Fáiltíonn an tAire Stáit um Míchumas roimh vacsaínithe d’oibrithe seirbhíse míchumais túslíne
- Foilsithe: 8 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Anne Rabbitte TD, inniu roimh rolladh amach vacsaínithe d’oibrithe seirbhíse míchumais túslíne:
"Tá an-áthas orm a dhearbhú go bhfuil foireann na seirbhíse míchumais san áireamh i bpleananna vacsaínithe d’oibrithe cúraim sláinte túslíne sna seachtainí amach romhainn. Tá a fhios agam gur ábhar mór imní é seo d’oibrithe seirbhíse míchumais túslíne agus dá bhfostóirí. Lean seirbhísí míchumais ag feidhmiú le linn srianta Leibhéal 5, ag soláthar tacaíochtaí ríthábhachtacha d’úsáideoirí seirbhíse agus dá dteaghlaigh le linn na tréimhse deacra seo. Tá ról ríthábhachtach acu agus d’oibrigh mé go crua le hionadaithe earnála lena chinntiú go dtabharfaí tosaíocht d’oibrithe cúraim sláinte túslíne i seirbhísí míchumais de réir mar a bheidh an vacsaín ar fáil, agus fáiltím roimh an soiléireacht maidir leis seo inniu ón Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil FSS.
"Beidh clárú le haghaidh vacsaínithe ar fáil ar líne ón lá amárach, Dé Máirt 9 Feabhra ar aghaidh. Tá sé ríthábhachtach go gcláróidh gach ball foirne a luaithe is féidir lena chinntiú gur féidir dul ar aghaidh le sceidealú coinní vacsaínithe do chúram sláinte túslíne níos ginearálta."
Lean an tAire Rabbitte air:
"Tá faisnéis mhionsonraithe á scaipeadh go forleathan ar fud na seirbhísí cúraim sláinte agus is féidir faisnéis a fháil freisin ag HSE.ie/covid19vaccine. Is eol dom freisin go mbeidh Oibríochtaí Míchumais FSS ag tabhairt faisnéise do Scátheagraíochtaí Míchumais inniu mar chuid de na socruithe Náisiúnta Comhordaithe."
CRÍOCH