English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh fhoilsiú athbhreithniú fianaise HRB maidir le tithíocht tacaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, fáilte roimh fhoilsiú athbhreithniú fianaise HRB: Tithíocht le tacaíocht do dhaoine aosta: taithí agus tionchar.

Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte an tuarascáil seo chun bonn eolais a chur faoina cuid oibre comhoibritheach leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun creat beartais a fhorbairt maidir le tithíocht do dhaoine aosta, ionas go mbeidh raon níos leithne roghanna cóiríochta ar fáil dóibh.

Dúirt an tAire Butler:

"Táimid go léir ag iarraidh an deis saol iomlán bríomhar a chaitheamh ar a gcomhairle féin. Príomhphrionsabal atá mar bhonn agus taca le beartas an Rialtais is ea tacú le daoine aosta maireachtáil go neamhspleách ina dtithe agus ina bpobail féin.

"Cuirfidh torthaí an athbhreithnithe fianaise seo a foilsíodh inniu le hobair an Rialtais sa réimse seo sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Trí thuiscint a fháil ar dhearcaí na ndaoine aosta féin, is féidir linn a gcuid roghanna a léiriú i mbeartais amach anseo - cuidiú le samhlacha tithíochta a mhúnlú a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.

"Caithfidh rogha a bheith ag daoine aosta maidir le tithíochta. Ba cheart go mbeadh cead cainte maidir le conas agus cá háit a roghnaíonn daoine maireachtáil i gcroílár aon bheartais tithíochta do dhaoine aosta."


Nótaí

An 27 Feabhra 2019, seoladh an Comhráiteas Beartais “Roghanna Tithíochta dár nDaonra Aosaithe”. Aithníonn sé clár de 40 gníomh straitéiseach chun roghanna tithíochta do dhaoine aosta a chur chun cinn tuilleadh faoi na téamaí bailiú sonraí, comhoibriú, rogha a sheachadadh, seirbhísí tacaíochta, compord agus sábháilteacht agus móiminteam a choinneáil.

Ceann de ghníomhartha straitéiseacha an ráitis ba ea tabhairt faoi thionscadal taighde chun scrúdú a dhéanamh ar dhálaí tithíochta agus ar dhearcaí líonta tí comhdhéanta d’úinéirí tí 55+.