80%). Sainaithnítear roinnt ospidéal mar ospidéil nár bhain an fheidhmíocht amach maidir leis an méadracht seo, agus baineadh ráta iontrála ar lá na máinliachta 16.5% amach in Ospidéal San Séamas. Teastaíonn anailís bhreise, ar an ábhar sin, lena fhiosrú cibé acu an féidir nó nach féidir feabhsúcháin a dhéanamh do ghrúpa ar leith ospidéal maidir leis an méadracht seo.

Aistriú Cúraim a bhfuil Moill air: Imríonn Aistrithe Cúraim a bhfuil Moill orthu tionchar ábhartha ar leibhéil úsáide leapacha, agus bhí 7% de na laethanta leapa go léir inchurtha i leith othar a bhí oiriúnach do scaoileadh. Leag FSS sprioc amach d’Aistrithe Cúraim a bhfuil Moill orthu a rinne difear do 200,000 scaoileadh in 2019, ar tháinig laghdú anuas go dtí 175,000 orthu in 2021. In 2019, bhí 240,000 leaba, ar an iomlán, faoi réir aistriú cúraim a bhfuil moill air, agus tháinig laghdú anuas go dtí 141,666 air seo in 2021. Sainaithnítear éagsúlacht shubstainteach ar leibhéal réigiúnach agus ospidéil freisin in aistriú cúraim a bhfuil moill air, agus bhí 10% de leapacha a úsáideadh i réigiún teorann Bhaile Átha Cliath Thuaidh (RHA A) inchurtha i leith othar a bhí ag feitheamh le scaoileadh i gcomparáid le díreach 4% i gConnachta / Dún na nGall (RHA F).

Sábháilteacht Othar: Cruthaíonn ionfhabhtuithe faighte san ospidéal (HAIanna) agus teagmhais chógais costais d’ospidéil agus d’othair araon. Tá leitheadúlacht HAIanna leata i measc na n-ospidéal go léir, cé go bhfuil an chuma air go mbíonn ráta níos airde d’ionfhabhtú i dtaobh ionfhabhtuithe Staph ann i measc ospidéal ina mbíonn castacht níos mó iontu, ach níl aon cheangal soiléir ann i leith ionfhabhtuithe C. difficile. D’fhéadfadh díriú níos fearr ar scaipeadh C. difficile, CPE, agus S. aureus a mhaolú a bheith ina straitéis chost-éifeachtúil chun feabhas a chur ar fheidhmíocht ospidéil, cé go dteastódh taighde breise lena dheimhniú cén laghduithe ar HAIanna is féidir a bhaint amach atá i ngach samhail ospidéil nó RHA.

Moltaí

Athbhreithniú ar chóras bainistíochta feidhmíochta gníomhaí Géarchúraim FSS: Tugtar neamhchomhlíonadh phríomhtháscairí feidhmíochta sonraithe FSS faoi deara i measc go leor ospidéal i rith na mblianta uile a scrúdaíodh. Mar gheall nár baineadh an spriocfheidhmíocht amach i rith na mblianta, agus nach féidir roinnt PTFanna i measc ospidéal a chur i gcomparáid lena chéile, tá amhras ar éifeachtúlacht an chórais reatha i dtaobh bainistíocht feidhmíochta agus idirghabháil ghníomhach beartais a chur chun cinn. Spreagfadh na húdair athbhreithniú ar an liosta reatha de tháscairí feidhmíochta géarchúraim FSS, a sholáthraíonn liosta gonta PTFanna agus spriocanna ar féidir monatóireacht agus bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar fheidhmíocht ospidéil ina n-aghaidh.

An méid a foghlaimíodh agus limistéir a shainaithint do bhainistíocht ghníomhach feidhmíochta: Sainaithnítear sa pháipéar seo ospidéil agus réigiúin ina bhfuil na leibhéil chomhlíonta is airde agus is ísle do gach PTF a scrúdaíodh. Cé go mbaineann roinnt tosca leis na rudaí a chuireann feidhmíocht chun cinn i leith na méadrachta seo, d’fhéadfadh feidhmíocht i measc gach PTF, mar sin féin, cur chuige níos córasaí a chumasú i leith feabhsúcháin ar an soláthar géarchúraim a shainaithint. Áirítear leis na limistéir a bhfuil scrúdú breise le déanamh orthu tréimhsí feithimh fada sa RÉ, ardrátaí cóireála neamhiomláine, tearcúsáid a bhaint as AMAUanna agus na rátaí ionfhabhtuithe faighte i gcúram sláinte i roinnt ospidéal.

Idirghabháil réitigh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht ospidéil: Ba cheart tabhairt faoi idirghabháil dhírithe chun feidhmíocht ospidéil a fheabhsú maidir le PTFanna ainmnithe, cosúil leis na limistéir a dtugtar cuntas orthu thuas, sa chás gur cuí. Is féidir na tairbhí a bhaineann le feidhmíocht fheabhsaithe ar PTFanna ainmnithe a chainníochtú i bhformhór na gcásanna agus ba cheart go gcuirfí é seo san áireamh sa leibhéal d’infheistíocht fhéideartha atá le déanamh agus ba cheart go mbeadh na costais comhionann le nó níos ísle ná na tairbhí féideartha dá bharr.

Spending Review 2022: Hospital Performance - An Analysis of HSE Key Performance Indicators
Amharc amharc